Grianghraf: Dún Chaoin, Nigel Cox

Bíonn ar fhile na Gaeilge a chás a dhéanamh: cén fáth a bhfuil sé ag scríobh i mionteanga nach í a mháthairtheanga í. Déanann sé an cás sin, an chúis sin, leis féin agus leis an tsaol. Cén fáth a bhfuil sé ag ceilt buntáistí móra an mhargaidh idirnáisiúnta Bhéarla air féin, buntáistí geilleagracha, cultúrtha agus intleachtúla? Cuid againn, déanaimid neamhshuim den tsaol mhór, agus is beag d’fhilíocht idirnáisiúnta ár linne a léimid. Cuid eile, ní cheadaímid aistriúchán ar ár gcuid saothair. Tugann gach file a aghaidh féin ar an fhadhb seo, déanann a réiteach féin leis. Ní furasta ag an fhile coinneal bheag fhann a inspioráide Gaeilge a chosaint san aimsir ghaofar seo. Athraíonn an réiteach le himeacht aimsire ó ghlúin go glúin agus athraíonn an freagra de réir mar a athraíonn stair ár linne.

Baineann Seán Ó Ríordáin le háit agus le tréimhse ar leith, agus is ráiteas nó gairmshlua é an dán ‘Fill Arís’ a fhreagraíonn don áit agus don tréimhse sin. Faoi thionchar an ollaimh le Béarla i gCorcaigh, Daniel Corkery, géilleadh go leitheadach don teoiric gurb í an Ghaeilge aon teanga cheart mhuintir na hÉireann, gur i nGaeilge amháin is ceart do gach intleachtóir agus file a shaothar a dhéanamh – seachas an Corcorach féin, a scríobh i mBéarla. The Hidden Ireland an leabhar ba chlúití leis. Ba mhó an fhírinne a bhain le breathnú siar, dar leis an Chorcorach, ná le breathnú timpeall, nó amharc amach an fhuinneog. ‘The backward look’ a thug Frank O’Connor air seo, agus bhain sé le tábhacht na bhfeirmeoirí beaga a raibh The Irish Homestead, faoi eagar D.P. Moran, mar iris phropaganda aige, agus a mhacasamhail chéanna le fáil an tráth sin ar fud na hEorpa. Ní raibh mórán d’oiliúint acadúil ag an Chorcorach ná ag a lucht leanúna.

Mar sin féin, rinneadar iarracht ionraic, mhacánta anailís chultúrtha a dhéanamh ar chuspóirí agus ar aidhmeanna an stáit nua a bunaíodh sna fichidí agus a bhí ag dul in aipiúlacht aimsir na hÉigeandála, nó an Dara Cogaidh Dhomhanda. Bhí Seán Ó Ríordáin ar dhuine de lucht leanúna sin Dhónaill Uí Chorcora. Idir an bhochtaineacht agus an easláinte, níor éirigh leis féin cúrsa ollscoile a chríochnú – mar a chéile le triúr as an cheathrar filí ar an chúrsa A leibhéal Gaeilge. Ach shlog an Ríordánach teoiric an Chorcoraigh ar bhealach nach ndearna filí Chorcaí a tháinig ina dhiaidh, Seán Ó Tuama, filí Innti, Tomás Mac Síomóin, Colm Breathnach agus eile. Agus is í an teoiric sin atá sa dán seo.

Níl aon tagairt ag an Ríordánach sa chéad chnuasach aige, an ceann a thuill aird agus cáil dó, Eireaball Spideoige, 1952, do chath an dá chultúr, don dátheangachas. Mhéadaigh tábhacht an téama sin ina aigne agus ina shaothar de réir mar a chuaigh an t-am isteach. Is sa dara cnuasach, ceann nach bhfuil an taitheag céanna ann, Brosna, a foilsíodh dosaen bliain ina dhiaidh sin, 1964, a cuireadh cló ar ‘Fill Arís’ agus dánta eile inar chíor sé an dátheangachas.

Is sa mhodh ordaitheach atá an dán tríd síos, an file ag ordú don léitheoir nó dó féin imeacht ón áit ina bhfuil sé – cathair Chorcaí, ach nach gcuirtear síos uirthi sin a bheag nó a mhór– agus ón am ina bhfuil sé agus ón chultúr ina bhfuil sé. Ordaítear dó dul siar chun na Gaeltachta. Ní chun na breac-Ghaeltachta sin tamall de mhílte siar ó Chorcaigh inar rugadh an file, ach siar iomlán an bhealaigh go Dún Chaoin, áit a bhí ina Gaeltacht láidir an tráth sin. Gabh siar, a deir sé, níos faide ná Gleann na nGealt, áit gar do Lios Póil ar imeall na Gaeltachta – ach ar ndóigh is ag baint leas as brí eile ‘Gleann na nGealt’ atá sé. Is cuma cé acu aistriú fisiciúil nó aistriú meoin a bheas ann, ach bíodh sé ina aistriú iomlán agat. Ní díreach athrú iomlán teanga is gá a dhéanamh, ach athrú iomlán cultúir. De thairbhe an chlaochló chultúrtha seo, beidh codarsnacht iomlán ann idir an tú a bhí agus an tú a bheas. Beidh tú ag freagairt don chultúr dúchais Ghaelach. Buail ar dhoras na Gaeltachta, a deir sé, mar chríoch fuascailte an dáin is osclófar/ d’intinn féin is do chló ceart.

Amharcann an file ar an aistriú seo mar aistriú ama. Féach an tagairt ag tús an dáin d’Aois ár dTiarna, anno domini bocht suarach s’againn féin, agus do chath Chionn tSáile, briseadh na nGael. Caith díot ualach an chuid is fearr de chultúr an Bhéarla Shasanaigh sna haoiseanna a d’imigh. Sin uilig in imeacht ocht líne. Ní lánstad a dhéanann sé, agus é ag sodar chomh tapa sin, ach idirstad (colon). Glan d’aigne de nósanna, de shlite smaointe an Bhéarla atá bun os cionn le do mheon dúchais. Iarr maithiúnas agus glanadh anama agus déan síocháin le do mhuintir féin, do threabh, do theach, do volk féin. Feicimid rian den chiníochas ag baint le smaointeachas den chineál seo. Tá an luach le léamh go soiléir ar na focail: nigh, faoistin, síocháin, do thig-se féintréig agus arís tréigean. Ansin tá líne an-fhada, an ceann is faide sa dán, anáil mhór fhada de líne ag insint íor na spéire, ag déanamh margántaíochta ar an Wild Atlantic Way, ag cur síos ar imeall álainn an Atlantaigh, an méid a ghnóthaíonn tú de thairbhe nár thréig tú teach ná treabh: Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne.

Agus ansin, mar a bheadh véarsa eile ag toiseacht, an cuireadh chun áilleachta, an duais, luí na gréine tar éis an turais siar: Is chífir thiar ag bun na spéire… Ach ní feiceáil atá i gceist, ar ndóigh, ach cluinstin: an Ghaeilge cheart, chanúnach, neamhchaighdeánaithe, an ghramadach chasta, iomlán, shaibhir ar bhéalaibh daoine – seo an chéad uair a luaitear daoine sa teachtaireacht seo. Tar éis idirstad eile, cuireann an file eang bheag (indentation) ar an téacs don cheithre líne dheireanacha. Línte beaga gearra anois aige don achoimre, don fhuascailt, ina dtugann sé comhairle don léitheoir teagmháil le muintir Dhún Chaoin chun caidreamh a bhunú leo. Is ar an dóigh seo, leis an chaidreamh seo, a thiocfaidh sé ar a intinn féin, a chrot, a chló féin, a aimsiú.

Ar bhealach, cuireann an file crot an dáin bun os cionn anseo, agus in ionad trí rann agus amhrán a chleachtadh mar ba mhinic, is féidir go bhfeicimid trí amhrán 6-8 líne agus ansin rann beag gonta 4 líne.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm