Nótaí léirmheasa don Ardleibhéal le Gréagóir Ó Dúill

Tá an dán seo cuid mhaith níos faide ná na dánta eile ar an chúrsa: dhá leathanach, cúig véarsa, idir 10 agus 12 líne i ngach véarsa. Tugann sin scóip agus saoirse don fhile struchtúr a thógáil a iompraíonn meáchan trom smaointeachais a ligeann dó a chuid a shaothrú go mion. De bhreis air sin, tugann sé seans don léitheoir atmaisféar agus scéal agus argóint an fhile a bhlaiseadh. Bíonn deis ag an léitheoir, fosta, teanga Ghaeilge an fhile a mhothú i gceart, teanga ar beag a macasamhail sa tír.

Is faide go mór dán seo an tSearcaigh ná dán snoite gonta ar an téama chéanna leis an fhile Chonnachtach atá cuid mhaith ar aon aois leis, is é sin ‘Toibreacha’ le Mícheál Ó Cuaig. Is cinnte go bhfuil meas ag an tSearcach féin ar an dán seo i measc a shaothair uilig, nó is é dán tosaigh a mhórdhíolama An Bealach ‘na Bhaile (1993) é agus, chomh maith leis sin, tíolacann sé an dán d’fhile eile ar mór meas lucht éigse uirthi, Máire Mhac a’ tSaoi, bean a scríobh dán faoi ealaín an tSearcaigh, ‘Briocht’.

Tosaíonn an dán, agus críochnaíonn sé, le caint seanmhná, Bríd. Ag an tús, is ag bronnadh babhla fíoruisce tobair ar an fhile atá sí. Maíonn sí as bua an uisce seo brí . . . agus beatha a chur ionat. Tá faghairt ina súile agus í á rá seo, faghairt bhróid, dúshlán ar an stócach glacadh leis an chreideamh seo fíoruisce, faghairt ag bordáil ar an osnádúrthacht.

Ar ndóigh, is í Bríd Muire na nGael, naomh agus éarlamh na hÉireann go fiú, a deirtear, roimh am na Críostaíochta. Agus an focal faghairt an bhfuil sé ar dhóigh cosúil le Fochairt, áit dhúchais Bhríde gar do Dhún Dealgan?

Tá d’fheidhm, de chúram ag an Bhríd seo an t-uisce, an tobar, a fhriotháilt, mar a bheadh dia Gaelach nó Gréagach ann, agus a cháil a chosaint. In V1 bíonn Bríd, go mórtasach, ag cur síos ar an stair agus ar bhród an teaghlaigh, iad ag coinneáil an tobair go slachtmhar glan. Tá an tobar mar a bheadh dún acu, claí cosanta ina thimpeall/ leac chumhdaigh ar a bhéal.

Is tábhachtach an t-uisce agus an babhla ina mbronntar é – babhla, ní cupán, ach corn nó cailís – ach is tábhachtach dá réir an tobar. I rith lár an dáin, an é an t-uisce féin an laoch, an Dia, agus an bhfuil na daoine (ní sean-Bhríd amháin) á adhradh?

In V2 tagann an file isteach, é ina óige shoineanta, roimh theacht in inmhe fir dó. Bhíodh comórtas glaine idir thoibreacha agus na tithe, na teaghlaigh, ina ngiollaí acu. Bhí a thobar féin ag gach clann/teaghlach, iad ag coinneáil caoi air. Bhí searmanas faoi leith do na tobair, glaine agus aoldathú agus taoscadh ómóis agus gach teaghlach in iomaíocht lena chéile le milseacht uisce an tobair s’acu a chosaint.

In V3 cuireann an file síos ar an leas a bhaintí as an uisce seo, ar a ghaol leis an phobal, ar a fheidhm tráthanna éagsúla na beatha agus ar dhúil an phobail ann. Thugadh na daoine thart leo é i gcannaí lena dtart a mhúchadh, iad ag obair sna páirceanna agus sna portaigh. B’íocshláinte acu é a raibh feidhm leis ar gach ócáid, ó bhreith go bás, mar dheoch agus mar uisce nite.

Féadaimid amharc air seo mar fhírinne, mar chuid den stair áitiúil, nó b’fhéidir mar mheafar ar an Ghaeilge féin, meán coiteann Ghleann an Átha an tráth sin.

Ach imíonn an t-am; tagann an t-athrú. Insíonn V4 faoin chlaochlú. Tá sconna i ngach cistin sa Ghleann, uisce ag rith go gasta as gach tapa. Tagann an t-uisce píobáilte ag fiaradh chugainn isteach mar a bheadh namhaid ann. Tá línte an véarsa seo níos gaire, gan ornáidíocht na véarsaí eile mar gur searbh leis an fhile an t-uisce as na sconnaí.

Tá cuimhne na seantoibreacha ag imeacht i measc mo dhaoine – agus seo an file ag labhairt thar ceann a phobail, fallaing an bhaird s’acu thart air. Arís, is féidir gur faoin teanga a labhraíonn sé. Is féidir, fosta, go mbíonn cuid de na daoine, na mná go háirithe, i nganfhios don fhile breá sásta nach gá dóibh bheith ag iompar bucaeidí uisce fán áit; mar sin féin, tá an nua-aimsearthacht choimhthíoch ina bagairt.

Ní furasta an véarsa deireanach, V5, a ionramháil go sásúil. Líonann Bríd an babhla go flaithiúil in athuair. Bríd atá ag caint. De thairbhe neamhaird na ndaoine agus fás fiailí agus eile, tá na toibreacha caillte, ceilte, á dtachtadh ag an fhásra. Mar sin féin, maireann a gcumhacht, a mianach, a milseacht. Maireann a bhua ag an uisce.

Tugann Bríd comhairle don fhear óg (a dtugann sí a chroí go geanúil air) a thobar féin a aimsiú – a mhianach féin, nó seantobar a mhuintire? Tugadh sé aire cheart dó. Óir tá am an anáis romhainn amach: caithfear pilleadh arís ar na foinsí.

Is ionann foinse agus tobar anseo, dar liom. Aimsigh do thobar féin, ainneoin na neamhairde, a deir Bríd. Cuardaigh agus aimsigh an eithne luachmhar, an croí, an chiall, mar tá an drochshaol ag teacht inár dtreo. Le go seasfaimis, go mairfimis an drochshaol sin, caithfimid pilleadh arís ar na foinsí cearta bunúsacha, ar an neart dúchasach.

An ea gur tagairt eile é seo don Ghaeilge, nó go bhfuil an seanduine ag caoineadh le heagla roimh an tsaol nua? Caithfidh mé a admháil, gí fileata na dtrí líne dheireanacha seo, gur doiligh iad a dhéanamh amach. Ní fíor sin faoin dán tríd síos; tá sé soiléir taitneamhach. Ach cén t-anás, cé na foinsí, cén fáth an doiléire seo ag deireadh? An bhfuil sé inchreidte?

Amharc ar an teanga, uaim agus comhshondas e.g. thugadh fliuchadh agus fuarú / i bpáirceanna agus i bportaigh nó arís folaithe i bhfeagacha agus féar/ … caileannógach agus cuiscreach – coinníonn sin an dán fada seo ag imeacht, mar a bheadh iomann nó liodán ann agus cuireann le ciall an ortha, an bhreachta.

Diomaite de seo, is teanga ghnách bunaithe ar an chaint a úsáidtear, cruinn beacht agus gan mórán den fhileatacht ardréime (high register) ag baint leis. Oireann an teanga don ábhar, do shaol na ngnáthdhaoine is ábhar dó. Is mó, dar liom, an uaisleacht teanga a bhaineann le caint sean-Bhríde, ar léi dhá cheann de na trí shampla thuas, ná an chaint ina n-insítear an scéal trí chéile.

Is léise, fosta, an babhla, an t-uisce, an bronnadh uisce agus comhairle. Sise, leis, a leathnaíonn an scéal amach, a dhéanann soiscéal den mheafar: comhairlíonn sí don stócach i dtús a dhéag a thobar féin a aimsiú. An é seo an tobar ar lena mhuintir, lena theach teaghlaigh é riamh anall, nó an bhfuil brí níos samhailtí ag baint leis – tobar an nirt, an smaointeachais, na pearsantachta a bhfuilimid uilig ina ngá? An féidir go bhfuil an file ag déanamh tagairt dá chlaonadh gnéis, a mbíodh anás agus géarleanúint ag siúl leis?

Agus ansin an chríoch bhagarthach agus an t-amhras: tá am an anáis romhainn amach/ Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.

SCAIP
SiarÉigse Úr: Piaras Ó Droighneáin
Ar aghaidhAn Gearrscéal Gníomhach (Cuid II)
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm