Athraíonn siollabas Ardleibhéal na Gaeilge ó thráth go chéile, mar is dual. I measc na n-athruithe, bíonn na filí a roghnaítear saothar leo agus a gcuid dánta. Táthar tar éis a fhógairt cé hiad na filí agus cad iad na dánta leo a bheidh ar an chúrsa ó 2017 ar aghaidh.

Iarradh orm caint a dhéanamh mar chuid de Lá Litríochta Ollscoil Uladh i gColáiste Mhig Aoidh i nDoire ag deireadh Mhárta 2017 ar na hathruithe seo. Shocraíomar gur fiú agus gur garach do mhic léinn agus do mhúinteoirí araon nótaí anailíseacha, bunaithe ar an chaint sin, a dhéanamh ar na dánta, idir iad sin atá úrnua agus na cinn a bhfuil, is dócha, eolas maith orthu, de thairbhe iad a bheith seanbhunaithe sna ranganna.

Sa mhéid agus go bhfuil gearradh déanta ar líon na bhfilí agus ar mhéid a saothair sa chúrsa nua seo, is amhlaidh gur dócha gur mó an gá le nótaí anailíse le cuidiú le tuigbheáil na mac léinn agus mar ghar ag múinteoirí a mbeidh, is dócha, cuid den tsaothar sin úrnua acu.

Is mithid a admháil go dtugaim aghaidh ar na dánta seo, ní mar oideachasóir ach mar fhile agus léirmheastóir, agus nach rún dom nótaí a thabhairt do na scrúduithe, ach tuiscint a mhéadú ar an tsaothar féin.

Chuir mé romham míniú a thabhairt ar théacs na ndánta, seachas iarracht a dhéanamh ar chomhthéacs teoiriciúil, comparáideach, beathaisnéiseach ná eile a dhéanamh. Brí an dáin agus ciall an fhile is cuspóir dom, ní rud ar bith níos mó (ná níos lú) ná sin.

Le tamall de bhlianta, bhí na filí céanna ar an chúrsa: Ó Ríordáin, Ó Direáin, Mhac a’ tSaoi, Ó Searcaigh, a maireann saothar leo ar an chúrsa nua, agus beirt eile nach bhfuil ar an chúrsa nua, mé féin agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Bíonn a gcúiseanna féin ag lucht leagtha amach cúrsaí, cúiseanna nach gnách a phlé go poiblí, ach is féidir gur trua nár glacadh an deis le filí eile a ainmniú seachas cloí go coimeádach leis an tseandream, ar sine triúr acu ná an dá stát in Éirinn.

Ní cuí ná ní cothrom liosta a thoiseacht, ach airím uaim i measc na bhfilí bunaithe a phreabann chun cuimhne Paddy Bushe, Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson, Cití Ní Bheildúin, Caitríona Ní Chléirchín, Proinsias Mac a’ Bhaird, Gabriel Rosenstock etc. etc.

Agus is aisteach liom, mar b’aisteach le léitheoir ar bith filíochta, an bhearna mhór a fhágtar nuair nach bhfuil aon dán le Nuala Ní Dhomhnaill ar an chlár. Tá meas ar a saothar, agus ardghradam dá réir, agus is mithid aitheantas a thabhairt do bhean agus d’fhile comhaimseartha mar í ar an leibhéal seo, ceann cúrsa na meánscolaíochta, aois na haibíochta, 18.

Ní hionann ar chor ar bith an cur chuige atá ag lucht leagtha siollabais an tuaiscirt agus an deiscirt. Ní miste an difríocht sin – tá an oiread sin difríochtaí sa dá chóras agus sa dá chaighdeán, dhá thaobh na teorann, nach féidir agus nach cóir iad a bheith díreach mar an gcéanna.

Sa tuaisceart, mar a tchímid, tá anois, faoi réir na n-athruithe nua, ceathrar filí – triúr fear, bean amháin, triúr a rugadh céad bliain ó shin nó chóir a bheith chomh fada sin ó shin – agus trí dhán le gach duine díobh. Sa deisceart is gá rogha a dhéanamh idir Ardteistiméireacht (gnáthleibhéal) agus Ardteistiméireacht (ardleibhéal). Bíonn a bhfuil le déanamh ar an ghnáthleibhéal le déanamh, fosta, de bhreis ag na mic léinn ardleibhéil.

Is iad na filí a bhfuil saothar leo ar an ghnáthleibhéal an ceathrar seo: Caitlín Maude, Máirtín Ó Direáin, Nuala Ní Dhomhnaill, Pádraig Mac Suibhne, maraon le dán nach comhaimseartha leis an aois seo, ‘An Spailpín Fánach’. Níl ach file amháin díobh sin beo.

Is iad na filí a bhfuil saothar leo ar an ardleibhéal Seán Ó Ríordáin, Máire Áine Nic Gearailt, Cathal Ó Searcaigh, Biddy Jenkinson agus, arís, dán nach comhaimseartha, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’. Triúr a mhaireann beo.

Is léir iarracht ar chothroime idir fhir agus mhná, agus luí le filí Gaeltachta ach slí d’fhilí nár de thógáil na Gaeltachta iad.

Tá an mheánaois ard go leor – gach duine os cionn na trí scór, de réir Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 le Seán Ó Cearnaigh. Dán in aghaidh gach file a leagann an deisceart síos, ach feicimid buntáiste sa chleacht ag an tuaisceart, trí dhán in aghaidh an duine a ainmniú chun ligean don mhac léinn blas an tsaothair a fháil ceart.

Tá súil agam scrúdú a dhéanamh ar gach dán de chuid shiollabas an tuaiscirt, aiste faoi leith ar gach ceann díobh, aiste ar gach eagrán ar leith de An tUltach go mbí deireadh déanta. Ar ndóigh, is dá chineál féin gach dán agus dá réir sin, beidh cuid de na haistí níos faide ná a chéile. Agus cuid acu níos deacra, níos casta ná a chéile.

Agus is féidir go maith go mbeidh a mhalairt de thuairim faoi na dánta ag an mhac léinn féin, ag an mhúinteoir, ag an scrúdaitheoir ag deireadh an lae.

Ba dhona liom mura mbeadh ach an t-aon léamh ar dhán, an t-aon cheart ag an léitheoir, an t-aon bhrí ag an fhile.

Tá an t-alt seo le fáil in Imleabhar 92, Uimhir 4, Aibreán 2017.

SCAIP
SiarAirgead ar fáil faoi choinne gníomhaíochtaí I nGaeilge
Ar aghaidh‘Rian na gCos’ le Seán Ó Ríordáin
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

4 TRÁCHTANNA

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm