Éalaímis ónár ré dhearóil 

Gombeens at the Gate – Renewing the Rising through Ideals, Character and Place
Finbarr D. Bradley agus James J. Kennelly
€15.00

Is minic a bhíonn smaoineamh geal againn, mar dhaoine nó mar phobal, ach is doiligh dúinn friotal a chur air. Dá dtabharfá cluas le héisteacht leis na ‘meáin oifigiúla’, seans maith go mbeadh mearbhall ort faoi cad é a bhí i gceist le hÉirí Amach 1916 – an íobairt fola a bhí ann, buile ar son na saoirse nó gníomh droinge a bhí ar mire glan?

Ach tá leigheas ar an scéal anois leis an leabhar seo ó bheirt acadóirí i gcúrsaí gnó, mar atá, Finbarr Bradley agus James Kennelly. Sa leabhar s’acu Gombeens at the Gate, tugann siad léargas an-soiléir dúinn ar an spiorad a bhí taobh thiar den Athbheochan agus, níos moille anonn, den Éirí Amach.

Úsáidim an focal ‘spiorad’ nó tá an focal lárnach san argóint acu. Bhain an spiorad réabhlóideach le carachtar, muidne mar Éireannaigh ag seasamh ar ár gcosa féin ach gan dearmad a dhéanamh ar na fréamhacha as ar eascair muid, le béim mhór ar an Ghaeilge.

Ní thig linn, mar náisiún, mar ghrúpa daoine a fheidhmíonn ar dhóigh éigin chomhordaitheach, gan neamhaird a thabhairt ar an rud a dhéanann Éire éagsúil le náisiúin eile. Agus tríd an turas féintuisceana sin, gheibh muid féinmhuinín mar náisiún. Agus sin an áit a dtagann an ghné gnó isteach sa scéal. Ní bheidh rath ar an gheilleagar go dtí go n-aimsímid an fhéinmhuinín sin a thagann as féinchreidiúint chultúrtha agus eitic na hinbhuanaitheachta.

Tá cuid den argóint seo simplí go leor. Mar shampla, ní fiú don tsochaí bheith ag freastal ar an gheilleagar. Ach, arís agus arís eile, trí sholaoidí ón stair suas go dtí an lá inniu, daingnítear ar an argóint agus déantar í a fhorbairt. Ní éireoidh leis an gheilleagar san fhadtréimhse má bhíonn sé ag brath ar infheistíocht dhíreach eachtrach seachas bheith ag díriú ar riachtanais agus buanna an phobail. Sa gheilleagar ilnáisiúnta ina bhfuilimid beo faoi láthair, bíonn buntáiste leis an chruthaitheacht agus leis an rud ‘fíor’ nó ‘dúchasach’ atá fréamhaithe in áit faoi leith. Tá an tomhaltóir ag cur níos mó spéise san eispéireas seachas i níos mó táirgí atá mar an gcéanna.

Má tá leibhéal íseal cáin chorparáide ag an Phoblacht níl aon rud ag cur bac le tíortha eile dul síos an bealach céanna. An t-aon bhuntáiste a mhaireann, dar leis na húdair, na rudaí uathúla a bhaineann linn féin amháin. Molann na húdair ‘a complete paradigm shift’ maidir le cur chuige an rialtais i dtaobh atúsú an náisiúin, agus má tá inspioráid de dhíth tá sé le fáil i meon na hAthbheochana.

Is ag tógáil ar théamaí atá léirithe go mion sa leabhar Capitalising on Culture, Competing an Difference atá na húdair sa leabhar gairid seo ach is fiú go mór an nuashonrú seo i gcomhthéacs 1916 a léamh agus a chur i bhfeidhm.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm