Seo an dara alt i sraith le Pádraig de Bléine, léachtóir Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, faoin ghearrscéal ar an chúrsa Ardleibhéil Gaeilge. Tá an chéad alt le léamh anseo.

Mar intreoir ar an ghearrscéal ó thaobh na teanga de, tá cluiche focal an-úsáideach. Is straitéis é an cluiche seo le cur le teanga na ndaltaí agus lena suim a mhúscailt sa ghearrscéal sula léifear é.

Roghnaím thart faoi fhiche focal as an ghearrscéal féin, mar atá sa léaráid thíos, agus tugaim cóip an duine amach. Iarraim ar na daltaí idir tríocha soicind agus bomaite a chaitheamh ag amharc ar na focail. Ansin, iarraim orthu an leathanach a thiontú droim ar ais agus cuirim roinnt ceisteanna orthu, cuir i gcás: Cén ball éadaigh atá ar an leathanach? Cén ball coirp atá ar an leathanach? Cén cineál uisce atá luaite ar an leathanach? Cén mothúchán atá air, agus araile.

Ar ndóigh, beidh focail ann nach n-aithneoidh na daltaí agus beidh deis ag an mhúinteoir ag an phointe seo cúpla focal nua, dála ‘malraigh’ agus ‘meacha’ a mhíniú sula dtosóidh sé a léamh an ghearrscéil leo. Is féidir na focail a athrú agus an cluiche a imirt sula léifear an gearrscéal agus fiú focail a roghnú a bheas sa chuid den ghearrscéal a léifear an lá sin.

Is próiseas é seo a éascaíonn an téacs don fhoghlaimeoir. Nuair a bheas an scéal léite ag na daltaí agus iad measartha eolach ar ord agus imeachtaí an scéil, is féidir cluichí a imirt a threiseoidh a gcuid eolais air. I dtaca leis sin de, tá an cluiche ‘lean mise’ an-úsáideach.

Maíonn Funk (2002) go bhfuil freagracht mhór ar an mhúinteoir scil na héisteachta a chothú sna páistí agus is gléas an-mhaith é an cluiche seo le cur le scileanna éisteachta an dalta. Is féidir leis an mhúinteoir líon na gceisteanna a roghnú ar a thoil féin. Oibríonn an cluiche níos fearr má bhíonn ar a laghad dhá chárta ag gach dalta. Ar ndóigh, braitheann sé ar líon na ndaltaí atá sa rang agus ar na ceisteanna a chumann an múinteoir. Ach is é an cuspóir atá leis an chluiche go gcuirfidh dalta an cheist atá scríofa ar a chárta. Caithfidh an dalta an cheist a chur os ard os comhair an ranga agus déarfaidh an duine a bhfuil an freagra aige é os ard agus cuirfidh sé nó sí an cheist atá ar a chárta féin, agus dá réir sin.

Tugann an cluiche seo deis don dalta a cheist féin a léamh os ard agus éisteacht le daltaí eile ag labhairt. Treisíonn sé a chuid eolais ar an ghearrscéal ag an am céanna. Ní bhíonn uimhir ar chárta ar bith ach amháin ar cheist 1, mar atá á léiriú thuas.

Is fearr na cártaí a thabhairt amach go randamach ionas go mbeidh ceisteanna agus freagraí ag teacht ó gach taobh den tseomra agus ionas go gcaithfidh na daltaí bheith ag éisteacht go cúramach lena chéile. Ar ndóigh, is féidir na ceisteanna a athrú agus iad a úsáid arís agus arís eile ag tús an ranga mar a bheadh litearthacht mheabhrach ann. Nuair atá an gearrscéal léite agus pléite ag an rang, is féidir ‘an bosca aibítre’ nó ‘alphabox’, Hoyt (2008), a úsáid leis na daltaí a chur ag obair lena chéile. Is straitéis fíormhaith é an bosca aibítre le heolas réamhfhoghlamtha a athmhúscailt in intinn an fhoghlaimeora agus le cur lena chuid eolais agus lena chuid foclóireachta.

Maíonn Hoyt (2008) go dtugann ‘alphabox’ deis do na daltaí dul i ngleic le téacs ar dhóigh éifeachtach. Níl ann ach leathanach A3 nó A4 agus é roinnte i mboscaí agus litreacha na haibítre scríofa isteach ann.

Caithfidh na daltaí bheith ag obair i mbeirteanna agus iarracht a dhéanamh rud éigin nó duine éigin nó focal éigin a bhaineann leis an scéal a scríobh sa bhosca cheart. Cuir i gcás, rachadh ‘Antaine’ agus ‘aithne’ i mbosca A, ‘bábóg’, ‘bronntanas’ agus ‘biseach’ i mbosca B, ‘crainn’ agus ‘clocha móra’ i mbosca C, ‘Darach’ agus ‘dúchosach’ i mbosca D, ‘Eibhlín’ i mbosca E, agus dá réir sin.

Ag deireadh na gníomhaíochta, thig leis an mhúinteoir ceist a chur ar dhalta lena fháil amach cad é a chuir sé i mbosca áirithe. Nuair a thugann an dalta an freagra, is féidir tuilleadh craicinn a chur ar an fhreagra agus eolas ar an ghearrscéal a thógáil thart ar na freagraí ón rang uilig. Má fhreagraíonn an dalta go bhfuil ‘Antaine’ aige i mbosca A, thig leis an mhúinteoir ceist a chur air maidir le hAntaine agus an cineál carachtair a bhí ann.

Mar a mhaíonn Beck, Mc Keown agus Kucan, (2008) is gníomhaíocht é an bosca aibítre a thugann na focail chun beatha agus a chuireann sa chomhthéacs cheart iad. Is cluiche eile é Cé atá ag iarraidh bheith ina mhilliúnaí? a chuireann go mór le teagasc agus foghlaim an ghearrscéil. Is gníomhaíocht mhaith í ag deireadh an ghearrscéil le deis eile a thabhairt do na daltaí dul siar ar a bhfuil foghlamtha acu agus a gcuid eolais a dhaingniú ar dhóigh phléisiúrtha idirghníomhach.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm