Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda chothaigh pá íseal agus uaireanta fada oibre faltanas i measc an lucht oibre. I mBéal Feirste, bhí oibrithe sna monarchana innealtóireachta ag obair 66 uair an chloig sa tseachtain, cé go raibh ceardchumann sách láidir acu i gCumann Cónasctha na nInnealtóirí (ASE). Bhí oibrithe ‘neamhoilte’ ar na duganna agus sna muilte ag obair ní b’fhaide arís.

Ag deireadh 1918, bhí cruinnithe ag innealtóirí, oibrithe ar na longchlósanna agus áiteanna eile, ag éileamh go n-ísleofaí na huaireanta oibre go 44 uair sa tseachtain. Agus an Cogadh Mór ag teacht chun deiridh, chuir siad a gcás chun tosaigh. Ar an 14 Eanáir 1919, vótáil 20,000 oibrí ar son gníomh stailce a dhéanamh lena gcuspóir a bhaint amach. Chuir an TUC agus údaráis an ASE i Londain ina n-éadan – stailc neamhoifigiúil a bheadh ann. Mar chuid den aighneas seo bhí stailceanna sa Bhreatain chomh maith, ach ba i nGlaschú cois Chluaidh a bhí an t-aon mhórstailc a bhí ar aon dul léi sin a bhí ar siúl i mBéal Feirste.

Ar an 25 Eanáir a thosaigh an stailc nuair a shiúil na hoibrithe sna stáisiúin leictreachais agus sna hoibreacha gáis amach. An oíche sin, ní raibh cumhacht ar fáil do na tramanna ná gás do na soilse – bhí an chathair dubh dorcha. Dhruid na hoibrithe na monarchana innealtóireachta agus na longchlósanna. Ní raibh cead ag éinne tiomáint síos Bóthar na Banríona gan pas ó choiste na stailce. Shiúil na mná amach as na muilte línéadaigh agus as na hoibreacha rópaí, agus chuaigh oibrithe eile ar stailc chomh maith. Chuir stailceoirí an soláthar leictreachais faoina smacht féin lena chinntiú go bhfaigheadh na hotharlanna an chumhacht a bhí de dhíth orthu. Nuair a rinne an Belfast Telegraph agus roinnt gnónna iarracht cuid den chumhacht seo a úsáid dóibh féin, d’ionsaigh stailceoirí a n-oifigí.

Faoi dheireadh na chéad seachtaine, bhí 40,000 oibrí ar stailc agus 20,000 eile as obair mar gheall ar an achrann. Thosaigh iriseoirí agus polaiteoirí áirithe ag tabhairt “sóivéid” ar choiste na hollstailce. Rinne na nuachtáin aontachtacha ionsaí ar an stailc i rith an ama. Chuir an tOrd Oráisteach a ladar sa scéal ar thaobh na bhfostóirí. Lean an stailc trí seachtaine eile, agus cé go raibh na hoibrithe ag fulaingt, bhí fonn troda orthu.

Gheall na hoibrithe iompair agus iarnróid, dugairí agus carraeirí a dtacaíocht dá nglaofaí orthu, rud nach ndearna an coiste. Arsa ceardchumannaí amháin, ní raibh siad cinnte arbh fhéidir leo an chathair a reáchtáil.

I nGlaschú, tháinig an crú ar an tairne Dé hAoine, an 31 Eanáir. Bhí tuairim is 60,000 oibrí i mbun léirsithe i gCearnóg Sheoirse agus iad ag fanacht le freagra ar a n-éileamh (40 uair sa tseachtain a bhí ar intinn acu) nuair a d’ionsaigh na póilíní iad. Bhí clú an radacachais ar an cheantar cois Chluaidh le linn an chogaidh agus thug Státrúnaí na hAlban “éirí amach Boilséiveach” ar an léirsiú. Ionsaíodh agus gabhadh ceannairí na stailce agus nuair a throid na hoibrithe ar ais, chuir rialtas na Breataine 10,000 saighdiúr agus sé thanc isteach sa chathair lena cur faoi smacht. Tháinig deireadh leis an stailc tamall gearr ina dhiaidh sin.

Ag brath éiginnteacht choiste na stailce i mBéal Feirste dóibh, thapaigh na húdaráis an deis. D’úsáid an rialtas an tAcht um Chosaint na Ríochta (DORA) in éadan na stailce agus chuir siad fórsa mór póilíní agus saighdiúirí go Béal Feirste le smacht a fháil ar na stáisiúin chumhachta agus ar na tramanna, agus le cosaint a thabhairt do bhristeoirí na stailce. Agus eagla orthu roimh chathanna ar na sráideanna idir stailceoirí agus trúpaí, chuir coiste na stailce stad leis na picéid.

Bhí an lámh in uachtar ag na fostóirí agus ag na húdaráis anois agus tháinig deireadh leis an stailc de réir a chéile faoin 24ú Feabhra. Bhí fearg agus frustrachas i measc na cosmhuintire faoi bhraiteoireacht cheannairí na stailce. Toscairí ó na ceardchumainn éagsúla a bhí ar an choiste. Bhí eagsúlacht áirithe tuairimí polaitíochta ina measc ach bhí dearcadh coimeádach agus ‘neamhpholaitiúil’ i réim ann. Bhí ionadaíocht ag Cumann Lucht Oibre Aontachtach Uladh (UULA) ar an choiste freisin. Seo eagraíocht a bhunaigh Edward Carson, ní le cúis na n-oibrithe a ardú ach le troid in éadan chraobhscaoileadh an phoblachtachais agus an tsóisialachais (“Boilséiveachas agus Sinn Féineachas”) i measc an lucht oibre Phrotastúnaigh.

Bhí dul chun cinn fós le feiceáil, áfach. Ghlac 100,000 duine páirt i mórshiúl Lá Bealtaine na bliana sin sa chathair, agus i dtoghchán áitiúil Eanáir 1920 toghadh 10 n-iarrthóir de chuid Pháirtí Lucht Oibre Bhéal Feirste ar an Bhardas. Bhí cúigear acu ina gceannairí ar stailc 1919.

Cé go ndearna ionadaithe an Lucht Oibre iarracht an cheist náisiúnta a sheachaint, bhí tromlach acu in éadan chríochdheighilt na tíre. Bhí an dul chun cinn s’acu ina bhagairt don phlean chun Éire a scaradh ina dhá cuid. Rinne Carson agus aontachtóirí eile ionsaí fíochmhar orthu as bheith ina “Sinn Féinithe faoi cheilt”. Mar bhuaic ar an fhrithghníomh Oráisteach, i mí Iúil 1920 bhí an UULA lárnach sna pograim a dhíbir tuairim is 10,000 oibrí (an cheathrú chuid ina bProtastúnaigh “lofa”) óna n-ionaid oibre. D’fhulaing baill an Lucht Oibre go dona as.

Tháinig na scórtha míle oibrí, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, le chéile i mí Eanáir 1919 le troid ar son choinníollacha níos fearr. Dá mbeadh a gceannairí an tráth sin sásta dúshlán ceart a thabhairt don bhunaíocht aontachtach, do mháistrí na tionsclaíochta agus do rialtas na Breataine, cá bhfios cén tionchar a bheadh aige ar an chathair seo agus ar an tír trí chéile?

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm