Níl sé ach cúpla mí ó d’imigh tú uainn go ciúin in otharlann phríobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath, ach chuaigh scaiftí ó gach ceann den tír i ndeabhaidh le garbhachas farraige chuig do thórramh ar an oileán ghrámhar sin a bhí gar do do chroí. Chan i do shuí fán tine a bhí tú ó thogh pobal an oileáin tú mar rí agus ba chúramach mar a chuir tú fíorchaoin fáilte roimh na mílte ag an ché agus iad ag teacht ón Tor Mór, bád a thug seirbhís iontach do Thoraigh.

Ba i 1997 a bhuail mé le Patsaí Dan den chéad uair agus chuamar síos gur shuíomar ar laftán ar bhruach an chladaigh. Ní rómhaith a bhí an saol ar an oileán ag an am mar i ndiaidh stoirm mhór i 1974 a d’fhág Toraigh gan ceangal le tír mór ar feadh ocht seachtaine, d’imigh suas le scór le háit níos sábháilte a fháil i Machaire Rabhartaigh agus ar an Fhál Charrach. Ní raibh seirbhísí arbh fhiú trácht orthu acu, ní raibh séarachas ná leictreachas acu agus bhí an iascaireacht ag dul i léig.

D’ainneoin gur imigh na daoine sin, bhí thar 150 fágtha go fóill agus bhí sé soiléir ón rí go raibh sé sásta troid ar son an phobail sin inar tógadh é ó laige go neart. Ba shoiléir go raibh a chroí i ndúchas an oileáin – sa cheol, sa tseanchas, sa phéinteáil – gairm ar éirigh go maith leis ann ina dhiaidh sin. Bhí suim mhór aige san oideachas agus é i bhfách go mór le meánscoil úr a fháil ar an oileán agus cóiriú mór a fháil déanta ar an ché. Thosaigh sé a chur achainíocha chuig an rialtas agus a tharraingt an phobail le chéile. San fheachtas seo bhí sagart trodach, an tAthair Diarmaid Ó Péicín, a rinne a chion féin le deontaisí a fháil le saol na paróiste a fheabhsú ach aistríodh as an oileán é. Bhí Comhdháil na nOileán ann agus Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuidithe. Thóg an Chomhairle Chontae tithe ar an oileán, thosaigh an comharchumann arís agus rinneadh deisiú ar an ché. Bhí dóchas mór ag Patsaí Dan san óige agus siocair go raibh cúigear déag ón oileán ar an mheánscoil ar an Fhál Charrach, ba mhaith leis sa bhaile iad. Chaith mé oícheanta pléisiúrtha an t-am sin leis agus é ag seinm go tíriúil ar an bhosca ceoil le Pól Mac Ruairí i gcuideachta a athar san óstán.

Ansin níor éirigh liom fáil ar ais go Toraigh go Meitheamh 1999 agus ag an am seo bhí €2.4 milliún le fáil acu le feabhas a chur ar an ché agus ar rudaí eile. Bhí deacracht i gcónaí le Cé Mhachaire Rabhartaigh agus tá sin ag dul ar aghaidh go fóill, chomh maith leis an driopás a fágadh faoin bhád farantóireachta.

Ba ar tír mór a ba mhó a bhuail mé le Patsaí Dan ina dhiaidh sin, go háirithe ag taispeántaisí péinteála a bhíodh aige i nDún Fionnachaidh. Ba é an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill a spreag an phéinteáil i dToraigh ar tús agus bhí an-cháil ar Antoin Ó Mianáin agus ar Phatsaí Dan. Ar na péintéirí eile ón oileán bhí Mícheál Fionnbarra Mac Ruairí, Seán Mac Ruairí, Pádraig Ó Duibhir agus Ruairí L Mac Ruairí agus a gcuid pictiúr le fáil i ngailearaí Dixon ar an oileán. Idir sin uilig, fuair Patsaí Dan cuid mhaith dá raibh sé ag iarraidh: feabhas mór ar an ché, meánscoil ar an oileán, seirbhís aeir chun tarrthála agus mórán eile. Níor stad sé riamh sa bhaile ná thar lear de bheith ag troid ar son saol an oileáin a mhéadú. Is maith an rud go bhfuil sé i gceist ag muintir Thoraí rí úr a thoghadh a bheas ábalta leanstan den mhuinín dhochreidte a bhí ag Patsaí Dan i bpobal Thoraí.

Níor dhochar sceitheadh a thabhairt ar ríthe a bhí i dToraigh roimhe seo. Tugadh Rí Thoraí ar Phádaí Beag Ó hOireachtaigh a bhí ag teagasc i Scoil Cholm Cille in 1847, mac leis an Mháistir Dhubh Ó Domhnaill a raibh scoil aige sa Bhaile Thoir ag tús an naoú céad déag. Chaith seisean seal ag teagasc in Oileán Inis Trá Tholl, áit a raibh banríon i gceannas an oileáin. Ní thiocfadh liom dearmad a dhéanamh ach oiread den rí a bhí i dToraigh roimh Phatsaí Dan, Pádraig Óg Mac Ruairí (ní raibh siad gaolta), fear cliste a raibh clú éachtach air, a bhí i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a bhí láidir i bhFianna Fáil agus a chuir fáilte roimh De Valera nuair a tháinig sé chun an oileáin i 1947. Rinne sé an-obair don oileán agus, mar a tharla i gcás Phatsaí Dan, bhí cléir agus tuataí ag a thórramh i 1988.

Fágfaimid slán agat, a Phatsaí Dan, le píosa d’amhrán a scríobh Pádraig Dubh Ó Domhnaill blianta ó shin a léiríonn an dáimh iontach a bhí agat do Thoraigh agus an dóchas a bhí agat an t-oileán a chur chun cinn.

A Thoraigh ó thuaidh, go buan
Go maire tú beo,
Do chroí nach raibh crua ná fuaite
I gcuid an tsaoil mhóir.

Go maire tú buan is go dtig tú
Slán as gach gleo,
Is nach raibh ann ina dhiaidh sin
Ach spórt ar fud oíche is ceol.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm