Ní dán simplí é seo agus is gá tabhairt faoi le foighid, ach is fiú an iarracht é. Agus tú á léamh, tabhair chun cuimhne an fabhalscéal clúiteach próis Footsteps ina bhfeiceann duine coiscéimeanna Dé i ngaineamh na trá in éineacht leis. Ní neamhionann an coincheap sin le smaoineamh an Ríordánaigh ach níl aon fhianaise ann go raibh eolas aige ar an phíosa deabhóideach Mheiriceánach ó na 1880idí.

Is féidir, fosta, ach nach bhfuil aon fhianaise againn ina leith, go raibh tionchar ag an fhealsamh Ostarach Ludwig Wittgenstein ar smaointeachas an Ríordánaigh. Chaith Wittgenstein tréimhsí ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus i gConamara sna 1940idí agus 1950idí agus fuair bás in 1951, tar éis dó saothar mór a dhéanamh ar theoiricí nach neamhchosúil lena bhfuil taobh thiar den dán seo. Smaoineamh eile a shuíonn go maith le dán Uí Ríordáin ná teoiric an doppelganger a bhí tábhachtach i litríocht na hEorpa, agus na hÉireann, riamh anall – ag Donne agus Shelley mar shamplaí, beirt ar dhócha eolas éigin a bheith ag an Ríordánach ar a saothar.

Ar ndóigh, teoiric seo an dualism ag Wittgenstein agus na leaganacha cosúil léi, bhí siad tarraingteach ag Ó Ríordáin ar go leor cúiseanna. Mar shamplaí – an déchultúrachas agus an dátheangachas a gcreideadh sé ann – “A theanga seo leathliom” – agus a chleachtaíodh sé, an claochlú aige idir sláinte agus easláinte, an chaoi a mbíodh cuid mhór dá ghlúin de mhuintir na hÉireann faoi anáil na himirce agus, seans, leagan den chreideamh, beo idir cinnteacht agus amhras.

Tá naoi véarsa de cheithre líne sa dán, iad mar a bheadh bloic éagsúla tógála ag cur le foirgneamh smaointe an fhile. Déanann sé a mhachnamh ar dhul anonn agus anall, agus aithníonn nach é an duine céanna a chuaigh anonn agus a tháinig anall arís. Gur tháinig athrú air. Dealaíonn sé an bheirt óna chéile, an duine a chuaigh, an duine a d’fhill: mé agus sé agus (de réir mar a mhéadaigh ar a thuigbheáil) mé agus siad, muid agus iad.

In V1 ní thugann sé aon leid d’aduaine an téama. Níl ann ach gur mhaith leis – an file chéad phearsa – bualadh le cara a d’imigh ó dheas agus nach dtiocfaidh ar ais. Ráiteas leamh go leor – tugann an ó dheas le fios nach é an bás atá i gceist. Socraíonn an file an t-am: anois atá an machnamh ag tarlú agus am éigin roimhe sin a tharla ar tharla. Leagtar síos anseo friotal an véarsa, a mhairfeas síos tríd an dán: líne fhada A agus líne níos gaire B ina diaidh, rithim B níos gonta ná rithim na líne fada, lánstad ag deireadh gach véarsa mar gurb aonad é, á dhealú amach óna raibh roimhe, óna dtiocfaidh ina dhiaidh.

In V2 tugtar isteach an draíocht: maidin ghréine, Ciarraí, áit draíochta saoire agus dúchais ag an fhile Chorcaíoch, glór srutháin nárbh fhéidir a fheiceáil, amhail glór cailín sa chlaí – an bhfuil an tsuirí i gceist anseo, agus a díth i saol an fhile? Smaoinigh ar an dá chiall le braid: brollach nó, go simplí, ag dul thart. Ar scor ar bith, ní féidir teacht in athuair ar an mhaidin ghréine i gCiarraí. In V1, an cara a d’imigh; in V2, an cailín nach bhfuil teacht uirthi.

Ach, V3, ar imigh an cara nó ar chara ar chor ar bith é, an eile seo? Shiúil an seo amach leis an fhile, iad ar aon chosán; shiúil an file ar ais agus chonaic rian coise an sa chlábar, sa phuiteach – ní focal molta é láib.

In V4 tosaíonn an file ag súgradh lena theoiric, agus is cosúil le súgradh cuid mhaith den imeartas focal. Nuair a imíonn sé, bíonn ann. Ní hann, go has. Is nuair atá imithe, is ansin atá iomlán. An féidir go bhfuil an file ag smaoineamh ar an bhás agus ar an tsaol iarbháis?

Cuireann V5 leis an smaoineamh sin sa mhéid go labhraíonn an file faoin mar a labhraítear go minic faoi dhuine a fuair bás nó atá ar tí bás a fháil: mo dhuine bocht … go raibh a anam slán/ agus anam gach a leanfaidh é … An duine bocht seo, bhí sé i bhfara leis an fhile, ina chuideachtain, rud a thugann le fios, dar liom, gur neach beo a bhí ann. Ach, ansin, tiontaíonn an file an radharc, an tsúil isteach air féin nó, ar a laghad, ar a mhuintir féin, Dem dhaoinese go brách. An é féin agus a bhás féin atá faoi chaibidil aige? An bhfuil eolas aige ar an eitinn ionas go dtuigeann sé gur beag an seans go mbeidh sliocht air? Cinnte, bheir sé a bheannacht ar an duine bhocht agus ar a mhuintir féin.

In V6 snaidhmeann an file nótaí a bhí aige cheana roimhe sin le chéile in athuair: cosa, láib, fara leis, éisteacht le sruthán. Ach anois, ní hé an atá i gceist, ach – tá an dís tar éis áit a mhalartú. Is liomsa anois na cosa sin. Níl an mhalairt iomlán, ní mé a bhí i bhfara leis, óir bhíodar le chéile, agus d’aistrigh cuid de bhuanna, de thaithí na beirte – na cosa – ó dhuine go duine. Creidim go mbaineann an file an dá chiall as an fhrása ní mé a bhfuil an ghnáthbhrí ní mise (an duine) a bhí ina chuideachtain leis, ach fosta an chiall chanúna ní mé = níl a fhios agam. Tá an dís ann, más ann don dís, ach tá athrú ar gach duine den bheirt, agus is lú, is táire, an file anois ná ar maidin – siúlann sé sa láib (uiríseal) ach ní éisteann sé leis an tsruthán (uasal).

In V7 filleann an file ar ais arís agus níos soiléire ar théama an bháis, ach cuireann sé casadh ann. Níor saolaíodh mé gur cailleadh é. Ní bheifeá ag súil leis sin, tar éis V4. Ach, anois, maíonn an file go bhfuil a bheatha féin ag brath ar bhás an eile. Téann sé níos faide ná sin leis an argóint. Is iomaí mé atá ann, (mar is iomaí áras ag an Athair?) agus bíodh agus go bhfuair an buneile den dís bás, thug a bhás beatha agus tuilleadh beatha don bhun(V7 ll 1,2). Is file é, is duine daonna é, is Críostaí é, agus mar sin Cailltear le gach focal / éiríonn le gach anáil. Téann an file, an duine, i laige le gach focal, gach ráiteas, gach breithiúnas; titeann i dtreo an bháis, ach tugann an anáil beatha dó.

Tugann V8 an scéal níos faide. Bhíomar ag caint faoin dís, faoi bheirt éagsúil, faoin fhile bunaidh agus faoin eile. Ach anois aithníonn sé nach bhfuil teorainn leis an líon de anna is féidir a bheith ann.

Leanann mé amháin don mé eile agus sin a dhéanann comhlíonadh ar an mé. Is í an chuideachtain a thugann neart, mar a thugadh, seans, do fasces na Róimhe. Scuaine, scaifte de anna a tháinig le chéile chun an dán a scríobh, duine éagsúil, eile, le gach anáil dar tharraing sé le linn an ama a thug sé air an dán fada casta seo a scríobh – agus cuimhnigh go raibh an eitinn air, gach análú deacair, a fhios aige go raibh seans ann gurb í gach anáil an ceann deireanach.

Tagann an dán chun deiridh le V9. Ba de scaifte daoine a bhí sé féin déanta suas, an scaifte seo a mbíodh sé páirteach iontu, an scaifte a bhí comhdhéanta de thaithí, d’eilimintí de féin.

Ach de réir a chéile, de thairbhe imeacht an ama agus eile, gabháil ó dheas mar a deir sé, caitheadh de iad, sraith ar shraith, slis ar shlis. Scamhadh an sceo mar a bheadh craiceann oinniúin nó mar a dhéanfadh plane siúinéara. Scamhadh dá chroí iad, ach d’fhág siad rian a chéime. Mar sin féin, má scamhadh, ba de féin iad, ba dá chroí a scamhadh, agus b’ionúin leis a rian. Is geal leis ar imigh roimhe.

Níl an fhilíocht fhealsúnta an-choitianta sa Ghaeilge, ach éiríonn leis an Ríordánach sa sampla seo.

Imleabhar 94, Uimh. 8, Meán Fómhair 2017

SCAIP
SiarFilíocht Ardleibhéal na Gaeilge
Ar aghaidhNovember 2017
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm