Is gearr go mbeidh Liú Lúnasa linn, féile spleodrach imeallchultúir Bhéal Feirste. Tá an clár (atá le léamh anseo) lán go béal le himeachtaí spleodracha, spreagúla a mheallfaidh lucht na rannpháirtíochta as fud fad na tíre. Tá dianchúrsa Gaeilge ann, oíche airneáil agus agallamh na scéalaithe (Aodh Mac Gairbhea a bheas faoi agallamh ag Seanán Mac Aoidh i mbliana). Déanfar plé ar chúrsaí feimineachais agus beidh comhimeacht ann le féile Outburst, féile na n-ealaíon aiteach. Beidh ceolchoirm mhór faoin spéir ann, siúlóid go Beann Mhadagáin agus, is cinnte go mbeidh tóir mhór ar an imeacht is suntasaí agus is uathúla ar fad acu, an slam filíochta.

Milène Ní Fhaogáin, an buaiteoir i slam filíochta Liú Lúnasa anuraidh.

Anuraidh bhí thart ar 70 duine díograiseach, glórach as ceithre chearn na tíre agus níos faide i gcéin sa lucht éisteachta ag an tslam i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Ghlac thart ar scór acu an t-ardán chucu féin, nárbh ardán é le fírinne ach an spás istigh i gciorcal a raibh an lucht féachana ina suí thart air. Chuir an leagan amach seo go mór leis an bhraistint mhuintearais a bhain leis an ócáid, gan aon duine ag an cheann ná ag an tóin ach muid uilig mar aon neach amháin, geall leis. Táthar ag tnúth go mbeidh an slam níos mó arís i mbliana agus an duaischiste méadaithe go mór. Beidh £500 ar fáil don bhuaiteoir, mar aon le ticéad don Phicnic Leictreach ar an tSráidbhaile i gContae Laoise ag deireadh na míosa. Tá fáilte roimh aon duine cur isteach ar an chomórtas nó díreach slamdhán a léamh amach don lucht éisteachta. Tá na sonraí iontrála le fáil sa chlár.

Ealaín ar leith í an tslamfhilíocht a bhfuil an aithris os comhair slua ina dlúthchuid di. Cuireann an aithris brí sna focail nach bhfuil le fáil sa leagan scríofa – agus is minic gan leagan scríofa a bheith ann ar chor ar bith. Cuireann na slamaithe anáil na beatha sa rím agus sna rithimí agus corraíonn agus gríosaíonn sé seo an lucht éisteachta lena liú a ligint agus, i mórán cásanna, dul i mbun a gcuid cumadóireachta féin. Anuraidh ba í Milène Ní Fhaogáin as Béal Feirste an buaiteoir lena slamdhán faoin fháinne fí a bhaineann le post a bheith agat agus lena bheith ag obair mar “múint-whore” nó “léirith-whore” nó “cuntas-whore”. Sionann Ní Ghréacháin as Luimneach a bhí sa dara háit le dán lán saibhreas teanga faoin chíocras a bhí uirthi an Ghaeilge a labhairt agus a léamh an athuair ar theacht abhaile di as saoire theaghlaigh in Florida Mheiriceá. Dáire Ní Chanáin as Doire agus Eoin P. Ó Murchú as Baile Átha Cliath a bhí sa tríú háit agus bronnadh gradam speisialta aitheantais ar Thuán Ó Ruanaidh a chuir uaidh dán féinchumtha den scoth agus a fuair scéala an lá sin go raibh slabhra fada grádanna A bainte amach aige sna scrúduithe GCSE. Beidh na moltóirí céanna ar ais i mbliana: Séamus Barra Ó Súilleabháin, ar slamaí aitheanta, gradamúil é féin as Lios Tuathail i gCiarraí, agus Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin, beirt scríbhneoirí Feirsteacha. Is í Sinéad Ní Uallacháin as Corca Dhuibhne a bheas mar bhean an tí.

Beidh Réaltán Ní Leannáin páirteach i seisiún plé fosta ag an fhéile faoin chéad chéim eile don fheimineachas in Éirinn, in éineacht le Grian Ní Dháimhín agus Lisa Nic an Bhreithimh. San imeacht Pobail laistigh de Phobal, déanfar plé ar ábhar a théann go smior i ngach duine againn, is é sin cúrsaí féiniúlachta. Is iad Cúnla Morris, arb iad an tOifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide agus ar leispiach neamhdhénartha iad, Seán Ó Ceallaigh, gníomhaí aiteach, agus Ola Majekodunmi, láithreoir le Raidió na Life, na cainteoirí a bheidh páirteach ann.

Seolfar leabhair ag Liú Lúnasa i mbliana: ‘Muireann agus an Fharraige Fhiáin’ le Malachy Doyle, maisithe ag Andrew Whitson ón teach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór, agus ‘Gaois na nAoiseanna’ le Risteard Mac Gabhann, foilsithe ag Coiscéim. Le hurraíocht ó fhéile Outburst, seolfar ‘An Foclóir Aiteach’ agus beidh filíocht ann ina dhiaidh le Maoilíosa Nic Éadaoin agus Ciara Ní É, le tionlacan ar an olldord le Seaghan Mac an tSionnaigh.

Bíonn ráchairt mhór ar an dianchúrsa Gaeilge 3 lá i gcónaí, go háirithe ag daoine as tíortha eile seachas Éire. Go deimhin, tá daoine a bhíonn ag freastal ar an chúrsa seo a bhí stadach go maith ina gcuid cainte cúpla bliain ó shin anois ag dul thart ar Bhéal Feirste ag spalpadh na dea-Ghaeilge gan stró. Beidh Scoil Samhraidh Aisling Óg ann do pháistí 7-10 mbliana agus beidh seó gleacaíochta ar leith ann don mhuintir óga fosta leis an Woven Circus Collective.

Beidh deis aclaíochta ann sa tsiúlóid go Beann Mhadagáin leis an saineolaí sléibhe, Cormac Ó hAdhmaill, agus ag Poc Fada na nGael in ómós d’Éamonn Ó Faogáin, Gael an ghlóir bhinn, nach maireann, a raibh a chroí istigh san iománaíocht aige.

Maidir le ceol, níl aon ghanntanas de sin le fáil ag Liú Lúnasa. Beidh gig speisialta ann i lár an lae dar teideal Síle na Gig le Síomha, amhránaí ildánach as Contae an Chláir, Emma Ní Fhíoruisce agus Lauren Ní Chasaide. Beidh Ceol sa Chearnóg le Síomha arís, DJ Daithí agus Abhainn Bheara. Seo ceolchoirm saor in aisce faoin spéir i gCearnóg an Bhruaigh, áit a bhfuil séipéal Naomh Muire agus Tigh Cheallaigh suite.

Ar deireadh, ceann de na buaicphointí ag an fhéile i mbliana is ea an cheolchoirm hip-hap le Kneecap as Béal Feirste, Oisín Mac as Cill Mhantáin, Ar an Tábla as Doire agus Vigilanti, arb as Doire dó fosta agus arb é J.J. Ó Dochartaigh faoi aghaidh fidil é. Tá dhá cheann de na grúpaí seo ar a laghad bainteach go dlúth le Liú Lúnasa ó bunaíodh í. Is léir gur féile í seo a spreagann ealaíontóirí agus oirfidigh, filí agus fonnadóirí a gceird a chleachtadh agus máistreacht a fháil uirthi. Cuirfear fáilte mhór chroíúil roimh an uile dhuine, agus an fháilte sin i bhfriotal sainiúil na nGael Feirsteach a bhunaigh an fhéile – monaigí síos!

Beidh Liú Lúnasa ar siúl i mBéal Feirste 22-26 Lúnasa, 2018. Tá an clár le fáil anseo.

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm