‘Tost’ (Seán Ó Ríordáin)

Nótaí léirmheasa don Ardleibhéal le Gréagóir Ó Dúill

Dán é seo a bhaineann leis an mhothú a bhíonn ar gach file ó am go chéile – tá an tobar tráite, tá mé dulta seasc aimrid, tá m’acmhainn mar fhile caillte.

Is mothú uilíoch fosta é a bhuaileann ar gach duine ó am go chéile, iad den tuairim, mar a bhí Gerard Manley Hopkins, time’s eunuch and never to beget – ach is féidir gur measa a ghoilleann sé ar fhile ná ar thuata, óir bíonn an chumadóireacht chruthaitheach lárnach ag file ar chaoi nach mbíonn, dar liom, ag tuata.

Agus tá bealaí éagsúla ann ag filí éagsúla le plé léi mar fhadhb. Is féidir léitheoireacht a dhéanamh a spreagann chun pinn thú. Is iomaí file maith a bhaineann triail as an aistriúchán. Luaigh John Montague liom gurbh é a dhéanadh seisean ná dul ag póirseáil tríd na díolamaí, nó anthologies, ar na seilfeanna aige.

Tugann an Ríordánach an eochair ar an chleas, ar an tseift seo. Ach an tslí a chleachtann an Ríordánach anseo, is é an ceann is fearr, measaim – aghaidh a thabhairt ar an fhadhb agus uirlisí agus scileanna an fhile a úsáid chun leas a bhaint aisti agus chun dán úr a chumadh ar ábhar na seisce féin, na haimride.

Tost a thugann an Ríordánach ar an namhaid seo. Tuairim agus fiche líne mhírialta atá sa dán, an file ag labhairt leis féin agus ag cur síos ar an dóigh a bhfuil sé. Sna chéad trí líne, is fada amuigh é. Is fada é ina thost – níl sé istigh ann féin. Níl caint ná scríobh an fhile ar siúl aige, agus fágann sin nach bhfuil sé ceart ann féin. Is ródhócha gur mar sin a bheas go dtína bhás – go deireadh scríbe. An bhfuil imeartas ann le scríbe agus scríobh? Mar gheall ar a dhrochshláinte – bhí a scamhóga lofa ag an eitinn – bhíodh an bás ar aigne an Ríordánaigh go minic.

Ansin, l.4 ar aghaidh, admhaíonn sé go bhfuil dearmad déanta aige den eochair a bhíodh aige chun é a ligean isteach ceart ann féin. Oíche ghaoithe tamall ó shin – agus a aigne in aimhréidh – chuir sé an eochair i leataobh, i dtaisce. Ach anois, l.6 tar éis idirstad, ní cuimhin leis cár fhág sé í mar eochair, agus níl aon dóigh aige chun dul isteach ann féin, isteach ina phearsa cheart, ina fhile. Tá an nasc idir an phearsa cheart sin agus scríobh na filíochta chomh láidir, chomh gar sin, go ndéanann sé briathar de – ríordánóinn.

Seán Ó Ríordáin, file

I ndíth na heochrach, ní thig leis dul isteach ina aigne. Níl teacht aige ar a bhfuil le rá aige, an farasbarr neamhscríte ll. 9-12. Cad é sin?

Sin l.13 – l.14 an raic a chaith an fharraige le cladach, na smaointe aisteacha a tharla ina threo dá dheoin nó dá ainneoin ón uair a bhí an eochair aige agus cead aige dul isteach ina aigne, ina chló ceart. Tá lánstad anseo, tar éis intinn, agus níor mhiste, b’fhéidir, briseadh véarsa.

Anois, tar éis l.12, ní le mise a labhraíonn sé, ach le tusa éigin, leagan eile de féin. Roimh an phointe seo, bíonn an file ag caí an tosta, ag cronú na heochrach, ag mothú go bhfuil sé dúnta amach óna cheartphearsa. Ach anois, cuireann sé athrú mór ar an scéal. Deir sé leis féin gan bacaint le dul isteach, go bhfuil an eochair sábháilte mar atá gan úsáid. Dá rachadh sé isteach, ní saoirse a bheadh aige ach tearmann beag dúnta. Deir sé leis féin an fharraige, an raic, na smaointe aisteacha sin uilig a ruaigeadh amach as a aigne. Is fearr dó, a deir sé, bheith sásta leis an aigne neamhscríofa agus éirí glan as gnó, as gairm an fhile ar fad. Ní hé go roghnaíonn sé an tost, ach go gcuirtear ina thost é.

Cá bhfuil an t-athrú sa dán idir an dá leath? Sa chéad leath, is ag gearán a bheith amuigh atá sé. Sna sé líne dheireanacha, maíonn sé go bhfuil sé sásta bheith amhlaidh. Is tar éis na líne fada ina gcumann sé focal as a shloinne féin, ina dtugann sé comhfhocail aisteacha ina meafar dúinn Le go ríordánóinn an farasbarr neamhscríte, is ansin a thagann an t-athrú.

Agus bíonn gach barra taoide ait, ní tarraingteach, agus bíonn an mhuir á craoladh, focal a bhfuil baint anois aige le raidió ach a mbíodh ciall den bhás ann, creidhill.

Fágann sin, dar liom, go bhfuil an file ag teacht ar an tuairim, de réir mar a dhéanann sé a mhachnamh ar an tost, gur fearr dó an tearmann, an tost, an aigne neamhscríofa, an tsíocháin.

Bíodh agus go bhfuil, seans, buille den íoróin ann, deir sé gur fearr leis éirí as, an fharraige agus a slad a sheachaint, bheith sásta leis an tost agus leis an chuid sin den aigne a fhágann sé gan scríobh. Agus cén fáth an t-athrú seo?

Ina bheathaisnéis bhreá ar an Ríordánach, maíonn an t-ollamh Seán Ó Coileáin gur scríobh an file an dán seo agus lagmhisneach air, é gonta go smior ag an ionsaí a rinne Máire Mhac a’ tSaoi agus daoine eile air as droch-Ghaeilge agus drochfhilíocht agus aineolas ar an traidisiún. Ní hé gur leag sé uaidh eochair na cruthaitheachta, ach gur goideadh uaidh í. Ba iadsan a chuir ina thost é, na blianta fada sin idir an chéad chnuasach, Eireaball Spideoige (1952) an dara ceann Brosna (1964) agus an tríú ceann Línte Liombó (1976), gach ceann ag dul i ngontacht. Mar a deir an file ina dhialann, “Tá oiread spídiúcháin fachta agam ó dhaoine mar Mhary McEntee go bhfuil eagla orm focal Gaeilge a bhreacadh síos”. Agus arís, “Do thugas cuaird ar thigh an Ollaimh Uí Chorcora … agus níor chodlaíos in aon chor an oíche sin le náire.”

SCAIP
SiarBua Ghlór na Móna
Ar aghaidhPeadar Mac Gabhann: An Dúchas i Lár an Aonaigh
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm