Nótaí léirmheasa don Ardleibhéal le Gréagóir Ó Dúill

Dán é seo ina labhraíonn an file go díreach lena leannán. Maíonn sé as a cheantar dúchais féachaint an féidir leis an leannán a mhealladh chun teacht leis ann. Dá dtiocfadh an leannán chuige, is amhlaidh gur mó ceol, gur fearr an fhilíocht a dhéanfadh an file, agus is beo, is ceolmhaire, a bheadh an leannán féin.

Ach tá a fhios ag an fhile nach dtarlóidh seo, nach dtiocfaidh an leannán chuige. Nó is fearr leis an leannán saol na cathrach agus ní bheidh sé sásta saol sin na cathrach a thabhairt suas agus cónaí sléibhe a dhéanamh i Mín na Craoibhe. Cuirtear an dá dhearcadh in éadan a chéile, an file i véarsaí 1, 2, 3, 4 agus 6, agus insítear dearcadh an leannáin go mífhabhrach i véarsa 5 amháin. Ní chaitear go cothrom leis an dá dhearcadh. Déanann an file cur síos álainn ar a cheantar dúchais, ar an chlapsholas (v 1, v 6) agus ar an spéir (v 2, 6). Éiríonn leis samhlacha úra a bhaint amach, nach mbíonn brí bheacht chruinn ag baint leo, ach atá níos tarraingtí dá réir.

An mbaineann an clapsholas smólaigh (v1) le ceol an éin nó lena bhrollach breac? Cén bhaint, cén chosúlacht atá idir buicéid stáin agus solas na spéire ar Inis Bó Finne (v2)? An bhfuil sé lán bainne nó glansciúrtha? An d’aon ghnó atá an file ag iarraidh a chuid pictiúr a dhéanamh doiléir, gan chruinneas?

Baineann an file leas, sa dán seo, as struchtúr simplí de 6 véarsa, 3 líne i ngach véarsa. Bíonn an líne sa lár níos faide ná an chéad cheann nó an tríú ceann. Struchtúr é seo a éascaíonn teilgean nó argóint an dáin. Déantar ráiteas úr le chéad líne gach véarsa:

  • Níl aon ní 
  • ná radharc níos aoibhne
  • dá dtiocfá liom
  • chluinfeá
  • b’fhearr leat.

Agus tar éis na gcoinníollacha seo uilig, críochnaíonn sé le ráiteas dearfach seachas ciúinchónaí sléibhe.

Is gnách gurb é an líne lárnach a dhéanann iomlánú ar ráiteas na chéad líne (níos, ná, mar) agus ansin go mbeachtaíonn an tríú líne smaoineamh an véarsa uilig ó thaobh áite de.

Tugann an logainm ag an deireadh meáchan ancaire don véarsa; éilíonn sé an fhírinne. Sa chúigiú véarsa, taispeánann an file an oiread de dhifríocht atá idir a dhearcadh féin agus dearcadh an leannáin. Tá ceithre véarsa caite aige ag móradh áilleacht a cheantair – suaimhneas, aoibhneas an tsolais, a thionchar ar bhua filíochta an fhile féin, ceol agus áilleacht na mbláthanna ann agus mar sin de. Ach ní leor an méid sin leis an leannán a mhealladh, nó b’fhearr leis sin callán agus broid ghránna na cathrach. Is leis sin a fhanfas sé. Seachnóidh sé an ceo ciúin príobháideach ag teacht anuas.

Tá an clapsholas, tráth lucht déanta grá, againn arís i v6 mar a bhí ag an tús i v1, rud a fhágann an dán saghas ciorclach, cleas nach annamh ag filí.

Dán luath de chuid an fhile é seo a scríobhadh agus é óg. Tá codarsnacht (nó contrast) ann idir rómánsúlacht agus liriceacht an dáin seo agus dearcadh crua neamh-leithscéalach an fhile, a dhímheas ar dhearcadh cathrach an leannáin nach bhfuil sásta an léim a dhéanamh agus imeacht óna chúlra. Braithimid, fosta, ainneoin na luachanna tuaithe (pastoral), go n-éiríonn leis an fhile neart agus téagar a chur lena smaointeachas trí chomhfhocail a chumadh agus a úsáid go cumasach, go háirithe sa chur síos ar an chathair – brúchtbhaile balscóideach.

Féach mar a mhuirníonn an file a chuid focal agus iad lán de ghutaí – tosaíonn seo sa chéad líne agus leanann ar aghaidh go deireadh.

Cathal Ó Searcaigh, file

Ach i véarsa 5, véarsa diúltaithe an leannáin, is iad na focail phléascacha atá i gceannas – b’fhearr; bhfad; brúchtbhaile balscóideach; Baile. Is minic, fosta, a bhaineann sé leas as uaim agus comhshondas chun a bhuille filíochta a dhéanamh níos troime – briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha, mar shampla. Cé gur sa Ghaeilge chaighdeánaithe is mó atá an dán, i gcorráit baineann an file leas as a chanúint áitiúil – siolastrach in ionad ‘feileastram’, mar shampla. Bíonn de thoradh air sin, mar a bhíonn ar na logainmneacha, nasc an fhile lena áit dhúchais a threisiú.

SCAIP
SiarCeithre Bhean Déag as an Ghearmáin
Ar aghaidhAr an Lá Seo: Samhain
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm