Le cúpla bliain anuas, tá comóradh faoi leith déanta againn ar chuid de na heachtraí is tábhachtaí agus is suntasaí i stair na hÉireann. Idir comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca agus comóradh na bliana seo ar 125 bliain de Chonradh na Gaeilge, bhí go leor deiseanna againn plé a dhéanamh ar na heachtraí agus ar na daoine a bhí lárnach i múnlú na hÉireann – agus go díreach i múnlú na sé chontae a rinneadh a chríochdheighilt ón chuid eile den tír agus atá go fóill mar chuid den Ríocht Aontaithe.

Tá eachtra amháin, áfach, nach ndéantar an oiread céanna de thrácht air ach tá fíorthábhachtach i stair CLG, agus is é sin Gaelic Sunday, nó Domhnach na nGael, a tharla ar an 4 Lúnasa, 1918. Ba ar an lá sin a sheas CLG, nach raibh bunaithe ach le 36 bliain, an fód in aghaidh impireacht na Breataine.

Nuair a bunaíodh CLG in 1882, agus Conradh na Gaeilge in 1893, músclaíodh spiorad náisiúnta a bhí faoi chois ó bhí Cath Chionn tSáile ann in 1601 agus ó d’imigh na hIarlaí in 1607. An t-am sin, bhí deireadh, a bheag nó a mhór, leis an dóchas go mbeadh náisiún neamhspleách ann a mbeadh a mhuintir in ann a gcuid tuairimí polaitíochta, cultúrtha agus daonna féin a chur chun tosaigh. Le himeacht aimsire, bhí plandáil, na Péindlíthe agus an tOcras Mór ann a thug leis an bás agus an imirce. Cuireadh córas na scoileanna náisiúnta i bhfeidhm agus d’fhág tionchar ginearálta an choilíneachais go raibh Éire mar a bheadh Breatain bheag ann, agus muintir na hÉireann gan dóchas agus náire orthu faoina gcultúr, teanga agus caitheamh aimsire féin. Bhí an Béarla agus cluichí ar nós rugbaí agus cruicéid chun tosaigh agus cuireadh an cultúr ‘Gaelach’ i láthair sna meáin mar chultúr barbartha agus gáirsiúil. Ní hamháin gur thóg an Athbheochan spiorad an náisúin agus gur mhúscáil sí féiniúlacht mhuintir na hÉireann, ach bhí muintir na hÉireann in ann a bheith ag smaointiú ar bhealach úr agus eagraíodh struchtúir in CLG agus i gConradh na Gaeilge a chuirfeadh cor i gcinniúint na hÉireann.

Cé gur ghlac na mílte d’Éireannaigh óga páirt sa Chogadh Mhór agus in Óglaigh John Redmond, faoin bhliain 1918 bhí an pobal in aghaidh an chogaidh ar fad. I ndiaidh do cheannairí 1916 a bheith curtha chun báis agus na mílte curtha i ngéibheann, cuid mhór acu a bhí mar bhaill de CLG, bhí athrú suntasach agus ollmhór tagtha ar thuairim ghnáthmhuintir na hÉireann. Nuair a fógraíodh coinscríobh éigeantach, dhiúltaigh muintir na hÉireann, seachas aontachtóirí, dó. Bhí gach cuid de shochaí na hÉireann ina aghaidh agus bhí baill den chléir go mór chun tosaigh i gcuid mhór de na cruinnithe in aghaidh an choinscríofa. Fuair John Redmond bás i mí Mhárta agus tharraing Páirtí na nGael, faoi cheannaire nua, John Dillon, siar ó Westminster, cé go raibh Sinn Féin i bhfad níos láidre ná iad.

Eagraíodh Comhdháil Náisiúnta na nÓglach i bPáirc an Chrócaigh agus glacadh leis an chinneadh dul chun cogaíochta in aghaidh na Breataine dá gcuirfí coinscríobh i bhfeidhm. Cheangail údaráis na Breataine CLG (agus Conradh na Gaeilge) go mór le hÉirí Amach na Cásca agus leis an fhás a tháinig ar Shinn Féin agus ar an náisiúnachas go ginearálta. Bhí baill de CLG agus de Chonradh na Gaeilge de shíor faoi choimhéad agus faoi chiapadh ag na fórsaí míleata agus ag an RIC agus léiríonn an ráiteas seo a leanas ó Chomhairle Cathrach Átha Luain, i ndiaidh roinnt traenacha speisialta chuig cluiche a bheith curtha ar ceal, an tuairim a bhí ag teacht chun cinn in Éirinn: “inconsiderate, unnecessary and provocative actions of this nature can have but one effect – a feeling of bitterness towards English administration in the country”.

I measc na samplaí eile den teannas a bhí ag teacht chun tosaigh ag an am idir CLG agus na húdaráis bhí cluiche i mBeannchar Uíbh Fháilí nuair a rinne na péas ionsaí ar an slua a bhí ag teacht le chéile, ar an Bhaile Meánach i gContae Aontroma nuair a rinne siad amhlaidh, agus i gCiarraí, mar a ndearnadh ionsaí ar na himreoirí roimh chluiche. Breacadh ainmneacha imreoirí agus an lucht féachana síos ag cluiche peile sóisearach i mBaile na Lorgan, Muineachán agus gabhadh naonúr gasúr óg a bhí ag imirt cluiche ar Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Ar an 4 Iúil, 1918, shínigh an Lt. Gen. Frederick Shaw, a bhí i gceannas ar fhórsaí na Breataine in Éirinn (an fear a thabharfadh na Dúchrónaigh isteach go hÉirinn tamall ina dhiaidh sin), shínigh sé forógra a chuir cosc ar “the holding or taking part in any meetings, assemblies, or processions within the whole of Ireland”. Ba é an toradh a bhí air sin teannas a ardú arís. Cuireadh cosc ar chruinnithe de chuid Chonradh na Gaeilge agus na gceardchumann, agus thug Joe Devlin, Teachta Dála de chuid Iarthar Bhéal Feirste, óráid phaiseanta roimh Thithe na Parlaiminte, agus é ag caint in aghaidh an fhorógra. D’fhiafraigh sé: “Is it the law which makes it treasonable to play Gaelic games because they say they are political? Is it the law which says it is treasonable to hold hurling matches? … Is it the law that football matches, athletic sports, Gaelic festivals, Irish concerts are to be held only if the local police and military permit?”

D’iarr toscaire ó CLG soiléiriú ó na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus dúradh leis: “no hurling or football matches would be allowed … unless a permit was obtained“.

Ag an phointe sin, agus mar gheall ar an fhreagra brúidiúil a thiocfadh ó na húdaráis go hiondúil ar ainriail shibhialta, léirigh freagairt CLG an meon a bhí in Éirinn ag an am. Agus iad den tuiscint go mbeadh ar CLG, de réir dlí, cead a iarraidh fá choinne ceadúnas chun cluichí a eagrú, shocraigh Ard-Chomhairle CLG d’aon ghuth “no permit be asked for under any conditions“. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do bhoird na gcúigí agus na gcontaetha agus cuireadh fógra amach fosta nach mbeadh cead ag daoine aonair ceadúnais a lorg ach oiread. Thug an Ard-Chomhairle an rabhadh seo: “any individual or club infringing the foregoing order becomes automatically and indefinitely suspended“.

Ní hamháin go ndearna CLG neamhaird ar an ord iarratais a dhéanamh ar cheadúnais, ach shocraigh sé fosta ar phlean a dhéanfadh ceap magaidh den ord, agus an ceart acu. Socraíodh dáta, an 4 Lúnasa 1918, ar a mbeadh cluichí Gaelacha ar fud na hÉireann gan cead a lorg na cluichí sin a imirt. Thug CLG dúshlán, dúshlán nach bhfacthas le fada an lá i spórt amaitéarach ná gairmiúil ar bith.

D’eagraigh Bord Thiobraid Árann Thuaidh 16 chluiche in 16 áit dhifriúil ar fud an chontae a bhí le bheith “whole-heartedly carried out”. Tuairiscíodh san Anglo Celt gur eagraíodh cluichí i gContae an Chabháin agus i gContae Mhuineacháin. I gContae na Mí, bhí na cluichí le himirt mar chuid d’fhéile bhliantúil an fhómhair i gcuimhne ar Naomh Ciarán.

Ar an lá féin, tharla breis agus 1,500 cluiche iománaíochta, peile agus camógaíochta ar fud na hÉireann. Agus dhá fhoireann i ngach cluiche, agus 15 dhuine ar gach foireann, is dócha gur ghlac breis agus 45,000 lúthchleasaí páirt in Gaelic Sunday, agus níl an lucht féachana san áireamh ansin. Mar ábhar spéise, tharla cluiche iomána idir foireann sagart agus Bráithe Críostaí i gCill Aodha, Contae an Chláir. Imríodh gach cluiche acu siúd gan cheadúnas, agus is beag an cur isteach a rinne na péas orthu.

Bheadh dul amú orainn a rá nach raibh baint ar bith ag na péas leis na cluichí. In Áth Luain, bhí beirt oifigeach de chuid an RIC i láthair agus go leor saighdiúirí, ach is cosúil gur íoc siad isteach sa chluiche mar chuid den lucht féachana. Ar an dóigh chéanna, i gCill Ruáin i gContae Thiobraid Árann, bhí sáirsint agus constábla de chuid na bpéas ag iarraidh dul isteach ach dúradh leo go mbeadh orthu íoc as, cosúil le gach duine eile. D’imigh siad leo agus d’amharc ar an chluiche ó chúlshráid gar don pháirc. Go bhfios dúinn, is i mBaile Átha Cliath amháin a rinne na péas gníomh smachtaithe. Ghabh siad 14 ghasúr as bratacha a dhíol ar an tsráid. Bhreac siad síos aimnneacha agus seoltaí na ngasúr agus ansin scaoil siad saor iad.

D’éirigh go hiontach ar fud na hÉireann le Domhnach na nGael. Ní thiocfadh leis na húdaráis a dhath a dhéanamh faoi thart ar 1,500 cluiche a bhí ag tarlú ag an am céanna.

Maidir le Baile Átha Cliath, an áit ba mhó a mbeifí ag dúil le scliúchas, deir Freeman’s Journal gur imríodh cluichí in “Ringsend, Clondalkin, Sandymount, Baldoyle, Fox and Geese, Crumlin, Balheary, St. Margaret’s, Clonsilla, Blackrock, Cornelscourt, Terenure and Church Road”.

Bhí achrann sa chathair nuair “a fife and drum band which played through the streets of Dublin when returning from a football match was stopped by the police in Townsend Street. A crowd of about three or four hundred persons followed the band, which was proceeding to its rooms on Sir John Rogerson’s Quay. The bandsmen having been halted for some time resumed their march.”

Bua beag eile é ar lá a rugadh buanna beaga go leor.

Cad é an fhreagairt a bhí ag an rialtas gallda nuair a thuig siad go mbeadh na cluichí seo ann? Dúirt siad maidir leis an chosc a bhí ar chruinnithe daoine gur meancóg theileafóin a bhí i gceist, is é sin a “curious telephonic mistake”.

Má shíl na húdaráis go gcuirfeadh siad isteach ar fhorbairt na gcluichí, bhí dul amú orthu. Tá eagarfhocal sa Meath Chronicle a léiríonn go díreach an tionchar a bhí ag Domhnach na nGael: “every Irish man and woman worth of the name is expected to patronise in some practical manner their national pastimes“.

Anois, ní maith liom, le fírinne, an téarma ‘náisiúnachas cultúrtha’ óir sílim nach bhfuil ann ach sop, ach ba léiriú é Domhnach na nGael, i gcomhthéacs CLG, ar cé chomh tromchúiseach a mheas CLG an cosc ar chluichí Gaelacha a bheith. Ní hamháin sin, ach léirigh sé fosta an líon daoine a bhí faoi choimirce CLG agus a bhí sásta an fód a sheasamh. Dá mba amhlaidh le Gluaiseacht na Gaeilge, bheadh an tír seo dátheangach gan stró.

Léiríonn alt san Irish Times ar 17 Lúnasa 1918 an toradh a bhí le Domhnach na nGael: “it might be said that the GAA had an easy victory, but the victory had great significance as showing what the people could accomplish by unity of purpose and determination“.

Ní neart go cur le chéile.

Is é Niall Comer Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus tá sé ina bhall de CLG Seán Mistéil, Gleann an Iolair.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm