Le hAodhán Ó Raghailligh

I dtradisiún Ghaeltacht na hAlban úsaideadh hypericum perforatum / St. John’s Wort i gcuimhne ar Naomh Colm Cille, fear a chaitheadh i gcónaí é, más fíor, faoina ascaill chlé. Is fearr teacht de thaisme ar an luibh agus Aclasan-Chaluim-Chille / Beart Ascaill Cholmcille, mar a thugann siad air, a chaitheamh san áit chéanna. Tugtar ‘dréimire Chríost’ ar an luibh seo sa Bhreatnais agus ‘allas Muire’ uirthi sa Ghaeilge. Ba ar Oíche Fhéile Eoin nó roimh bhreacadh an lae seo ba mhó a théidís amach á chuartú.
Aodhán Ó Raghailligh, An tUltach, Meitheamh 2009

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm