Grá faoi rún gan aitheantas poiblí is téama don dán seo. Gearánann an file mná a cás lena leannán, agus bagraíonn sí deireadh a chur leis an chaidreamh mar gheall ar a laghad sásaimh a bhaineann sí as, an méid crá agus péine a ghabhann leis.

Scríobhadh an dán i gcaogaidí na haoise seo a chuaigh thart, nuair nár mhinic ag bean óg a admháil go raibh sí ar a leithéid de dhóigh, gur páirtnéir í ag fear pósta. Tá an grá faoi rún, agus gabhann cineálacha éagsúla faidhbe leis sin don bheirt, ach go háirithe don bhean í féin. Ní luann an file bean chéile a leannáin, agus ní léir gur cás di a cás siúd.

Mar gheall ar an ghrá a bheith faoi rún, féachann an file le cuid dá bhuanna agus – níos mó arís – dá dhíomuanna a struchtúrú go foirmeálta. Baineann sí leas as friotal fileata a bhfuil smacht air, agus cuireann an smacht sin ar a cumas rudaí a rá a bhfuil racht ag baint leo, rudaí a théann thar fóir agus a bhainfeadh, an tráth sin, dá dínit. Ceadaíonn an friotal rialta seo di rudaí a rá os ard nár chuí, nár mhinic ag bean dá cineál an tráth sin. Cuireann sí foirm rialta ar an dán ar dhóigh a gcuireann smacht agus cruth ar an mhian chollaí, ar an racht drúise, ar dhíomas agus fearg na mná sa chás seo.

Tá cead scríofa mar seo aici ní hamháin mar gheall ar fhriotal rialta an dáin, ach mar gheall air go scríobhann sí in aithris ar thraidisiún dánta grá na Gaeilge sna haoiseanna i bhfad ó shin, ag deireadh na meánaoiseanna – féach Dánta Grá an Rathailigh. Tugann an oidhreacht liteartha seo saoirse di. Tá an dóigh a gcuireann sí a mothúchán di saghas ársa, léannta, agus sin a bheir cead cainte mar seo di, agus a dínit a choinneáil slán.

Baineann sí leas an-chliste as rím, rithim, comhshondas, uaim, agus cleasa aitheanta eile fhriotal na filíochta. Féach cúpla sampla. In V1 críochnaíonn gach líne go rialta, ú, ú, ái, ái agus leanann sí ar aghaidh leis an scéim seo tríd síos, í ag leanúint rialacha ríme, uaime agus comhshondais na Gaeilge go beacht.

Féach mar a phléann sí leis na consain, fosta. In V1, tá againn i línte 1 agus 2 f – f – f/ f – f. Scoláire léannta í an file seo agus tugann sin cead a pinn di. Saghas exercise ealaíonta a dhéanann sí den dán, ach fáisctear an mothúchán go glé.

Ach is beag uilig an teilgean, an scéal a bhaineann leis an dán, dar liom. Cuireann an dán síos ar an phian, an crá a bhaineann leis an chaidreamh seo faoi rún. Is fiú amharc ar dhírbheathaisnéis an fhile The Same Age as the State.

In V1, fógraíonn an file go bhfuil sí chun éirí as an chumann rúnda grá. In V2, míníonn sí go bhfuil sí gan suaimhneas, in V3 nach bhfuair sí as an chaidreamh ach pian. In V4, deir sí nach bhfaigheann sí aon locht air, gurb é an ghrian aici é ach (V5) ós cumann faoi cheilt atá acu, is i gcarcair phluaise a bhíonn sí i rith an ama.

Críochnaíonn sí le V6: dá dhonacht bheith leis, is measa bheith ina éagmais – ceachtar bealach, is bocht an margadh aici. Agus, mar a deirtear, bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha.

Is fiú an dán seo a léamh i gcomparáid leis an dá dhán eile de chuid Mhic an tSaoi atá ar an chúrsa. Dánta grá iad sin fosta, ‘Jack’ agus ‘Gráinne’ ach tá siad difriúil. Grá éadrom saoire atá in ‘Jack’, tuiscint ag an chailín a labhraíonn ann nach bhfuil aon fhonn ar bith uirthi saol bhean an fheirmeora a thabhairt uirthi féin. In ‘Gráinne’, géilleann an bhanphrionsa go humhal do phlean a hathar, pósann de réir an phlean sin, agus tar éis tamaill, bladhmann an grá do Dhiarmuid amach agus bíonn sí mar chroílár an scéil mhóir rómánsúil. Saghas príosúin é an grá don triúr ban sna dánta ar an chúrsa, agus cíorann an file míbhuntáistí éagsúla an ghrá – an grá rúnda gan aitheantas, an grá a mbaineann iomarca obair tí agus clainne leis agus an grá ar chúis imris é.

Rud eile a dhéanann an file sa dán seo ‘A fhir dar fhulaingeas’ ná athraíonn sí ord na bhfocal, an briathar ach go háirithe. Is é gnás an Bhéarla ord na habairte a leanstan Subject/ Verb/ Object ach i gcás na Gaeilge is mó is nádúrtha dul de réir Verb/ Subject/ Object. Ach má scrúdaíonn tú na véarsaí seo, tchífidh tú go gcuireann an file an briathar isteach in cibé áit is toil léi, ar mhaithe le ciall, le héifeacht agus le tionchar. Fágann seo arís tuilleadh scóip agus saoirse ag an fhile. Tá príomhbhriathar V1 i líne 2, V2 i l1, V3 i l2, V4 i l1, V5 l[3]. – cén tionchar a bhíonn aige seo?

Creidim go mbíonn, dá thairbhe seo, an fhilíocht suaite, coipthe, cráite mar go mbíonn an teanga féin ar láimh amháin léannta, ar láimh eile faoi bhrú, cineál as a riocht. Geit a bhaineann seo as an léitheoir, cuireann air moill bheag a dhéanamh, agus sin i gcónaí cuspóir file.

Cuireann oscailteacht, léann cumasach agus sotal ealaíonta an dáin seo le cáil an fhile, lena tábhacht, tráth a raibh an nuafhilíocht á bunú agus cead na mban a bheith páirteach inti á bhaint amach.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm