D’fhógair Cois Life, an comhlacht foilsitheoireachta atá ar an fhód ó bhí 1995 ann, ar na mallaibh go mbeidh siad ag druidim ag deireadh 2019. I ráiteas fada thug stiúrthóirí Chois Life le fios gur “mór an phribhléid do stiúrthóirí agus d’fhoireann COIS LIFE an ról lárnach a bhí againn le cúig bliana fichead nach mór i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge”.

Gan amhras is scéal brónach amach is amach é. Tá sé i ndiaidh tréan díospóireachta a spreagadh: plé ar Raidió Fáilte agus RnaG, píosaí tuairimíochta ar Tuairisc.ie agus go leor eile. Ba é an ráiteas a d’eisigh Cois Life ba chúis le bunús na cainte, iad ag cur in iúl gur léir dóibh roinnt mórfhadhbanna, ina measc “go bhfuil an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach agus nach bhfuil téarnamh i ndán di”.

Ach bhí mana amháin – mana marfach ár linne, mar a thugaim air – a sheas amach agus mé ag léamh an ráitis nuachta acu: “…de réir chúinsí an mhargaidh”. Is fiú a shoiléiriú ón tús nach ndéanann Cois Life an locht a chur ar “chúinsí an mhargaidh” as ucht a ndruidime. Níl fáth díreach tugtha ag stiúrthóirí an chomhlachta, cé gur dúradh in agallamh le TG4 gurbh é an dúshlán is mó a bhí os a gcomhair ná “margaí a aimsiú do shaothair liteartha”. Ach sin ráite, mar chuid den chomhrá atá tosaithe sílim gur fiú aird a dhíriú ar an fhrása “de réir chúinsí an mhargaidh” – nó is cúinsí iad sin a théann i bhfeidhm ar bheagnach gach gné den tsaol, a spréann amach mar a bheadh lí i leacht ann, méanfach i measc na manach, nimh san fhuil.

Cad is brí le “cúinsí an mhargaidh”, mar sin? Dar liom, is ionann é agus an brú fíochmhar leanúnach dosheachanta a chuirtear ar ghnólachtaí, idir bheag agus mhór, brabús a dhéanamh ar mhaithe le fanacht beo. Agus chan amháin gur gá dóibh brabús a dhéanamh le go mbeidh siad in ann maireachtáil, is minic gur gá dóibh níos mó brabúis ná an bhliain seo caite a dhéanamh. Níos mó brabúis ná na comhlachtaí eile atá i gcomórtas leo. Tá sampla amháin a úsáidim go minic chun an feiniméan sin a léiriú.

Cuir i gcás comhlacht mór fuinnimh, ar nós BP. Tá droch-cháil ar BP de dheasca feallanna daonna agus feallanna timpeallachta ar fud na cruinne, ó oighear an Artaigh go farraigí an Deepwater Horizon. Ach samhlaigh nár úsáid BP modhanna contúirteacha níos mó chun an breosla a bhí uathu a bhaint ó dhromchla an domhain. Cuir i gcás go raibh an cur chuige is sábháilte, is glaise ó thaobh an dúlra de, ag BP. Dá mb’fhíor sin, b’fhíor fosta go mbeadh an cur chuige is costasaí acu chomh maith. Bheadh ar BP íoc as an trealamh agus teicneolaíocht is nua-aimseartha. Bheadh orthu a gcuid ama a ghlacadh agus seiceáil sábháilteachta i ndiaidh seiceáil sábháilteachta a chur i bhfeidhm. Bheadh orthu breis daoine a fhostú leis an phróiseas nua a láimhseáil. Ar an drochuair, tógann sabháilteacht am, agus cosnaíonn am airgead.

Ach anois, cad é faoi lucht comórtais BP? Leithéidí Shell agus Exxon Mobil, mar shampla. An dtabharfaidh siadsan faoin chur chuige nua neamhdhíobhálach sin? Seans in ifreann! Beidh na cultacha cumhachtacha sna seomraí boird acu ag gáire leo – agus a fhios acu go mbeidh an lámh in uachtar acu anois agus BP ag cailleadh airgid níos gaiste ná díoltóir lilithe na Cásca ag comhdháil de chuid an DUP.

Mar sin de, níl an dara rogha ag BP ach a gcuid costas a choinneáil íseal, modhanna contúirteacha a úsáid, truailliú a dhéanamh agus an domhan a chur i mbaol. Nó muna ndéanann siad é sin, faoin chóras chaipitleach againn, déanfaidh na comhlachtaí eile é, agus ní fada go mbeidh BP ite suas ag an fhreasúra thart orthu. Is é báire na fola é, mar a dúirt an té a dúirt.

Sin iad “cúinsí an mhargaidh”, cúinsí uileghabhálacha uilechumhachtacha a bhfuil greim acu ar gach gné den tsochaí. Agus mothaíonn comhlachtaí beaga sin, comhlachtaí beaga atá ag feidhmiú trí mheán mionteanga go háirithe. Caithfidh comhlacht foilsitheoireachta cosúil le Cois Life dul i ngleic le Amazon, ar féidir leo leabhar a chur trasna na hEorpa taobh istigh de lá nó dhó ar chostas Freddo. Caithfidh siad infheistíocht a dhéanamh, ar bheagán acmhainní, i nuatheicneolaíocht an idirlín agus i modhanna nua margaíochta. Agus an t-am ar fad, tá orthu léitheoirí a mhealladh ar shiúl ó shraithchláir Netflix agus ó chluichí ríomhaire (a bhfuil ollinnill mhargaíochta ag obair ar a son i rith an ama), rudaí a mbeadh sé ní b’fhusa tabhairt fúthu i ndiaidh lá fáda oibre ná leabhar 300 leathanach, b’fhéidir. Sin sampla den mhargadh i mbun oibre, agus fiú le tacaíocht stáit agus spiorad dochloíte na nGael, cuirfidh sé dúshláin mhóra sa bhealach orainn.

Ní féidir éalú ó ladar an mhargaidh. Téann sé i bhfeidhm ar gach uile rud, ó tháirgeadh fuinnimh go cúrsaí ollscoile go leabhair Ghaeilge. Fiú amháin tá gá againn le dul i gcomórtas lena chéile chun muid féin a chothú. Tá post de dhíth orainn lenár lámha a fháil ar bhia, éadach agus dídean, agus tá orainn dul in adharca a chéile leis na poist sin a fháil .i. tá muid spleách ar an mhargadh.

Mar sin féin, dar liom nach bhfuil na deacrachtaí uilig atá luaite agam thuas dosháraithe. Tagann tionscadail chun tosaigh – agus bí geall go bhfuil roinnt díobh ann i rith an ama – a n-éiríonn leo spás a chruthú dóibh féin, a sheasann an fód go hinspioráideach in éadán chúinsí an mhargaidh, agus a chuireann an caipitleachas ina thost – ar feadh tamaill. Iad siúd a leanann spiorad “Ná hAbair É, Déan É” a ritheann liom anseo go háirithe.

Ach ní ar nós cuma liom a thugaim mana marfach ár linne ar “de réir chúinsí an mhargaidh”. A fhad is a mhaireann cúinsí an mhargaidh – sochaí atá bunaithe ar an chomórtas – luath nó mall beidh na tograí s’againn ar fad suaite isteach i bhfithis dhíobhálach an mhargaidh sin. Agus ní mór dúinn an tuigbheáil sin a bheith againn is muid i mbun díospóireachta, cibé cé acu Cois Life, an Ghaeilge nó an saol mór atá faoi chaibidil againn.

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm