Dán é ‘Stoite’ a bhaineann leis an téama is mó ag an fhile seo: cuimhne an fhile agus meath an phobail ar a oileán dúchais, Inis Mór Árann.

Ach is iomaí caoi ag an Direánach le hamharc ar a ábhar. Ar bhealach, bíonn sé ag plé leis an stair shóisialta sa dán seo, seachas a bheith ag plé go díreach lena stair phearsanta féin, mar a dhéanann, mar shampla, in ‘Faoiseamh a Gheobhadsa’.

Sa dán seo, ‘Stoite’, déanann sé codarsnacht dhíreach idir na seanghlúine – ár n-aithreacha bhíodh/ is a n-aithreacha siúd – agus a ghlúin féin – sinne a gclann/ agus clann a gclainne.

Feiceann sé athrú mór ar shochaí mhuintir an oileáin in imeacht trí ghlúin. Aithníonn sé mar a d’athraigh na tréithe ag na fir (ní luann sé mná an oileáin ar chor ar bith sa dán seo).

An seandream, b’éigean dóibh bheith ag troid leis an tsaol agus leis an charraig lom lena mbeatha a thabhairt i dtír. Níl aon rómánsúlacht sa chur síos seo; aithníonn an file chomh crua agus a bhí an saol. Sa mhéid sin, baineann sé leas as línte gearra gonta chun go mbréagnaíonn sé fealsúnacht rómánsúil bhréagach an Stáit agus lucht na hAthbheochana, gearrscéalaíocht agus filíocht an Phiarsaigh, mar shampla.

Ach tá fírinne sa chur síos, nó ba ag troid leis an timpeallacht a bhí muintir an oileáin.

Bhíodh siad, na seandaoine, sásta áthasach (V2) nuair a d’éiríodh leo barr maith a bhaint as an ithir, flaithiúlacht thorthúlacht na cré a chruthú.

Chuireadh siad fuinneamh agus neart ina gcuid feirmeoireachta chun an chuid ab fhearr a chur a fhás, chun acmhainn an talaimh a chur a bhláthú, agus ceart de neart na ndúl a chinntiú.

Is é seo an rím is láidre sa dán seo, dán a bhfuil friotal míchothrom ann. Cuireann an cnapán ríme seo, san áit seo, le sollúntacht na gníomhaíochta, agus oireann sé do chleachtas seanaimseartha oidhreacht an traidisiúin.

Creidim nach í an talmhaíocht amháin atá i gceist ag an fhile, ach go gcuimsíonn trí líne dheireanacha V2 saothar farraige na bhfear fosta, idir iascaireacht agus shábháil feamainne agus raice.

Chun a phointe a shoiléiriú (V3), tugann sé cúpla sampla den tsaghas saothair a dhéanadh lucht na seanghlún. D’oibríodh siad, ní ar theibíochtaí ach ar thograí nithiúla, agus dhéanadh éachtaí. Agus cheanglaítí na tograí le daoine faoi leith, á mbuanú.

Agus mhaireadh siad, na tograí seo, a bhfeidhmiúlacht ag mairstean tríd na blianta. Teach a thóg fear amháin, claí nó fál fir eile, áit chónaithe nó páirc le bia a chur a fhás. Mhair feidhm a gcuid oibre a choinnigh a chuimhne buan. Obair bhuan chloiche a rinne siad.

Athraíonn an file i V4 agus as seo go deireadh an dáin. Tá aoir láidir le brath. Is iad véarsaí 4 agus 5 a thugann a theideal don dán.

Muidne, sliocht na seanghlún sin, le himeacht trí ghlúin, d’athraigh ár gcinniúint agus níl ionainn ach fágálaigh bhochta. Is sa chathair atáimid anois agus timpeallacht eile ar fad againn; ní hionann an gaol againn leis na tiarnaí talaimh.

Ní teach dár gcuid féin atá againn, ach áras nó árasán ar cíos agus é ar dhrochdhóigh, tiarnaí talaimh mar úinéirí a leagfadh cíos/ ar an mbraon anuas.

Is measa iad tiarnaí talaimh Bhaile Átha Cliath, áit arbh éigean dúinn cónaí a dhéanamh, ná seantiarnaí talaimh na tíre.

Ní ag plé díreach leis an talamh agus leis an fharraige atáimid – leis an gcarraig loim V1 – ach le haicme shantach daoine a bhfuil cumhacht acu ar chaighdeán maireachtála agus tithíochta ghlúin úr sin an oileáin – an dream bocht daoine a bhfuil polasaithe an Stáit á dtabhairt ón oileán aniar.

Dúinn is éigean/ Cónaí a dhéanamh/In árais ó dhaoine. Tá an focal sin éigean an-láidir. Agus dá dhonacht an tithíocht, is measa (V5) arís an chinniúint ar ár gcuid iarrachtaí.

Ní thógfaimid teach ná claí a mbeidh cuimhne orainn as. Ní fhágfaimid inár ndiaidh, muidne státseirbhísigh na nOifigí Stáit (tá aoir sna hinisealacha móra) a dhéanann freastal agus friotháil ar pháipéarachas an Stáit, ach carn páipéar faoi ualach dusta.

Ní teibí a bhí teach ná claí, farraige, úir ná dúil. Ach ba nádúrtha, fiúntach, feidhmiúil. Ní teibí na páipéir ná an deannach, ach níl aon fhiúntas ann.

Críochnaíonn an dán le fearg, le haoir, leis an smaoineamh go bhfuil saol an fhile á chur amú.

Mhaireadh teach agus claí agus iad ag cur le saol na ndaoine. Maireann moll comhad nó trodán stáit faoi dhusta gan feidhm.

 

SCAIP
SiarFéinmheas is féinfhoilsiú
Ar aghaidhAr an lá seo: Éirí amach na mianadóirí
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm