Dán grá é seo – nó an ea? Ceithre véarsa, ceithre líne i ngach véarsa agus an rialtacht oird sin, smacht an fhile ar an fhriotal ag tabhairt an scéil agus an denoument dúinn. Insíonn an file scéal an ghrá a bhuail uirthi tráth a raibh sí tamall saoire fán tuath. Tugann sí le fios oiread ceana a bhí aici ar an fhear óg ar ar leag sí súil. Ach is léir gur thuig sí, i rith an ama, nach raibh a dhath i ndán don chumann, nach mairfeadh an grá s’acu, go raibh deighilt rómhór idir an file agus an fear óg. Caidreamh gearr saoire a bhí ann: dúil ag bean óg chathrach, agus buntáistí an tsaoil aici, i stócach gan mhaoin gan léann, duine de mhuintir na háite, trí scór bliain ó shin nuair ba leathan an bhearna idir muintir na háite agus na stráinséirí a thagadh isteach. Ní ligeann an file uirthi féin go mbeidh grá domhain buan ann eatarthu nó tuigeann sí nach mbeidh, go bhfuil an bhearna shóisialta eatarthu rómhór.

Sa chéad véarsa, instear cineál an fhir óig. Tá sé ard; níl gairm bheatha aige ach mar mhac feirmeora de chuid iarthar bocht na tíre. Ní bheidh (a deir sí) aon chuimhne aige ar an oíche de dhamhsa ar urlár straighne suiminte a chaith sé le stráinséir mná i halla tuaithe. Cúng go leor mar liosta de bhuanna.

Sa dara véarsa, instear faoin dúil a bhí aici féin sa damhsa leis agus ina chuideachta – a ghéaga láidre thart uirthi sa rince, buanna deamhúinte an gháire agus an comhrá shibhialta aige. Shílfeá go gcuireann na cáilíochtaí seo ag fear óg tuaithe iontas ar an bhean óg. Ba dheas léi an chuma a bhí air – léine bhán agus gruaig néata bhuí, cuma cheart ar an iomlán faoi sholas íseal ola i halla nach raibh leictreachas ann. Seans gur meafar é díth an leictreachais den dóigh a raibh siad beirt ag coinneáil smacht ar an dúil, ar an mhian acu, a fhios acu nár tháinig an t-am dó go fóill.

Sa tríú véarsa, amharcann an file chun tosaigh ar an todhchaí, ar an tsaol a bheas ag an fhear óg, ar an tsaol a bheadh ag a chéile mná. Fágfar talamh le huacht aige. Pósfaidh sé agus beidh clann air. Ach ní bheidh sé go deo mar a bhí oíche sin an damhsa – beag beann ar chách ób gheal le mo chroí é.

Is ise, an cailín strainséartha, a roghnaíonn é, a bhronnann saoirse air chun go ndéanfaidh sé neamhshuim de ghnásanna, de rialacha an cheantair agus a mhuintire. Nach spéisiúil mar a athraíonn an file an aimsir fháistineach anseo: bhí diúltach sa chéad véarsa, ná cuimhneoidh, agus arís sa dara véarsa, ní dhearúdfad, agus baintear leas as trí huaire sa tríú véarsa – dhá uair dhearfa, uair eile diúltach – ach ar chaoi, bíonn ciall dhiúltach an phríosúin ag baint le fágfaidh agus pósfaidh taobh leis an tsaoirse a bhronnann an bhean óg chathrach air – ní cífear.

Guíonn an file rath agus sonas ar an fhear óg sa véarsa dheireanach. Tuilleann sé deashaol, a deir sí, mar gheall ar a bhuanna, a phearsantacht. Agus ansin, sa líne dheireanach, tugann sí le fios go soiléir nach raibh ann ach holiday romance, nach raibh mórán tábhachta sa scéal. Tá i ndán di filleadh ar an chathair, ar an choláiste, ar an tsaol mhór, agus Jack a fhágáil ina ghort féin.

Féach na cineálacha difriúla grá sa trí dhán ar an chúrsa ag Máire Mhac a’ tSaoi. In ‘Jack’, tá an rómáns faoi smacht; tá an cailín ar leibhéal sóisialta níos airde. I gcás ‘Gráinne’, tá an cailín óg ag déanamh toil a hathar agus an chinniúint amach roimpi. Sa tríú dán, ‘A Fhir dar Fhulaingeas’, tá an leannán mná ag fuilstean mar gheall ar rúndacht a grá, gan aon aitheantas poiblí aici ná ag an chumann grá.

Níl todhchaí sona, éasca i ndán don chumann grá i gcás duine ar bith daofa. An dtagann an sonas den ghrá?

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm