Ceaptar gur fhág suas le ceathrú milliúin duine an tír seo le dul go Meiriceá san ochtú haois déag. Ba bheag an uimhir sin i gcomórtas leis na milliúin a theithfeadh ón ocras agus ón ghalar sa naoú haois déag, ach bhí sé an-mhór de réir líon an phobail sna ceantair ba mhó imirce. Ba Phreispitéirigh formhór acu, iad i gCúige Uladh ón seachtú haois déag, coilínigh a tháinig ann mar chuid de Phlandáil Uladh agus de Phlandáil Cromwell. Cad chuige an t-imeacht mór seo ag daoine nach raibh lonnaithe sa tír ach le roinnt bheag glún? Sa leabhar Irish Immigrants in the Land of Canaan, bunaítear an cuntas ar litreacha a scríobh imircigh agus iad i Meiriceá. Duine acu ab ea Thomas Shipboy agus is féidir an teaghlach amháin seo a fheiceáil mar eiseamláir den imirce áirithe seo. De réir cosúlachta, níl an tsloinne Shipboy ar marthain fós ach ba den teaghlach seo máthair Robert Shipboy McAdam (Jane Shipboy).

Shipboy agus McAdam
Mar sin, tá an tsloinne le feiceáil sa reilig ag Cnoc Bréadach (Knockbreda), Béal Feirste. Is seanreilig í ina bhfuil cuid mhór de mhaithe Bhéal Feirste den ochtú agus den naoú haois déag curtha. Anseo atá an t-ailtire Charles Lanyon (a dhear cuid de na foirgnimh a b’fhearr sa chathair). Tá an trádálaí agus giúistís Waddell Cunningham (ar thug Wolfe Tone “a lying old scoundrel” air) ann. Anseo fosta tá Robert agus Margaretta Wallace agus an ceannaí crua-earraí John Riddel, dhá theaghlach a raibh cónaí orthu i dtréimhsí éagsúla i dteach Ard na bhFeá, áit a bhfuil Coláiste Feirste anois. I gcuid eile den reilig tá uaigh Anne agus Sophia Neilson, bean chéile agus iníon Samuel Neilson, fear gnó, comhbhunaitheoir na nÉireannach Aontaithe agus eagarthóir an Northern Star. San uaigh chéanna sin tá fear céile Sophia, John McAdam, uncail James agus Robert Shipboy McAdam. In uaigh eile sa reilig atá faoin ainm ‘Shipboy’ tá James agus Robert féin curtha, lena seanmháthair, Elizabeth Shipboy (née Dodd) agus a dtuismitheoirí, James McAdam agus Jane McAdam (née Shipboy). [1] Beirt deartháir agus fir gnó ba iad James agus Robert Shipboy McAdam a raibh teilgcheárta acu i Sráid Townsend i mBéal Feirste, ach a raibh suim faoi leith acu beirt sa léann, James sa gheolaíocht agus Robert i dteangacha, i stair agus i gcultúr dúchais na hÉireann. Ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste inniu tá aithne ar Robert mar gheall ar a shuim sa Ghaeilge agus go háirithe mar gheall ar na lámhscríbhinní Gaeilge a bhailigh sé. Ba óna mháthair, Jane Shipboy, a thóg sé an t-ainm ‘Shipboy‘ agus go hiondúil is é ‘Robert Shipboy McAdam‘ a thugtar air.

Oireacht Uí Chatháin
Ar chósta thuaisceart Éireann i ngar do bhéal na Banna, i bparóiste Bhaile Eachrann, a bhí muintir Shipboy lonnaithe san ochtú haois déag. Roimh an Phlandáil bhí an ceantar ina bhfuil Baile Eachrann mar chuid d’Oireacht Uí Chatháin. Bhí taoisigh Uí Chatháin mar uirríthe ag na Niallaigh agus mar bhunchloch lena gcumhacht. Agus an Cogadh Naoi mBliana ar siúl, cogadh idir na taoisigh Ultacha Aodh Ó Néill agus Aodh Ó Dónaill, agus Sasana Túdarach, deir Ó Néill gur bheag a aird ar cad a bhí ar a aghaidh amach, a fhad is a bhí Ó Catháin agus a thír dhaingean ar a chúl amach. [2] Mar phríomhuirrí, ba Ó Catháin a chuirfeadh an tslat i láimh Uí Néill mar chuid dá oirniú ag Tulach Óg. [3] Ach nuair a briseadh ar na Gaeil ag Cionn tSáile in 1601, bhí faill ag Docwra, gobharnóir Dhoire, tír Uí Chatháin a ionsaí, rud a rinne sé gan trua gan taise: i ruathar amháin, deir sé, “[he] slew 100 of them, including three chief men of account … many kerne, the rest churls, women and children (for he spared none) … the country is brought to such famine by our raids that the misery of the poor is undescribable.” [4] Idir an dá linn, níor lig Domhnall Ballach Ó Catháin, an taoiseach ar Oireacht Uí Chatháin, an fhaill thairis le héalú ó údarás Uí Néill. Chuaigh sé i bpáirt leis na Sasanaigh agus chaill Ó Néill an bábhún a bhíodh ar a chúl amach. De réir an chonartha a shínigh Docwra, gobharnóir Dhoire, le Domhnall Ballach i mí Iúil 1602, gealladh go mbeadh a thír ag Ó Catháin le litreacha paitinne faoi bhanríon Shasana agus é féin agus a thír saor ó údarás Uí Néill. Ghéill Ó Catháin limistéar talaimh idir abhainn na Fochaine (Faughan) agus Loch Feabhail agus thug cabhair nár bheag do Docwra. Ní bhfuair Domhnall Ballach riamh na litreacha paitinne a gealladh dó mar chuid den chonradh, ach i mí Mheithimh 1607 rinneadh ridire de leis an teideal ‘Sir’! [5]

Nuair a bheartaigh Chichester an Phlandáil, bhí Oireacht Uí Chatháin róluachmhar le fágáil amach as an Phlandáil. Mar sin, ba chonstaic é Domhnall Ballach i mbealach na Plandála, constaic a chaithfí a chur as an bhealach. Chuige sin scaipeadh ráflaí a chuir ina leith go raibh comhcheilg á beartú aige. Nuair a thriail sé ar Bhaile Átha Cliath in 1609 lena ghearán a chur i láthair Chichester, rinneadh príosúnach de. D’ioc sé go daor as a mhuinín a chur sna Sasanaigh: chaith sé fiche bliain faoi ghlas sula bhfuair sé bás i dTúr Londan in 1628. Cuireadh a mhac ar Choláiste na Tríonóide lena thógáil ina Phrotastúnach agus ina Éireannach ‘dílis.’ [6] Ba í an chinniúint chéanna a bhí i ndán do Niall Garbh Ó Domhnaill, a shantaigh an ceannas a bhaint d’Aodh Rua Ó Domhnaill, ceannas a gheall na Sasanaigh dó mar chúiteamh ar an chuidiú fíorluachmhar a thug sé do lucht Docwra ag Doire. Ba í seo an laige thubaisteach ar na Gaeil, coimhlint faoin cheannas agus gan aon tuiscint acu ar leas na tíre nó ar a leas féin. Ní ba mhoille sa chéad sin, chuir file an scéal go gonta nuair a thug sé “an dream bocht silte nár chuir lena chéile” orthu.

Díbirt agus dímheas
Sa Phlandáil, cuireadh an fearann a raibh Oireacht Uí Chatháin air ar ceal agus Contae Chúil Raithin ina áit, a ndearnadh aonad ní ba mhó de in 1613 mar ‘the County of Londonderry’, nó faoin am sin bhí seilbh ag an London Company ar an fhearann a raibh Domhnall Ballach Ó Catháin mar an taoiseach deireanach air. Bhí deireadh le taoisigh Chúige Uladh agus cé go bhfuair daoine áirithe deontais talaimh i bPlandáil Uladh, chuir éirí amach 1641 agus plandáil Cromwell a lean é deireadh beagnach le seilbh ag Gaeil ar thalamh Ultach.

Mar sin, cad faoin ghnáthmhuintir, na gnáth-Ghaeil? Leis an Phlandáil, deir Ó Ceallaigh [7], tuirlingíonn oíche dhorcha ar Ghaeil Chúige Uladh; téann siad ó radharc orainn. Feall agus feillbhirt, creach agus cruatan is iad téamaí na bhfilí sa seachtú haois déag. Mar a bheadh maidhm shléibhe ann, treascraíodh agus réabadh pobal a bhíodh go dtí sin socair ar an fhearann céanna leis na cianta. Ní an nasc leis an talamh amháin a chaill an pobal seo ach, de réir a chéile, aithne orthu féin; rinneadh slad ar a n-ainmneacha agus ar ainmneacha a dtimpeallachta. Ciorraíodh iad. Tharla cosc ar oideachas a d’fhág pobal iomlán gan léamh nó scríobh, agus mar sin is furasta neamhaird a dhéanamh dá chás agus é a fhágáil gan ghuth. Níor imigh siad, ar ndóigh, mar Ghaeil, nó bhí feidhm leo i gcónaí ag na plandóirí mar thionóntaí agus sclábhaithe feirme.

Ba í an chuid a ba dhíobhálaí den scéal an tarcaisne a tugadh don phobal seo, dímheas a bhí le leanúint go dtí an lá inniu nuair is féidir le Séamus Ó Ceallaigh iontas a dhéanamh de “chomh breágh bog a’s a ghéillimid do’n dí-mheas a chaitheann Gaill ar ár mbéascna, ár litridheacht agus ár léigheann.” [8] Chuir Eoghan Rua Ó Súilleabháin an scéal go gonta:

Ní hí an ainnise is measa de, ná bheith thíos go deo,
ach an tarcaisne a leanann í ná leigheasfaidh na leoin
. [9]

D’éirigh leis an tarcaisne agus d’aithin an pobal dúchasach gurbh í an uirísle a bhí dlite dóibh; sa tSuirbhéireacht Ordanáis sa naoú haois déag luann scríbhneoir amháin na Caitlicigh mar sheirbhísigh mhaithe, “as they are more submissive than either Protestants or Presbyterians”. [10] I dtuairisc ar Bhaile Uí Scoillín, déanann scríbhneoir eile idirdhealú idir an dá chine, is é sin sliocht na nGael (“the aborigines of the country”) agus sliocht na gcoilíneach Albanach den tseachtú haois déag:

the difference between the two races is still very striking in almost every respect, the Irish being uncivilised, turbulent and riotous, poor in their circumstances, slovenly in their persons and habitations, and not very industrious; while the Scots are industrious and orderly, comfortable in their stations and remarkably neat in their habitations.” [11]

Muintir Shipboy
I súile an scríbhneora seo, bheadh muintir Shipboy mar chuid den “industrious and “orderly” pobal de ‘Scots’, a raibh difear suntasach idir iad agus na “uncivilised, turbulent and riotous” Irish. Feirmeoirí lonnaithe sa cheantar timpeall na Banna ar chósta thuaidh na hÉireann, i bparóiste Bhaile Eachrann, a bhí iontu. Is beag an méid eolais atá againn orthu: cén uair a tháinig siad ann, cárbh as dóibh roimhe sin nó fiú cad is ciall den ainm. Preispitéirigh a bhí iontu, rud a mheabhródh duit gur as Albain dóibh an chéaduair nó lonnaigh cuid mhaith Preispitéireach sa taobh sin tíre le linn na bplandálacha sa seachtú haois déag, ach níl fianaise ar bith eile ann go fóill leis sin féin a chruthú. Tá méid áirithe eolais le fáil, áfach, ó na cáipéisí a bhaineann le muintir Shipboy in PRONI [D530 & D544; is féidir gur ó Robert Shipboy McAdam a tháinig siad an chéaduair nó tá corrcheann a bhaineann leis ina measc]. Bhí feirm ag James Shipboy ag Dooeybegg (Deweybegg); Dumhaidh an bunainm, b’fhéidir. [12] Ag Kiltinny (Coill Teine?) bhí feirm ag John Shipboy agus ceann ag Thomas Shipboy ag Baile an Mhuilinn. Tá na háiteanna seo ó thuaidh de Chúil Raithin sa cheantar céanna. Deartháireacha ab ea James agus John; Thomas fosta, b’fhéidir. Cé nach bhfuil cáipéis ar bith níos luaithe ná 1755 nó níos moille ná 1798, is cosúil go raibh cuid éigin de mhuintir Shipboy sa cheantar ar an chósta thuaidh go fóill sa bhliain 1815 nó luann James McAdam ina dhialann gur chaith sé saoire scoile an bhliain sin le muintir a mháthar ag Muileann na Buaise (Bushmills). Luann sé Downhill. Bhí James ar scoil ag an am ar an ‘Moravian Academy’ ag Gracehill, i ngar don Bhaile Meánach. [13]

Muintir Shipboy: ó Chúil Raithin go Béal Feiste
Phós Robert Shipboy, mac James as Dumhaidh Beag, Elizabeth Dodd (atá curtha sa reilig ag Cnoc Bréadach). Is dócha go raibh sí as an cheantar céanna lena fear céile, is é sin paróiste Bhaile Eachrann cois Bhanna. Fuair James bás in 1771 agus chuaigh a mhac, Robert, lena bhean chéile, Elizabeth (seantuismitheoirí James agus Robert Shipboy McAdam), go Cúil Raithin agus chuir siopa mionéadaí ar bun i Sráid na hEaglaise. Luann fógra ar an Belfast News Letter an bhliain sin earraí mar “muslins, threads, gloves, garters, crapes, etc.” [14]

Nuair a fuair Robert bás in 1788/9, lean Elizabeth leis an ghnó go dtí 1793, nuair a d’fhág sí Cúil Raithin agus thriail ar Bhéal Feirste lena mac, James, agus a hiníon, Jane. I mBéal Feirste, d’oscail sí siopa eile sa Phríomhshráid (High Street) ag díol éadaí. Ní raibh an teaghlach beag i mBéal Feirste ach dhá bhliain nuair a fuair Elizabeth Shipboy bás; ar an leac uaighe ag Cnoc Bréadach tá scríofa, “To the memory of Elizabeth Shipboy of Belfast, relict of Robert Shipboy of Coleraine. She died the 2nd June 1795 aged 50 years.” Lean James agus Jane Shipboy leis an siopa ach in Aibreán 1798, fuair James bás gan é ach sna fichidí agus cuireadh lena mháthair ag Cnoc Bréadach é; deir an inscríbhinn, “James Shipboy of Belfast, son of Robert and Elizabeth Shipboy, who died 26th April 1798 aged 27 years”. Ní fios cad a tharla dó nó arbh fhéidir gur bhain a bhás le héirí amach na nÉireannach Aontaithe an bhliain sin; níl d’fhianaise ann ach litir ag tús na bliana 1798 chuig James ó Arthur Kyle, ministir Preispitéireach i gCúil Raithin, agus seanchara den teaghlach, litir a luann “a vague report … that you were among the apprehended men in Belfast … you have a warm heart to every cause that you think good”. [15] Agus a deartháir marbh, ní raibh fágtha den teaghlach i mBéal Feirste ach Jane Shipboy. Druideadh an siopa agus díoladh an stoc nó faoin am sin bhí Jane pósta ar James McAdam (Deireadh Fómhair 1798).

Mar a chonacthas ón tagairt ag James McAdam ina dhialann (féach thuas), bhí cuid den teaghlach ar an chósta thuaidh go fóill in 1815 ach ní luaitear an t-ainm in Luacháil Griffith a tosaíodh sna 1840idí. Mar sin, is cosúil nach bhfuil an tsloinne ar marthain fós in Éirinn, cé go bhfuil sí ar fáil sna Stáit Aontaithe. Tá a fhios againn gur imigh cuid de mhuintir Shipboy go Meiriceá san imirce ‘Phreispitéireach’ a tharla san ochtú haois déag, fir a ba mhó ar ndóigh, agus is féidir gur cailleadh an tsloinne mura raibh fágtha sa cheantar thuaidh ach mná pósta. I dtiomna James Shipboy, a fuair bás in 1771 [16], luaitear beirt mhac, Thomas agus Robert, duine acu, Thomas, i Meiriceá ag an am. D’ainneoin sin, fágadh an fheirm in Dooeybeg ag Thomas; is féidir gur mar gheall air sin a d’imigh Robert go Cúil Raithin. (Ar an drochuair, chloígh muintir Shipboy le fíorbheagán ainmneacha baiste agus uaireanta is deacair bheith cinnte cé acu atá i gceist). I dtiomna John in 1776 [17] tá beirt mhac luaite, Thomas agus John, an bheirt acu i Meiriceá. I scéal an teaghlaigh amháin seo, is féidir léargas a fháil ar an imirce a bhí ar siúl ag Preispitéirigh san ochtú haois déag agus má fhágtar an gaol le Robert agus James McAdam as an scéal, níor mhiste spéis a chur i muintir Shipboy mar eiseamláir den imirceach Preispitéireach san ochtú haois déag.

Foilseofar an dara cuid den alt seo le Brighid Mhic Sheáin ar an 4 Nollaig, 2018.

Nótaí
Buíochas: cuid den eolas ar mhuintir Shipboy anseo tá sé bunaithe ar nótaí a rinne Séamas Mac Diarmada (nach maireann); buíochas dá bhean, Margaret, a sholáthair dom iad.

1 R.S.J. Clarke (eag.), Gravestone Inscriptions, iml.2, Co. an Dúin [1988], 160
2  H. Mullin & J.E. Mullan, The Ulster Clans, [1966], 27
3  Deir Seathrún Céitinn, “I dTulaigh Óg do ghairtí Ó Néill; agus Ó Catháin agus Ó hÁgáin do ghaireadh é”. de Barra,(eag.), Foras Feasa ar Éirinn, iml.2 [1983], 6. Bhris Mountjoy an chathaoir oirnithe ag Tulach Óg in 1602 nuair a thaistil sé ó thuaidh, féach Hayes-McCoy, Ulster and other Irish maps [1964], 8-10
4 Mullin & Mullan, 91; féach fosta Brendan Bradshaw ar na huafáis a rinne lucht Elizabeth sa séú haois déag I.H,S., xxvi, uimh.104, [Samhain, 1989], 338-9
5 Mullin & Mullan, 96
6 ibid. 97; fosta Foras Feasa ar Éirinn, 37; is féidir gur éalaigh an mac nó tá tagairt ag Séamus Ó Ceallaigh do ‘Domhnall Ó Catháin (Domhnall Geimhleach)’, a chuaigh chun na Spáinne ach d’fhill ar Éirinn in 1642 [Ó Ceallaigh, Gleanings from Ulster History [1951; 1994], 59,n
7 S. Ó Ceallaigh, Gleanings from Ulster History, 63
8 ibid., Réamhradh, xxxi
9 Seán de Fréine (eag.), Croí Cine [1990], 149
10 Stiofán Ó Cadhla, Civilizing Ireland [2007],128
11 ibid.126
12 Fiachra Mac Gabhann, Placenames of Northern Ireland, iml.7, [1997], 185
13 Dialann James McAdam, 5 Meitheamh, 1846: PRONI D2930/7/4-7.
14 BNL 4 Bealtaine, 1773, lth.3
15 PRONI: D530/16
16 ibid., D530/3
17 ibid., D530/5
18 Desmond McCourt, ‘County Derry & New England: The Scotch-Irish Migration of 1718’ in Gerard O’Brien, (eag.), Derry & Londonderry – History & Society [1999], 305
19 Kerby A. Miller et al.,(eag.), Irish Immigrants in the Land of Canaan, 1675-1815 [2003],128
20 Desmond McCourt, féach nóta 18, 304-5
21 Ward Papers (Castleward): PRONI D2092/1/3, lth.141; féach fosta Kerby A. Miller, nóta 19, lth.2
22 J.C. Beckett, The Making of Modern Ireland 1603-1923 [1966], 171
23 George Benn, A History of the Town of Belfast, iml.1 [céad eagrán 1877], 611-620
24 Desmond McCourt, 309; féach nóta 18
25 Kerby Miller, 26; féach nóta 19
26 ibid. 333
27 PRONI: D530/22/3
28 Kerby A. Miller (féach nóta 19), 336-6
29 ibid. 335-6
30 Desmond McCourt, 305 (féach nóta 18)
31 Franklin M. Danaher, Early Irish in Old Albany, N.Y. [1903]
32 Edward McLysaght, The Surnames of Ireland [1969], 74

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm