le hAodhán Ó Raghailligh

Bádh Muiris Ó Súilleabháin (46), agus é ag snámh amach ó chósta Chonamara. Tá cuimhne ar Ó Súilleabháin, fear de bhunadh an Bhlascaoid Mhóir, as a dhírbheathaisnéis Fiche Bliain ag Fás (1933). George Thomson/Seoirse Mac Tomáis, scoláire as Cambridge, a spreag é le leagan an fhir óig de shaol an oileáin a scríobh – mar chontrárthacht leis An t-Oileánach (1929) le Tomás Ó Criomhthainn (1854-1937). Saothar clasaiceach i gcónaí é i litriocht na mBlascaod.

Iarsmaí an tí ar an Bhlascaod Mhór inár chónaigh Muiris Ó Súilleabháin, údar ‘Fiche Bliain ag Fás’

Féach Aghaidheanna Fidil agus Púicíní: Seoirse Mac Tomáis in Éirinn, 1923-1934 le Muiris Mac Congháil (Sairséal/Marcaigh, 2009) ina bhfuil cuntas bríomhar ar an Sasanach suntasach sin agus ar Fiche Bliain ag Fás.

An tUltach, Meitheamh 2010

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm