21 Bealtaine 1997
D’éag Noel Browne (81), dochtúir agus polaiteoir. Le linn óige Noel Browne ba í an eitinn an galar ba mharfaí i measc phobal na hÉireann. Millteanach na comharthaí – casacht ainsealach agus fuil a chaitheamh suas, fiabhras, allas oíche agus pianta cliabhraigh. Iad siúd a fuair an galar – daoine óga sna fichidí ba mhó – mharaigh sé an leathchuid acu, idir 3,000 agus 4,000 in aghaidh na bliana.

Ina bheathaisnéis mór-ráchairte, Against the Tide (1986), chuir Browne síos ar an scrios a rinne an galar ar a theaghlach féin nó mharaigh sé a athair agus beirt dá chuid siblíní. Ba chuimhin leis, a scríobh sé, agus é an-óg, cónra bheag bhán sa teach – cónra deirfiúr naíonáin ar sciob an galar í. Agus sa bhliain 1925, nuair nach raibh sé ach seacht mbliana d’aois, fuair a athair – cigire leis an NSPCC in Áth Luain – bás leis fosta.

Gairid ina dhiaidh sin, thug a mháthair an chlann go Londain, áit a raibh post ag a hiníon, Eileen. Ach i gceann cúpla lá, thit sise marbh agus gairid ina dhiaidh sin arís thit a dheartháir, Jodie, a bhí ag éag le blianta ón eitinn. Cuireadh an bheirt acu in uaigheanna bochtán.

Ach bhí an t-ádh le Noel. Le cuidiú ó chara de chuid Eileen, fuair sé bunoideachas agus meánoideachas den scoth agus a bhuíochas le muintir chara dá chuid óna laethanta scoile, íocadh a chuid táillí i gColáiste na Trionóide.

Sa bhliain 1942, d’ainneoin seal i sanatóir nuair a bhuail an eitinn eisean fosta, ceapadh ina dhochtúir é. Tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh ag obair i sanatóirí éagsúla, chuaigh Browne leis an pholaitíocht agus sheas ar son Chlann na Poblachta in olltoghchán 1948. Ní hamháin gur toghadh é agus go ndeachaigh a pháirtí le rialtas idirpháirtí ach, dochreidte dó ag an am, ceapadh ina Aire Sláinte é ar a chéad lá i nDáil Éireann.

Agus rith an t-ádh leis i gcónaí. A bhuí le Taoiseach (John A. Costello) a thug cead a gcinn dá chuid airí, aire airgeadais a bhí fial i gcónaí dó agus airgead breise ón Irish Sweepstake, bhí an chumhacht agus an t-airgead aige leis an chóras sláinte a leasú.

Agus foireann státseirbhíseach aige a bhí chomh díograiseach leis féin, thóg sé agus dheisigh sé agus chuir áiseanna leighis nua-aimsire in otharlanna ar fud na tíre.

Maidir leis an eitinn, bhí an t-ádh air arís le lainseáil idirnáisiúnta na vacsaíne iontaí BCG. Sa bhliain 1954, thit an ráta báis go thart ar 800, i bhfad níos lú ná na rátaí do ghalar croí agus ailse.

Nuair a thug sé faoi ‘Scéim Máthar agus Linbh’ a thabhairt isteach, tháinig sé salach ar an aos leighis, an Eaglais Chaitliceach agus sa deireadh lena chomh-airí féin. Thit an rialtas sa bhliain 1951.

Fear conspóideach i gcónaí ab ea Brown. Shuigh sé sa Dáil mar TD do cheithre pháirtí eile ina dhiaidh sin sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1982. Chaith sé a laethanta deireanacha i mBaile na hAbhann, lámh le Ros an Mhíl i gConamara, áit a bhfuil cuimhne ag muintir na háite air mar ‘fhear cineálta agus dea-chomharsa’ a raibh Gaeilge mhaith aige. Cuireadh é i reilig na Cloiche Móire.

3 Bealtaine 1968
Thosaigh achrann sibhialta ‘Mai 68’ sa Fhrainc le sraith agóidí ag mic léinn i gcoinne an chaipitleachais, an tomhaltachais, agus impiriúlachas SAM.

5 Bealtaine 1818
Rugadh Karl Marx, fealsamh Gearmánach, é luaite go háirithe leis an phaimfléad Forógra na gCumannaithe (1848) agus Das Kapital (1867), in Trier na Gearmáine.

9 Bealtaine 2008
D’éag Gearóid Mac Giolla Domhnaigh (82), rúnaí Chomhaltas Uladh (1957-2000). Iarbhall de Choiste An tUltach é.

15 Bealtaine 1948
Deireadh le sainordú na Breataine sa Phalaistín. Breithlá stát Iosrael agus tús Nakba (tubaiste) na bPalaistíneach.

17 Bealtaine 1918
‘An Plota Gearmánach’. Gabhadh thart ar 100 poblachtach, ina measc Arthur Griffith, Constance Markievicz agus William T. Cosgrave.

23 Bealtaine 1618
Cuireadh tús leis an Chogadh Tríocha Bliain. Ba é ceann de na cogaí ab fhaide agus ba scriosaí sa stair é agus an cogadh creidimh ba mharfaí i stair na hEorpa.

24 Bealtaine 1818
Rugadh John Henry Foley, príomhdhealbhadóir a linne, i mBaile Átha Cliath. Leacht Uí Chonaill i Sráid Uí Chonaill a mhórshaothar.

26 Bealtaine 1868
Crochadh Michael Barrett (27) as Fear Manach ag Príosún Newgate, Londain. Ciontaíodh é go hamhrasach as páirt a ghlacadh in ionsaí Clerkenwell. Ba é an duine deireanach é a crochadh go poiblí i Sasana.

30 Bealtaine 2013
D’éag Proinsias Ó Conluain (93), beathaisnéisí, staraí agus craoltóir le RTÉ.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm