Níl sé ach 21 mí d’aois, ach tá Dáithí Mac Gabhann ina bhall de Laochra Loch Lao CLG agus lánpháirteach i saol na nGael. Tá croí úr de dhíth air agus tá a thuismitheoirí ag iarraidh ar an phobal clárú ar liosta deonú orgán an NHS. 

“Cad é a bheas againn, gasúr nó cailín?”

Sin an buaireamh is mó a bhí ar intinn againn agus muid ag bualadh isteach san otharlann ag deireadh mhí na Bealtaine 2016 agus Seph ag dul fá choinne an ghnáthscanadh 20 seachtaine. Bhí muid ag dúil lenár gcéad pháiste agus chinn muid beirt go raibh muid ag iarraidh a fháil amach cé acu gasúr nó cailín a bheadh againn.

Agus mé ag smaoineamh siar anois, ba aineolach mé ag an am. Tá i bhfad Éireann níos mó i gceist leis an scanadh 20 seachtain sin ná mar a shíl mé.

“Tá fadhb mhór ann le croí do mhic.”

Sin dóigh amháin leis an dá thrá a fhreastal agus an bealach, a bheag nó a mhór, a fuair mé féin agus Seph amach go mbeadh gasúr aici, ach go raibh fadhb mhór anois ann lena chroí beag sa bhroinn. Bhí tost iomlán ann, a bhí chomh ciúin leis an uaigh, a mhair ar feadh na n-uaireanta.

Dúradh linn go mbeadh orainn fanacht roinnt seachtainí le tuilleadh eolais a fháil fán “fhadhb mhór” seo. Sin an uair a thosaigh muid ag cuardach ar an idirlíon – rud a mholfainn anois do dhaoine gan a dhéanamh agus iad ar an trá fholamh.

Cé gur chuir an méid a fuair muid amach samhnas orainn, ar a laghad chuir sé deireadh leis an tost. Tháinig agus d’imigh na laethanta go dtí gur bhuail muid leis an chairdeolaí a chuir ar an eolas sinn faoi cé chomh dáiríre is a bhí Hypoplastic Left Heart Syndrome. “Sorry, hypoplastic what?” a dúirt mé i m’intinn féin.

Bhí cruinniú i ndiaidh an chruinnithe ann, bileog i ndiaidh na bileoige, ach tháinig Dáithí ar an tsaol ar 21 Deireadh Fómhair 2016 ag 8:51in. Is cuimhin liom go maith a bheith ag smaoineamh ar 8:45in go mbeadh go leor ama agam dul chuig an teach tábhairne lena cheiliúradh. Sin an smaoineamh a bhí agam suas go dtí an bomaite a saolaíodh é – ach ansin d’athraigh ár saol go hiomlán.

Bhí babaí beag iomlán gleoite againn a bhí inár gcuideachta ar feadh bomaite go dtí gur glacadh ar shiúl é ar feadh cúpla uair an chloig.

“Beidh an t-otharcharr ann amárach agus beidh sibh ag imeacht go Londain.”

Níor thuig muid i ndiaidh dúinn na focail sin a chluinstin nach mbeadh muid ar ais i mBéal Feirste arís go ceann 46 lá ina dhiaidh sin. Sin an pointe a thosaigh aistear Dháithí ag éirí ní ba chiotaí, agus nuair a thosaigh gach duine a casadh air ag titim go hiomlán i ngrá leis.

Chuaigh an fear beag faoi scian den chéad uair ar 25 Deireadh Fómhair gan é ach 4 lá d’aois. Tháinig sé ar ais ón obrádlann agus níor aithin mé ar dtús é, gach sort feadáin ceangailte leis agus é iomlán ata. Ag an phointe seo, bhí muid ar ár suaimhneas cionn is gur dhúirt lucht na hotharlainne linn go raibh cúrsaí ag dul go maith agus mar a ba chóir.

Goitsigí chun na hotharlainne anois. Níl cúrsaí mar a bhí aréir.”

Sin an uair a d’imigh Dáithí ó bhóthar a leasa agus a chuir muid aithne ar an ‘taobhsheomra’ den chéad uair, an seomra gruama úd ina gcuirtear ar an eolas thú go bhfuil cúrsaí ag dul chun siobarnaí. Le scéal iontach fada a dhéanamh gairid, rinneadh obráid ar Dháithí láithreach agus tháinig sé ar ais ansin chuig an PICU (aonad sainiúil dianchúraim) ceangailte le hinneall seach-chonaire ar a dtugtar ECMO.

Mhair sé cúpla lá ar an inneall gruama sin agus bhí amhras ar dhochtúirí go fóill faoin chéad chéim eile. Dar leis na saineolaithe ag an phointe sin, níorbh ann don chéad chéim eile agus tugadh an rogha dúinn ligean dó imeacht ar shlí na fírinne.

“Ba mhaith leis an leaid óg sin a bheith beo, áfach.”

Tá na focail sin liom anois go fóill nuair a smaoiním siar ar an easpa dóchais a dúradh linn a bhí ann. Is ó bhéal an mháinlia a tháinig siad i ndiaidh do Dháithí a shúile a oscailt. Thug sé léas dóchais dúinne, ach is léir gur tugadh rud beag dóchais don mháinlia fosta. Thug sé an rogha dúinn triail a bhaint as rud inteacht nár baineadh triail as choíche, agus dúirt go raibh sé sásta dul isteach sa bhearna bhaoil ar son Dháithí lena dhéanamh. D’imigh aon dabht a bhí againn nuair a chonaic muid na súile móra galánta sin ar oscailt, iad lán de mhisneach, mar a bheadh sé ag scairteadh orainn, “Tá mé anseo go fóill!”

Tost Arís

Tháinig Dáithí slán fríd an obráid, cé nach raibh cinnteacht ar bith ann faoina dtarlódh ina dhiaidh sin. Nuair a shiúil muid isteach sa PICU, bhí tost ann. Ní hé go raibh drochscéal ann; ní raibh uasdátú ar bith le fáil go díreach. Ba é an ciúnas is fearr dar chuala mé riamh é i ndiaidh dúinn a bheith ag fáil scéalta uafáis gach lá ar feadh na seachtainí. Lean an tost sin ar feadh tamaill go dtí go raibh dea-scéal de chineál éigin ann. “Tá muid ag druidim a bhrollaigh,”arsa a dhochtúir.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhlais Dáithí bainne den chéad uair agus ansin shroich muid pointe san aistear nuair a chuala muid focail a raibh amhras orainn go gcluinfeadh muid ariamh iad.

“Beidh sibh ag pilleadh ar Bhéal Feirste amárach.”

Ar 4 Nollaig 2016, i ndiaidh do Dháithí 46 lá a chaitheamh sa PICU, bhí muid ag pilleadh ar Loch Lao don Nollaig. Is ansin a chuir muid fíor-aithne ar an Clark Clinic in Otharlann na bhFál mar chaith Dáithí tamall eile ar an bharda sin, go dtí gur scaoileadh amach as an otharlann ar fad é ar 12 Márta 2017. Idir an dá linn,  bhí obráid eile i Londain aige, a bhí i bhfad ní ba rathúla ná mar a bhí an chéad cheann.

Agus muid amuigh faoin spéir agus saor ón otharlann, thosaigh an t-am ag imeacht i bhfad ní ba ghasta agus bhí muid mar a bheadh ‘gnáth-thuismitheoirí’ ionainn, ag baint idir shult agus thairbhe as an tsaol.

Cé gur chaith muid an chuid eile den bhliain saor ón otharlann, bhí seal eile san otharlann i ndán do Dháithí ag toiseacht ar an lá i ndiaidh Lá Fhéile Stiofáin na bliana 2017. Bhí Dáithí beag buailte leis an fhliú agus b’éigean dó pilleadh ar an Clark Clinic, áit ar chaith sé mí eile dá shaol. Sa mhí sin cuireadh ar ais go Londain muid agus fuair muid amach go raibh bóthar eile i ndán dúinn uilig.

“Ní féidir linn aon rud eile a dhéanamh do do mhac.”

Níl aon tuismitheoir ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar na focail sin in am ar bith, ach bhí muidne ar an eolas i dtólamh fán fhéidearthacht sin. Cairdeolaí i Londain a dúirt linn ag deireadh mhí Eanáir 2018 go raibh an poll i gcomhla tríchuspach Dháithí róshuntasach agus nach mbeadh seans ar bith eile aige sa tsaol ach croí nua a fháil. I mí na Bealtaine, ba mhór an faoiseamh a bhí orainn nuair a fuair muid amach go mbeadh Dáithí fóirsteanach le dul ar an ghnáthliosta feithimh trasphlandaithe agus go bhfuil sé anois gníomhach ar an liosta sin.

Tá an tsláinte go measartha maith ag Dáithí faoi láthair, rud a thugann an bhearna ama seo dúinn feasacht a ardú ar dheonú orgán. Leis an fhírinne a dhéanamh, b’fhearr i bhfad an saol leadránach dúinn. Níl muid ag iarraidh a bheith lárnach sna meáin agus ag roinnt ár scéil, ach chinn muid go raibh muid ag iarraidh an seans atá ag Dáithí agus ag a mhacasamhail a ardú trí fheachtas a reáchtáil maidir le deonú orgán.

“Is deontóir mé.”

Is deontóir orgán mé agus ní cuimhin liom an uair nach raibh mé cláraithe leis an liosta. Nuair nach mbeidh mo bhaill choirp féin de dhíth orm níos mó, ba bhreá liom go raibh siad in úsáid acusan atá ar an trá fholamh agus ag fanacht go foighneach ar sheans eile sa tsaol. Níl gach duine ar aon intinn liom, agus tuigim sin, ach tá mé ag impí ar dhaoine a bheith airdeallach ar na buntáistí a bhaineann le deonú orgán agus ansin, is leo an rogha. Bronntanas atá i gceist gan aon dabht, bronntanas a bheas ar fáil do Dháithí lá éigin, nó tá muid dóchasach cibé.

Tá pobal láidir thart orainn féin, idir theaghlach agus chairde, agus is laochra ina linn féin gach uile dhuine acu. Thug sibh ar fad bronntanas an dóchais dúinn nuair a chláraigh sibh le liosta na ndeonaithe, gan trácht ar na teaghlaigh sin a tháinig i dteagmháil lena rá go bhfuil a gcuid páistí anois cláraithe de thairbhe scéal Dháithí. Go maire sibh an céad!

Cláraigh ar liosta deonú orgán an NHS anseo.
Lean an feachtas Mháirtín agus Seph faoi dheonú orgán ar Facebook agus Twitter.

Seph, Máirtín agus Dáithí ar an Bhinn Mhór agus iad ar saoire ar chósta Aontroma an samhradh seo.

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm