Tá an chéad chuid den alt seo le Brighid Mhic Seáin le léamh anseo.

Imirce na bPreispitéireach go Meiriceá
Ag tús an ochtú haoise déag, ní raibh na Preispitéirigh a bhí lonnaithe i gCúige Uladh ann ach suas le céad bliain. Cén fáth, mar sin, go bhfeictear an oiread acu ag imeacht arís agus turas fada farraige go Meiriceá á thabhairt orthu féin?

Nuair a luaitear imirce i stair na hÉireann, is túisce a chuimhnítear ar an imirce go dtí na Stáit Aontaithe sa dara leath den naoú haois déag, imirce a raibh an Gorta Mór mar chúis léi. Ach ón seachtú haois déag agus a fhad leis an naoú haois déag féin, bhí imirce go Meiriceá ar siúl, agus cé gur beag í i gcomparáid leis na sluaite a theith ó bhás den ghorta, bhí sí an-mhór de réir líon an phobail sna ceantair inar tharla sí. Ba i dtuaisceart na tíre a tharla an chuid ba mhó den imirce seo, agus ba Phreispitéirigh iad na himircigh den mhórchuid, go háirithe sa cheantar i ngleann na Banna, ó thuaidh de Gharbhachadh agus de Chill Ria, is é sin paróistí Achadh Dubhthaigh, Mhaigh Choscáin, Chill Ria, Dún-mBó agus Baile an Mhuilinn. [18] Glactar go forleathan leis an bhliain 1718 mar thús ar imirce leanúnach ag Preispitéirigh Uladh. Idir 1718 agus 1720, mar shampla, chuaigh tuairim is 40 long i dtír i mBostún le breis is dhá mhíle de phaisinéirí orthu ó thuaisceart na hÉireann; ba Phreispitéirigh iad formhór acu. [19] I Meitheamh 1784, mhaígh an Belfast Mercury gur thriail tuairim is 45 mhíle duine go Meiriceá ón tír seo idir 1769 agus 1774.

Roimh 1718 féin, ba nós é ag roinnt áirithe de na hUltaigh tarraingt ar Mheiriceá ó am go chéile mar gheall ar ábhar gearáin éigin; meastar go raibh Ultaigh le fáil i leathchuid ar a laghad de choilíneachtaí Mheiriceá, rud a spreagfadh daoine sa bhaile a ngaolta agus a gcomharsana a leanúint. Chomh fada siar le 1636 bhí corrchomhartha den mheon imeachta le sonrú i measc Phreispitéirigh Chúige Uladh: sa bhliain sin, sheol an long Eagle Wing ó Loch Lao le breis is céad de Phreispitéirigh ón Dún ar bord faoi cheannas a gcuid ministir. B’éigean don long pilleadh mar gheall ar dhrochaimsir. In 1684, bheartaigh Preispitéirigh an Lagáin i nDún na nGall ar a macasamhail de scéim ach theip orthu í a chur i ngníomh. [20]

Cúiseanna le himeacht na bPreispitéireach
Bhí cúiseanna éagsúla leis an imirce. I litir in 1729 thug Ezekiel Stewart, ministir den Eaglais Bhunaithe, a bharúil faoin cheist: cheap sé gur mealladh cuid de na daoine le tuairiscí faoi na tuarastail arda a bhí le fáil i Meiriceá agus gur chreid cuid eile go gcaithfí níos fearr lena gclanna i Meiriceá nuair nach mbeadh i ndán dóibh in Éirinn, dar leo, ach an sclábhaíocht. Bhí ministrí Preispitéireacha ciontach sa mhealladh seo, mhaígh Stewart, mar gur chleacht siad:

bellowing from their pulpits against the landlords and the clergy [cléir na hEaglaise Bhunaithe atá i gceist aige], calling them rackers of rents and servers of tithes … telling them that God had appointed a country for them to dwell in (naming New England) and desires them to depart thence, where they will be freed from the bondage of Egypt and go to the land of Canaan. [21]

Meascán de thosca eacnamaíochta, polaitíochta agus creidimh a léirítear sa chuntas beoga seo. Cheap Stewart fosta go raibh lámh ag na mná sa ghnó nó gur mheall siad a gcuid fear le himeacht i ndiaidh dóibh féin scéalta draíochta a chluinstint ó na captaein loinge! Cibé faoi na mná, b’fhiú dó na tiarnaí talún a lua: ag croí na faidhbe bhí an bhearna idir iad agus na tionóntaí. Ní raibh cónaí ar chuid mhaith acu in Éirinn, mar sin chuaigh na cíosanna a d’íoc na tionóntaí amach as an tír, suim mhór airgid. [22] Is beag spéis a bhí ag formhór acu i bhfeabhsú na talún (cé go raibh eisceachtaí ann); cíocras chun airgid an phríomhbhuairt orthu. Nuair a tharla drochshéasúir, mar a tharla sna 1720idí, ardaíodh luach an bhia agus ba dheacair ag na tionóntaí na cíosanna a íoc. Chomh maith, nuair a théadh na léasanna in éag agus go gcaithfí iad a athnuachan, d’fhéadfadh an tiarna talún iad a dhíol le luach ní b’fhearr a fháil. Timpeall 1770 tharla agóidí nuair a dhíol Iarla Dhún na nGall (ar leis Béal Feirste agus tailte fairsingeacha máguaird i gContae Aontroma, suas le 90,000 acra) cuid de na léasanna le baill de lucht gnó Bhéal Feirste, a cheannaigh iad mar amhantraíocht. Spreag sé seo ruathar ar an bhaile i mí na Nollag 1770. Dódh teach Waddell Cunningham, duine de na hamhantraithe, a raibh teach mór aige san áit a dteagmhaíonn Sráid Bank le Sráid Hercules (Royal Avenue anois). [23] Mar an gcéanna, sa cheantar timpeall Chúil Raithin, cuireadh fonn imeachta ar thionóntaí mar gheall ar ardú ar chíosanna úra ag ceann de na comhlachtaí London. [24]

Ábhar gearáin eile ba iad na deachúna a bhí le híoc ag tionóntaí leis an Eaglais Bhunaithe (Eaglais na hÉireann anois) – féach tagairt Stewart do na ‘servers of tithes’. Ní go dtí 1871 a díbhunaíodh an Eaglais Anglacánach. In 1736 scríobhann Alexander Crawford, tionónta i nDún na nGall, chuig an tiarna talún in Albain ag gearán faoin ghanntanas aráin agus go bhfuil galar ar a chuid eallaigh. Le cíosanna agus deachúna le híoc, is leor d’ualach é. Féach an nóta ina ndeir sé, “to cause the most part of the country to go to America … we are as bound slaves to bishop and minister”. [25] Ar theacht ann dóibh mar chuid den Phlandáil, cheap na Preispitéirigh – a raibh géarleanúint orthu in Albain ag an am – go gcaithfí ní b’fhearr leo in Éirinn, ach baineadh mealladh astu nuair a fuarthas córas ina raibh an t-údarás agus an mhaoin ag a sean-naimhde, easpaig Eaglais Bhunaithe Shasana. B’olc leo, go háirithe, cumhacht na n-easpag Protastúnach a bhíodh go minic ní ba dhíograisí faoina maoin shaolta ná faoina ndualgaisí eaglasta a dhéanamh.

Thomas óg Shipboy i Meiriceá
Ón uair a thosaigh an imirce bhí leanúnachas ann: daoine ar éirigh leo i Meiriceá, bhrostaigh siad gaolta agus cairde lena leanúint agus maidir leo siúd ag beartú imirce, ba mhór an t-ábhar misnigh dóibh a fhios a bheith acu go mbeadh gaolta agus cairde rompu thall. Sin mar a bhí le Thomas óg Shipboy a chuaigh go Meiriceá in 1774. I litir chuig a dheartháir, Robert, i gCúil Raithin, ag deireadh na bliana sin, deir sé go bhfuil sé ina chónaí lena chol ceathrar, Thomas eile, in Albany, duine a bhfuil dóigh mhaith air, dar leis (is dócha gurbh é seo mac John; féach thuas). Bhí an Thomas seo i Meiriceá le fiche bliain; in 1765 phós sé baintreach Ollannach, Annatie Van Vechten. [26] Ba in Albany a lonnaigh coilínigh Ollannacha go luath sa seachtú haois déag, an chéad lonnaíocht Eorpach, is cosúil, i Stát Nua-Eabhrac. Thóg siad Fort Nassau in 1614 le dul i mbun trádála leis na treibheanna dúchasacha agus bhunaigh baile ar thug siad Beverwijck air. Athraíodh an t-ainm sin go Albany, a thagann ó Alba (Albain), nuair a ghabh na Sasanaigh é in 1664, ach d’ainneoin seilbh bheith acu air, mhair Albany mar chathair Ollannach go bunúsach go dtí tús na Réabhlóide in 1775. Ba Ollannaigh iad na huaisle, na feidhmeannaigh phoiblí agus lucht gnó agus rachmais; ba í an Ollainnis príomhtheanga na cathrach agus bhí doicheall roimh choimhthígh inti. Sin mar a chonaic Thomas óg Shipboy an scéal in 1774: “them that comes here to make a fortune now must allow themselves to be slaves to the Dutch which is too hard for any young man of spirit to do.” [27]

Níorbh é naimhdeas Ollannach an t-aon chonstaic amháin ag a mhacasamhail: bhí rún ag Thomas óg dul le mangaireacht – “travelling with goods” a thugann sé féin air – ach faoin am sin bhí Cogadh na Réabhlóide ar tí tosú; an bhliain roimhe tharla an agóid cháiliúil i mBostún i gcoinne cánacha nuair a caitheadh lasta tae isteach sa chuan. D’fhreagair parlaimint na Breataine dúshlán na gcoilíneach le hachtanna pionósacha agus dhruid port Bhostúin. Ba i ngar do Bhostún in 1775 a thosaigh an cogadh. Is do na cúrsaí sin a thagraíonn Thomas óg ina litir: “There is no goods to be imported from England or Ireland … nor otherwise exported from this kingdom to any of these parts until they open the docks of Boston that they have blockt up.” Ba mhaith leis go mbeadh cogadh ann, deir sé, ag súil, b’fhéidir, go mbeadh obair ar fáil mar cheannaí lóin d’Arm na Breataine in aimsir chogaidh. Ag deireadh thall, léiríonn Thomas óg Shipboy díomá lena thír úr agus mura mbíonn biseach ar chúrsaí, deir sé, tá rún aige “to try some other part of the world”. Is féidir go ndearna sé sin nó ní chluintear a thuilleadh uaidh. D’fhan a chol ceathrar, Thomas, agus a bhean, Annatie Van Vechtan, in Albany agus bhí rath orthu, is cosúil. Phós a n-iníon, Rosanna Shipboy, Sebastian Visscher, de theaghlach a chuaigh chun cinn i saol na polaitíochta. [28] Shipboy eile, John, deartháir de chuid Thomas, faightear a shliocht ar liostaí daonáirimh 1800 go 1840 ach iad anois sna contaetha Otsego, Herkimer agus Chautauqa. [29]

Na Gaeil
Arís, cad faoi na Gaeil a raibh ní ba mhó le fulaingt acu ná na Preispitéirigh? Is fíor gur imigh corrdhuine acu roimh an Ghorta Mór féin, ach go dtí sin is cosúil nár chuir formhór acu suim i Meiriceá. Ní dócha go mbeadh luach an aistir ag mórán acu cibé ar bith, ach mar a bhí le Colm Cháit Anna sa scéal ‘Tnúthán an Dúchais’ (Máirtín Ó Cadhain), is féidir nach raibh ‘bara na himirce’ iontu, go raibh an ceangal le fód an dúchais róthréan. Ag tagairt dó don imirce sna 1770idí, deir Arthur Young, “the Catholics never went; they seem not only tied to the county but almost to the parish in which their ancestors lived”. [30] Faoin ochtú haois déag bhí na Gaeil traochta i ndiaidh tubaistí na haoise roimhe; threascair na plandálacha an gréasán dúchasach sóisialta agus níor fágadh de threoir ná de threoraithe acu ach an Caitliceachas agus an chléir. D’ainneoin sin uilig, bhí Gaeil ann a rinne an turas fada san ochtú haois déag. Tá tagairtí i leabhrán a d’fhoilsigh The American-Irish Historical Society in 1903 do shloinnte Gaelacha in Albany, amhail MacManus agus Lynch – cuid acu chomh luath leis an seachtú haois déag – ach iad beagnach do-aitheanta i leaganacha Ollannacha mar ‘Meemanus’ agus ‘Lentz.’ Agus ar liosta de shaorshealbhóirí Albany in 1720 tá na hainmneacha William Hogan, Daniell Kelley agus John Collins. [31] Breis is caoga bliain ní ba mhoille, tá ainmneacha mar Gilmore, Riley, Sullivan agus MacManus ar liosta díobh sin a throid ar thaobh na Réabhlóide [ibid.29]. In 1786 nuair a tugadh aitheantas oifigiúil do Albany mar chathair, ba é ainm an ghobharnóra, Éireannach a raibh Thomas Dongan air, a tugadh ar an chairt chathrach: Cairt Dongan. [32]

Deireadh
Is féidir nach bhfuil an tsloinne Shipboy ar fáil anois i dtuaisceart na hÉireann ach amháin ar uaigh i reilig ag Cnoc Bréadach (agus ar uaigh bheirt leanaí i gCúil Raithin), agus mar chuid d’ainm Robert McAdam. Is i Meiriceá anois atá a scéal ar fáil.

Nótaí
Buíochas: cuid den eolas ar mhuintir Shipboy anseo, tá sé bunaithe ar nótaí a rinne Séamas Mac Diarmada (nach maireann); buíochas dá bhean, Margaret, a sholáthair dom iad.

1 R.S.J. Clarke (eag.), Gravestone Inscriptions, iml.2, Co. an Dúin [1988], 160
2  H. Mullin & J.E. Mullan, The Ulster Clans, [1966], 27
3  Deir Seathrún Céitinn, “I dTulaigh Óg do ghairtí Ó Néill; agus Ó Catháin agus Ó hÁgáin do ghaireadh é”. de Barra,(eag.), Foras Feasa ar Éirinn, iml.2 [1983], 6. Bhris Mountjoy an chathaoir oirnithe ag Tulach Óg in 1602 nuair a thaistil sé ó thuaidh, féach Hayes-McCoy, Ulster and other Irish maps [1964], 8-10
4 Mullin & Mullan, 91; féach fosta Brendan Bradshaw ar na huafáis a rinne lucht Elizabeth sa séú haois déag I.H,S., xxvi, uimh.104, [Samhain, 1989], 338-9
5 Mullin & Mullan, 96
6 ibid. 97; fosta Foras Feasa ar Éirinn, 37; is féidir gur éalaigh an mac nó tá tagairt ag Séamus Ó Ceallaigh do ‘Domhnall Ó Catháin (Domhnall Geimhleach)’, a chuaigh chun na Spáinne ach d’fhill ar Éirinn in 1642 [Ó Ceallaigh, Gleanings from Ulster History [1951; 1994], 59,n
7 S. Ó Ceallaigh, Gleanings from Ulster History, 63
8 ibid., Réamhradh, xxxi
9 Seán de Fréine (eag.), Croí Cine [1990], 149
10 Stiofán Ó Cadhla, Civilizing Ireland [2007],128
11 ibid.126
12 Fiachra Mac Gabhann, Placenames of Northern Ireland, iml.7, [1997], 185
13 Dialann James McAdam, 5 Meitheamh, 1846: PRONI D2930/7/4-7.
14 BNL 4 Bealtaine, 1773, lth.3
15 PRONI: D530/16
16 ibid., D530/3
17 ibid., D530/5
18 Desmond McCourt, ‘County Derry & New England: The Scotch-Irish Migration of 1718’ in Gerard O’Brien, (eag.), Derry & Londonderry – History & Society [1999], 305
19 Kerby A. Miller et al.,(eag.), Irish Immigrants in the Land of Canaan, 1675-1815 [2003],128
20 Desmond McCourt, féach nóta 18, 304-5
21 Ward Papers (Castleward): PRONI D2092/1/3, lth.141; féach fosta Kerby A. Miller, nóta 19, lth.2
22 J.C. Beckett, The Making of Modern Ireland 1603-1923 [1966], 171
23 George Benn, A History of the Town of Belfast, iml.1 [céad eagrán 1877], 611-620
24 Desmond McCourt, 309; féach nóta 18
25 Kerby Miller, 26; féach nóta 19
26 ibid. 333
27 PRONI: D530/22/3
28 Kerby A. Miller (féach nóta 19), 336-6
29 ibid. 335-6
30 Desmond McCourt, 305 (féach nóta 18)
31 Franklin M. Danaher, Early Irish in Old Albany, N.Y. [1903]
32 Edward McLysaght, The Surnames of Ireland [1969], 74

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm