Seo óráid a thug an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ag seimineár Chonradh na Gaeilge, Athbheochan?, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ar 4ú Samhain, 2017.

Cad é a thuigim féin ón rud is ‘athbheochan’ ann?

Dar liom gur coincheap athnuachana teanga agus dúshraith idé-eolaíochta í athbheochan na Gaeilge. Is í an fhís fhadtéarmach a shamhlaím féin leis an athbheochan úsáid na teanga a mhéadú mar theanga phobail. Simplí, ach casta.

Cad é mar a thugaimid faoin athbheochan, faoin fhís sin?

Den chuid is mó, tríd an oiread deiseanna úsáide agus is féidir a chruthú agus a éascú, trí ghluaiseachtaí oideachais agus sóisialta, trí ghluaiseachtaí pobail agus feachtasaíochta, trí reachtaíocht agus acmhainní, agus ar go leor bealaí éagsúla eile.

Dar liom, is ionann athbheochan agus:
– líon na nGaelscoileanna a mhéadú
– freastal ar na coláistí samhraidh Gaeltachta a ardú
– gach tacaíocht agus is féidir a chinntiú do theaghlaigh atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge
– litríocht agus léann na teanga a chothú agus a chur chun cinn.

Is ionann athbheochan, dar liom, agus:
– seirbhísí Gaeilge ardchaighdeáin a bheith ar fáil dúinn mar phobal
– meáin Ghaeilge a chur ar fáil gach áit ar gach ardán
– reachtaíocht láidir phraiticiúil a bhaint amach thuaidh agus theas.

Ach san iomlán, is ionann athbheochan agus pobal de chainteoirí Gaeilge a mhéadú agus é sin a bhuanú.

Cuimsíonn athbheochan na nithe sin ar fad, agus go leor eile. Is é an rud is athbheochan ann an foshruth idé-eolaíochta a spreagann agus a chuimsíonn gluaiseacht na Gaeilge trí chéile – an fhís sin atá leagtha amach ag glúin i ndiaidh glúine. Baineann sé le nósmhaireacht a bhíodh ann i dtaobh na teanga a thabhairt ar ais, ach chomh maith leis sin, baineann sé le traidisiúin úra labhartha agus úsáide a chur chun cinn, agus ag an am ceannann céanna – mar a chuir Gearóid Ó Tuathail síos air – an dominant acoustic sin a chruthú go forleathan.

Ní próiseas nádúrtha é. Níor phróiseas nádúrtha a bhí sa mheath a tháinig ar an teanga ar an chéad dul síos. Imeachtaí, polasaithe agus tubaistí cultúrtha, eacnamaíochta, polaitíochta agus socheacnamaíochta ba chúis leis sin, go háirithe idir deireadh an 16ú céad / tús an 17ú céad agus lár an 19ú céad.

Mar sin, chun aon rud a athrú nó a bhaint amach, ní mór dúinn dul i bhfeidhm ar na domhain agus ar na polasaithe cultúrtha, eacnamaíochta, polaitíochta agus socheacnamaíochta céanna arís eile.

An difear is suntasaí gur brúdh an próiseas coilíneachta ón bharr anuas ach, chun go n-éireoidh leis an athbheochan, ní mór di a theacht ón bhun aníos. Tá sé sin chomh fíor céanna inniu is a bhí ag tús an 20ú céad.

Uaireanta, áfach, is féidir an téarma sin ‘athbheochan’ a bheith measartha teibí. Caithfear an cheist a chur: An bhfuil ag éirí linn? An bhfuil ag eirí leis an athbheochan?

Dar liom, níl aon cheann scríbe deifnídeach ann. Ní dóigh liom go dtiocfaidh an lá a fhógrófar go bhfuil an athbheochan thart, gur éirigh linn, nó go deimhin, gur theip orainn. Is rud í an athbheochan a bheas ag síorathrú de réir gach glúine agus athraithe a thiocfaidh ar an tír. Is próiseas leanúnach, buan í an athbheochan i gcónaí.

Cad é mar a dhéanaimid an dul chun cinn i dtaobh na hathbheochana a mheas, mar sin?

Cé gur próiseas buan é, bíonn torthaí leanúnacha ag teacht chun cinn i gcónaí. Is féidir tionchar na hathbheochana a mheas tríd na torthaí sin, bíodh siad beag nó mór. Is féidir linn amharc ar staitisticí daonáirimh, a léiríonn bunfhigiúirí maidir le lucht labhartha na teanga, mar tháscaire atá dubh agus bán.

Is í an tuairim atá agam go bhfuil roinnt táscairí sóisialta, pobail agus oideachais ann a léiríonn an staid reatha. Tá dhá shampla agam a léiríonn domsa neart agus spiorad na hathbheochana.

An Dream Dearg. Is iad na focail a thagann chugam agus mé ag caint le scoileanna agus scoláirí maidir le héifeacht an fheachtais sin ná ‘óige’, ‘ceannaireacht’, ‘muinín’, ‘cumas’, ‘glúin úr’ agus ‘todhchaí’. Sin sainfhoclóir na hathbheochana, dar liom.

Chonaic muid le bliain anuas gur féidir leis an fheachtasaíocht daoine a thabhairt le chéile ar bhealach iontach cumhachtach ar fad, gur féidir linn athrú a dhéanamh agus muid eagraithe agus ar aon ghuth – ach níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil glúin úr de Ghaeil óga sásta, ábalta, cumasach agus muiníneach go leor le dul amach i mbun gnímh, beag beann ar an rialtas ná ar an stát.

Baineann cumhacht faoi leith le haon phróiseas a léiríonn don ghnáthdhuine go bhfuil agency acu agus gur féidir leo an domhan atá thart orthu féin a athrú. Is próiseas réabhlóideach, claochlaithe é seo.

Amharcaim ar na daoine sin mar thoradh na hathbheochana – agus mar cheannairí nua na hathbheochana araon.

Sin againn feidhm athbheochan na feachtasaíochta: nuair a spreagtar gníomh trí úinéireacht phearsanta a chothú sa ghluaiseacht, díograis dheonach agus páirteachas pobail. Spreagadh go háitiúil agus go náisiúnta an toradh air sin, agus léiriú don phobal áitiúil go bhfuil luach leis an teanga agus éifeacht le gníomh pobalbhunaithe ón bhun aníos.

Sin i mbeagán focal an Dream Dearg. Agus tá na focail sin anois á scaipeadh ar fud na tíre agus, go deimhin, ar fud na cruinne. Tá scéala an Dreama Dheirg le sonrú ó TG4 go Al Jazeera, ó An tUltach go dtí an New York Times. Tá cúrsaí teanga, cearta Gaeilgeoirí ar ardán domhanda.

Is é an sampla eile d’athbheochan a thagann chun aigne, agus b’fhéidir an ceann is mó atá againn ó thuaidh, ná an Ghaelscolaíocht. Smaoinímis siar go 1971 ar cheannairí Bhóthar Seoighe agus iad ag cur tús le Bunscoil Phobal Feirste, mar atá uirthi sa lá atá inniu.

Ná déanaimis dearmad gur bagraíodh an dlí ar an dream cróga sin as siocair gur éascaigh siad oideachas i dteanga nár Bhéarla í. Sháraigh siad sin. Ná déanaimis dearmad nach raibh ach 9 bpáiste ar an scoil sin i 1971. Lean siad ar aghaidh. Rinne siad é. Bronnadh aitheantas oifigiúil ar an scoil i 1994. Ó shin amach, níl aon amhras ann ach gur eiseamláirí iad na Gaelscoileanna ó thuaidh maidir le tábhacht na teanga.

Mar a insíonn graifítí Gaeilge Bhéal Feirste dúinn: ‘An Ghaelscolaíocht, cuisle agus croí na hathbheochana’.

Anseo tá táscaire cainníochtúil agus cáilíochtúil araon gurb amhlaidh atá ag éirí leis an athbheochan Ghaeloideachais ó thuaidh. I 1971, bhí naonúr ann. In 2006-07 bhí 3,660 ann. Agus de réir fhigiúirí Chomhairle na Gaelscolaíochta, faoi 2021 beidh 7,220 dalta ag fáil oideachais trí Ghaeilge: sin ardú 97.23% le hais 2006, tréimhse 15 bliana.

Le fás agus clú Choláiste Feirste, mar aon le ceannaireacht agus ceannródaithe Ghaelcholáiste Dhoire, agus forbairtí réabhlóideacha eile ar na bacáin i gceantair eile, tá coincheap an tumoideachais Ghaeilge anois fréamhaithe go buan mar earnáil neamhspleách a bhfuil ag éirí go geal léi.

Ach is í an ghné is suntasaí de seo ar fad an ceangaltas eatarthu. Téann gach ceann de na gluaiseachtaí agus de na feachtais seo i bhfeidhm ar a chéile, mar gur minic na daoine céanna atá á dtreorú nó rannpháirteach iontu.

Is í an bhaint idir an Ghaelscolaíocht agus an Dream Dearg an ceann is soiléire domsa nó is í an Ghaelscolaíocht féin a chruthaigh go leor den ghlúin nua réabhlóideach de dhaoine óga atá taobh thiar den Dream Dearg.

Agus is iad na Gaeil réabhlóideacha sin, tríd an Dream Dearg, atá iomlán chun tosaigh i bhfeachtas chun cearta daltaí reatha na nGaelscoileanna a bhaint amach.

Gluaiseacht, tionchar, toradh, tús. Gluaiseacht, tionchar, toradh, tús.

Próiseas ciorclach atá ann, mar a bheadh rotha mór an tsaoil ann. Is í timthriall na hathbheochan í. Mar atá foghlamtha againn leis an Dream Dearg, tá an turas féin chomh tábhachtach céanna leis an sprioc: grúpa daoine a thabhairt le chéile atá aontaithe ar fhís.

Tríd an chomhoibriú, an plé, an rannpháirtíocht, an gníomh, an díospóireacht agus an fheachtasaíocht, tagann glúin iomlán nua de dhíograiseoirí chun cinn atá cumasaithe i dtaobh na stocaireachta agus cuimsitheach ina gcur chuige.

Is é atá againn ná feachtas spriocdhírithe le toradh buan atá níos leithne ná mar a bheartaigh muid ag an tús.

Is é tiomantas an ceangal idir na gnéithe seo ar fad. Ní hann d’aon athbheochan, gluaiseacht, feachtas ná eile gan tiomantas. Agus ní hann don tiomantas gan tiománaithe.

Bíonn fís, tiomantas agus tiománaithe de dhíth i gcónaí. Is tiománaithe teanga gach duine againn sa seomra seo, bealach amháin nó eile. Tá dualgas agus ualach orainn ar fad ár ról féin a imirt sa scéal seo, beag nó mór.

Smaoiním siar inniu ar óráid a thug an Craoibhín Aoibhinn, Dúbhglas de hÍde, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag an chéad Oireachtas, Dé Luain, an 17ú Bealtaine 1897, 120 bliain ó shin anois.

Óráid í a léirigh tiomantas agus gairm na hathbheochana araon. ‘Éireoimid feasta, tá an lá geal ag teacht’ an teideal a bhí uirthi. Is é a dúirt sé:

“Táimid ag bualadh buille láidir ar son na hÉireann anocht, buille níos láidre ná do shílfeá ar dtús, óir táimid ag taispeáint don domhan mór go bhfuil an tsean-Éire, Éire na Gaeilge, beo ann go fóill, agus táimid ag dul inár mbannaí go mbeidh sí beo ann go brách. . .

Agus ansin nuair a thiocfas scéal na hÉireann do bheith scríofa san am le teacht, léifidh na daoine a thiocfas inár ndiaidh gur éirigh sibhse amach agus gur sheas sibh go daingean dílis ar son teanga bhur dtíre, agus gur chuir sibh í arís ina háit féin, ar mhodh nach bhfuil baol uirthi bheith caillte choíche.”

Tugaimis cluas arís eile do mhacalla sin na staire.

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm