Labhair Anton Mac Cába leis an iriseoir agus staraí as Contae an Dúin, Ciarán Dunbar

Bhí aithne i dtús báire ag lucht na Gaeilge ar Chiarán Dunbar mar iriseoir, ag scríobh do in Lá Nua, agus ansin mar eagarthóir ar an nuachtán seachtainiúil Gaelscéal a bhí lonnaithe i gConamara (beart a fhágann corrmhacalla as Conamara le cluinstin ina chuid Gaeilge). Ina dhiaidh sin, chuir lucht an Bhéarla aithne air mar iriseoir le BBC Thuaisceart Éireann.

Bhí sé ag teacht ó sheal na maidine nuair a bhuaileamar le chéile in Caifé Nero i Mór-Shráid Victoria i mBéal Feirste. Ní hamháin go raibh cíocras bia air, bhí cíocras Gaeilge an Dúin chomh maith ar an fhear seo as paróiste Chluain Daimh ar an taobh ó thuaidh de Bheanna Boirche.

Níl taifead fuaime de Ghaeilge an Dúin ann, ach b’ann don chanúint beagnach le cuimhne na ndaoine. Tá sé le léamh sa leabhar is déanaí le Ciarán, Cnuasach Focal as an Dún agus Nótaí Eile.

Go fiú i measc Gaeilgeoirí, ní luaitear Gaeilge dhúchasach leis an Dún. “Muintir an Dúin Theas, ní thuigeann siad aon bhaint a bheith ag an Ghaeilge leis an cheantar s’acu,” arsa Ciarán.

“Chuala mé scéalta maidir le duine a bhí ag teagasc Gaeilge i Ros Treabhair agus bhí daoine ag caint faoi na logainmneacha, agus an bunús Gaeilge a bhí leo, agus gur ghlac muintir na háite leis go raibh Gaeilge ar bheagnach gach logainm i Ros Treabhair ar an ábhar go dtáinig daoine as Deisceart Ard Mhacha agus as Ó Méith, agus gur bhaistigh siad an ceantar. Bhí na daoine seo ag foghlaim na Gaeilge, ach cha raibh siad ábalta a thuigbheáil go raibh an Ghaeilge ann, go háirithe sna gleannta os comhair Ros Treabhair.”

Sin ag dul isteach i mBeanna Boirche. Tá leagan amach Gaelach ar fhothracha na mbailte tréigthe thuas ansin.

“Fiú staraithe áitiúla, níl siad ábalta glacadh leis, cé chomh fada a mhair an Ghaeilge sa cheantar sin. Fiú nuair a chuireann tú an t-eolas amach, níl siad ábalta glacadh leis.”

Tugann sé ‘change deniers’ orthu, daoine a ndeachaigh galldú go mór i bhfeidhm orthu.

Is laoch mór aige an Dr Ciarán Ó Duibhín, as an Iúr ó dhúchas, a scríobh The Irish Language in County Down. Rinne an Duibhíneach an-chuid bunoibre. “Sin ceann de na bunfhoinsí a bhí agam don leabhrán seo,” ar seisean.

“Agus sílim go ndearna sé éacht. Sílim gurb iontach an deis agat, más Gael thú, bualadh le do laochra, agus caithfidh mise a rá go bhfuil mise iontach sásta gur chaith mé tamall le duine cosúil le Ciarán Ó Duibhín.”

Laoch eile aige Séamas Mac Seáin agus ceannródaithe eile Bhóthar Seoighe. “Ní aontódh achan duine le hAodán Mac Póilin, ach ba é a chuir ar bhóthar Ghaeilge Oirthear Uladh mé, mar go dtí gur bhuail mé leis, cha raibh a fhios agam go raibh taifid ann, go raibh stair ann.

“Maidir le Contae an Dúin, ní hamháin gur mhair an Ghaeilge suas go lár an fhichiú haois – na seandaoine deireanacha mar a déarfá – ach tamaillín roimhe sin, bhíodh traidisiún iontach láidir ann. Bhí na lámhscríbhinní ann; bhí Gaeltacht agus mar sin de ann.

“Bhí paróistí ann, agus mheas John O’Donovan gur Ghaeltachtaí iad in 1838, nuair a bhí seisean ann. Protastúnaigh bunús na ndaoine a bhí, agus atá, ina gcónaí ansin. Agus labhair sé le daoine, Protastúnaigh, ar Gaeilge a bhí acu. Léiríonn sin an láidreacht a bhí ag an Ghaeilge.

“Ach tháinig an tost. Tháinig an deireadh. Agus, faraor, cé gur mhair an Ghaeilge i gContae an Dúin go dtí gur tháinig taifeadóirí, níl focal di ar taifead agus níl aon chuid di scríofa síos.

“Mar sin, is cineál de sheandálaíocht teangeolaíochta atá ar siúl againne chun níos mó a fháil amach faoi Chontae an Dúin.

“Ach is féidir pictiúr an-bheacht a chur le chéile as an eolas atá ar fáil. Chomh maith leis an Dochtúir Ó Duibhín, bunaíodh cuid mhaith de mo leabhrán ar shaothar Mhichíl Uí Mhainnín agus a chomhghleacaithe sa Tionscadal Logainmneacha, mar tig cuid mhór den eolas ó na logainmneacha. Ach thar rud ar bith, tá an leabhar seo mar chuid d’iarracht lena rá le daoine go raibh an Ghaeilge á labhairt ag daoine i gContae an Dúin ar na mallaibh.”

Ba idir paróistí Chluain Daimh agus Chill Chua a bhí tromlach na gcainteoirí deireanacha. Luaitear gur i 1945 a fuair an cainteoir deireanach bás. Dar le Ciarán nár chainteoirí líofa an dream deireanach.

“Bhí an t-ádh orainn go raibh fear againn [i bParóiste Chluain Daimh] darb ainm an Dochtúir Mac Póilín,” arsa Ciarán.

“Chuir seisean suim sa bhéaloideas agus sa Ghaeilge sna daichidí agus chuaigh sé thart agus labhair sé le daoine, agus bhí daoine ag rá, ‘Bhí Gaeilge ag m’athair mar ní raibh ach Gaeilge ag mo sheanmháthair,’ agus ní raibh Gaeilge ag an duine seo. Feiceann tú an briseadh cultúrtha, sóisialta sin: nach raibh garmhac ábalta labhairt leis na seantuismitheoirí.

“Agus daoine ag rá, ‘Ó, bhí m’athair ag labhairt leis an sagart sna 1920idí i nGaeilge. Is léir go raibh cainteoirí líofa ann an t-am sin’.

“Agus cúig bliana fichead ina dhiaidh sin, cha raibh ann ach daoine a raibh cúpla focal acu. Sin na rianta deireanacha.”

Níl daoine ar an eolas faoi seo “agus bheadh an-obair leis an mheon sin a athrú. Tá sé cosúil le ceantair i nGaeltacht na hAlban, mar ar mhair an Ghaeilge go dtí fiche bliain ó shin agus dearmad déanta ag daoine go raibh an Ghaeilge ann. Séanann daoine go raibh a leithéid sa cheantar.”

Feiceann Ciarán cosúlacht idir an ceantar dúchais s’aige agus Inis Bó Finne na Gaillimhe. “Fuair mé léarscáil den áit. Bhí bunús na logainmneacha i nGaeilge, agus sa Ghaeilge amháin,” ar seisean.

Chuir sé ceist ar dhaoine san áit cén uair a fuair an Ghaeilge bás. “Ó, ceithre chéad bliain ó shin,” an freagra a fuair sé. Tá a fhios aige a leithéidí a bheith i dTír Eoghain – bean a chuala a sinseanathair ag labhairt Gaeilge, ach nár admhaigh an teaghlach gurb amhlaidh a bhí.

Rugadh agus tógadh Ciarán féin fá Bhaile Hill, gan a fhios aige Gaeilge a bheith sa cheantar cúpla glúin roimhe féin. Dar leis go raibh cainteoirí Gaeilge ann agus a sheanmháthair beo, ach gan cuimhne aici orthu. Ach amháin an Dr Mac Poilín a bheith ina ardmháistir scoile, meas ag daoine sa cheantar air agus iad sásta labhairt leis, ach amháin sin ní bheadh a bhfuil de scéal na Gaeilge sa cheantar againn.

Is aige, agus aigesean amháin, a bhí a fhios go raibh, faraor, náire ar dhaoine as an Ghaeilge agus as na seanscéalta a bhí acu.

Cnuasach Focal as an Dún agus Nótaí Eile
Ciarán Dunbar
Coiscéim €7.50

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm