An óráid a thug Feargal Mac Ionnrachtaigh ar ócáid bhronnta phríomhdhuais Ghlór na nGael i mbliana

Go raibh míle maith agaibh, a chairde Gaeil. Is onóir mhór dom an duais seo a thógáil ar son Ghlór na Móna agus thar ceann phobal na Gaeilge i gceantar Uachtar Chluanaí. Tá muid go mór faoi chomaoin ag bord agus foireann Ghlór na nGael as an deis seo a thabhairt dúinn bheith páirteach sa chomórtas seo, agus go raibh maith agaibh as muid a roghnú mar an grúpa is rathúla do 2017, go háirithe agus muid anois i mBliain na Gaeilge.

Ní hamháin gur gníomhairí teanga áitiúla muid, ach is gníomhairí teanga náisiúnta muid fosta agus tá aithne mhaith againn ar roinnt de na grúpaí iontacha eile atá ainmnithe anseo anocht. Bíonn muid ag obair go dlúth leo fosta. Mar sin, tuigimid go maith cé chomh comórtasach agus a bhí seo anocht agus ba mhaith linn ardmholadh agus comhghairdeas a ghabháil le gach grúpa pobail a bhain duais agus a fuair ainmniúchán anseo anocht. Bualadh bos ollmhór daofa!

Tá muid buíoch fosta dár maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, an Heritage Lottery Fund, an EA agus dóibh siúd a chuidigh linn ár bhfoirgneamh féin, Gael-Ionad Mhic Goill a thógáil in 2016: an Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus an Roinn Pobail.

Thar aon ní eile, ba mhaith liomsa go pearsanta buíochas a ghabháil leis an fhoireann iontach de Ghaeil óga, fhuinniúla a dhéanann éachtaí gach lá ar son na Gaeilge agus ar son an phobail i nGlór na Móna. Ní féidir le cuid acu bheith linn anocht. Tá Brónagh agus Órliath gafa leis an RITH amárach; mar an gcéanna le Conchúr, Dearbhla, Aoife, Conor, Gerd agus roinnt eile nach dtiocfadh leo bheith linn anocht. Agus do Mháirtín, Chrissie, Caoimhe, Antón, Ciarán, Seán, Maura agus na baill coiste eile, míle buíochas ó chroí dóibh. Is libhse an duais iontach seo.

An tUltach, Glór na Móna, Glór na nGael
Feargal Mac Ionnrachtaigh, ar cúl agus ar clé, le muintir Ghlór na Móna ag ócáid bronnta duaiseanna Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Contae na hIarmhí Dé Sathairn an 10 Márta, 2018. Bronnadh trófaí agus duais £20,000 ar an ghrúpa pobail.

Tá rud éigin speisialta agus as an choitiantacht faoin dream seo. Is Gaeil chumasacha, ghairmiúla, oilte iad atá fréamhaithe sa phobal áitiúil agus tiomanta chun fanacht i measc na cosmhuintire chun an ceantar s’acu a neartú agus a threisiú. Tagann muid uilig ó theaghlaigh atá fréamhaithe sa cheantar chéanna, teaghlaigh a bhí fite fuaite leis an streachailt ar son na saoirse ó thuaidh. Bhí mórchuid dár dtuismitheoirí i ngéibheann ag pointe éigin le linn na coimhlinte. D’eascair an tiomantas s’againn don teanga ón fhís fhuascailteach chéanna.

Nuair a bhunaigh muid Glór na Móna in 2004, thuig muid go raibh muid inár seasamh ar ghualainn fathach: iad siúd a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Comharchumann Bhaile Uí Mhurchú, Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine, Bunscoil Phobal Feirste, Meánscoil Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, LÁ, Raidió Fáilte agus fiche tionscadal eile nach iad.

Inár gceantar féin, is iarchimí poblachtánacha a thug an bata seo, mar a dhéanfaidh an tUachtarán amárach le bata an reatha, agus thóg siad ar an dúshraith sin trí Naíscoil agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh a bhunú agus Gaelscoil na Móna. Laochra Gael cosúil le Seán Magill, Séamus Mac Seáin, Maureen McGuinness, Jim McCann, John-Boy Morgan, Matt Lundy agus Danny Bairclaigh. Mhothaigh muid an dualgas agus an oidhreacht a d’fhág siad againn agus tá muid beo ar an fhuinneamh chéanna seo.

In 2009, d’aithin muid an obair óige mar bhearna mhór san athbheochan s’againne agus thosaigh muid ag gníomhú chun seo a líonadh. Mheall muid na daoine cuí agus bhunaigh muid cúig chumann óige Gaeilge bhuana fud fad na cathrach, agus anois tá 23 ball foirne againn ag fáil obair pháirtaimseartha óige agus ag seachadadh seirbhís den scoth don 450 duine óg atá ag freastal ar an tseirbhís seo i rith na seachtaine. Agus tá pleananna móra againn ag suí leis an Roinn Oideachais anois le haghaidh foirgneamh breise saintógtha óige, an chéad cheann den chineál sin i stair an stáit ó thuaidh, agus beidh muid ag cur brú orthu faoi sa tréimhse amach romhainn.

Is í úsáid shóisialta na teanga a spreagann muid chun bealaí úra a aimsiú chun tumúsáid na Gaeilge a normalú. Más Suí is Scíth do pháistí atá i gceist, ár gcumainn óige, cumann rothaíochta, féilte, an cumann iascaireachta nó ár gcumann Lúthchleas Gael úr, Laochra Loch Lao, is ag cothú infreastruchtúr buan teanga atá muid don ghlúin atá le teacht. Tá an cur chuige s’againn bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a thógáil le grúpaí eile seachas bheith ag obair inár silos féin. Tháinig an stádas mar Líonra Gaeilge do Ghaeltacht Bhéal Feirste ón obair chomhpháirtíochta seo agus tá muid ag dúil le tógáil ar an chur chuige chomhtháite páirtnéireachta seo.

Ba mhian linn spásanna a chruthú a chothaíonn saoirse intinne agus anama, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga cheannasach, bheo, bheathach, aitheanta gan náire mar dominant acoustic, mar a mhol an staraí iomráiteach, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh dúinn agus é ar cuairt chugainn anuraidh.

Ach tuigeann muid nach iad cúrsaí cumarsáide agus cumas teanga an t-aon chloch amháin ar ár bpaidrín. Is í saoirse an duine aonair agus cumhachtú pobail ón bhun aníos atá mar bhunchloch againn. Tuigimid nach féidir seo a dhéanamh gan fealsúnacht radacach, ionraic a aithníonn nach féidir linn pobail a chumhachtú gan córas suarach atá anuas orainn a athrú agus feideartheachtaí fuascailteacha a shamhlú chun oibriú ina dtreo.

Tá muid ag feidhmiú agus ag maireachtáil i bpobal atá ag fulaingt de dheasca míbhuntaistí suntasacha socheacnamaíochta, pobal a bhí faoi léigear ag 30 bliain d’fhorlámhas Arm na Breataine agus na scuaideanna marfacha dílseacha, pobal a d’fhulaing an méid is mó sa chogadh ach a bhain an méid is lú ón tsíocháin. Seo pobal atá ag fulaingt go holc de bharr post-traumatic stress disorder atá ag teacht chun cinn tríd eipidéim sláinte mheabhrach ina bhfuil 50% de dhaoine os cionn 50 bliain d’aois inár gceantar ar fhrithdhúlagráin agus fadhbanna móra ann ó thaobh drugaí, alcóil agus cearrbhachais de. Tá ceann de na rátaí is mó féinbháis san Eoraip againn, go háirithe i measc an aosa óig atá anois ag plé leis na fadhbanna idirghlúine síceolaíocha a fágadh mar oidhreacht phianmhar acu.

Bhuail an galar seo go trom muid i rith na seachtaine ansin nuair a chuir cara dár gcuid agus laoch Gael de chuid Chumann Lúthchleas Gael áitiúil, lámh ina bhás féin. Seo fear 55 bliain d’aois a spreag na glúnta d’iománaithe agus peileadóirí óga, fear a bhí ina dhaideo, le garpháistí ar an bhunscoil áitiúil. Fear a chaill dóchas agus a bhí ag iarraidh éalú ón phian agus ón dorchadas. Íospartach eile na coimhlinte. Íospartach eile den chóras eacnamaíochta shuarach, neamhthrócaireach a dhéanann léirscrios ar an chosmhuintir.

Is don chosmhuintir seo, pobal Greg agus a gharpháistí, atá muid ag obair ar bhonn laethúil agus measann muid gur gléas í an teanga le dul i ngleic leis na fadhbanna seo ar bhealach dearfach, cruthaitheach. Níl muid ag maíomh go bhfuil na freagraí ar fad againn, ná baol air, agus tá muid tiomanta le teacht ar an chuid is fearr atá ar fáil againn. Seo ceann de na fáthanna a bhfuil muid tiomanta don oideachas pobail, stair na hÉireann agus an pholaitíocht trí chéile. Tagann cumhacht ón eolas agus feasacht chruinn faoin chomhthéacs ónar eascair muid agus múnlaíonn muid na píosaí is spreagúla ón stair chun an t-am i láthair agus na blianta amach romhainn a mhúnlú agus a shealbhú don phobal féin.

Glór na Móna, Glór na nGael, An tUltach, Gaeilge
D’eagraigh Glór na Móna agóid i mí Aibreán 2017 ag oifgí an Údarás Oideachais nuair a ghearr siad maoiniú ó chumainn óige Ghaeilge. Ní hamháin go bhfuarthas an t-airgead ar ais, ach tá níos mó maoinithe ná mar a bhíodh ag na cumainn óige anois sa dóigh gur féidir leo tuilleadh seirbhísí a sholáthar.

‘Páirteachas’, ‘polaitíocht’ agus ‘pobal’ atá mar eochairfhocail na heagraíochta, agus nuair a deir muid ‘polaitiúil’, níl muid ag caint ar an pholaitíocht pháirtí chúng, ach a mhalairt ar fad agus muid ag athshealbhú an tsainmhínithe is leithne den fhocal. Is poblachtánachas den chuid is daonna agus is daonlathaí a chuireann muid chun cinn, ar samhlaíodh é den chéad uair i Réabhlóid na Fraince agus a athmhúnlaíodh le hÉirí Amach na bhFíníní in 1867 agus Éirí Amach na Cásca in 1916, a chuir béim ar an ‘leas coiteann’ seachas suim leithleasach an duine aonair. Seo an fáth ar bhunaigh muid Féile na Carraige 2017 ar na téamaí seo agus an fáth a raibh togra iomlán againn dar teideal ‘Athghabháil na Físe’. Agus seo an fáth a raibh an poblachtánach, an Gael agus an sóisialach, Tomas Aghais, á cheiliúradh agus á chomóradh againn in 2017. Agus is cearta, comhionannas agus ceartas sóisialta atá mar thosaíocht ag an fhealsúnacht seo agus is é an tiomantas céanna a mhúnlaíonn gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.

Seo an fáth a bhfuil Glór na Móna i gcroílár an Dreama Dheirg agus an feachtas ar son ‘Ceart, Cothromas agus Cóir’ ó thuaidh. Thug an t-imeallú, an t-idirdhealú agus an leatrom an deis dúinn glúin úr díograiseoirí a eagrú agus a pholaitiú ar stair agus ar thábhacht na teanga, gan trácht ar chearta daonna i gcoitinne. Ar an bhonn seo, tá muid bródúil gur ghlac muid an córas leatromach rialtais ó thuaidh go talamh agus níos bródúla fós go bhfuil ceist na teanga anois ina scrúdú litmis d’aon socrú polaitiúil úr ó thuaidh agus ceist na teanga i mbéal na meán fud fad an domhain. Agus tá an chuma ar an scéal gur léirigh an feachtas s’againn agus biogóideacht an aontachtais go bhfuil an stát ó thuaidh do-leasaithe agus do-oibrithe mar atá.

Tá muid bródúil fosta as an Chathaoirleach s’againn, Ciarán Mac Giolla Bhéin, atá anseo anocht agus atá ina cheannaire agus urlabhraí ar an fheachtas Dhearg agus é aitheanta go forleathan anois mar ionadaí chomh cumasach agus deisbhéalach is a bhí ag pobal na Gaeilge riamh. Bualadh bos ollmhór do Chiarán!

Tháinig leatrom an stáit sheictigh anuas orainn fosta in mí an Mhárta 2017 nuair a chinn an tÚdarás Oideachais timpeall £45,000 de mhaoiniú oige a bhaint ó Ghlór na Móna. Chaill muid ceithre bhall foirne agus b’éigean dúinn doirsí ceithre chumann óige a dhruidim thar oíche. Ach bhí frithgnhíomh fíochmhar agus tonn dhearg ann láithreach. Shocraigh déagóirí ár gcumainn óige cruinniú poiblí, pacáilte le 500 duine trí lá ina dhiaidh.

Bhí agóid stairiúil ‘suí isteach’ againn dhá lá ina dhiaidh sin i gceanncheathrú an Údaráis Oideachais, a d’athraigh dearcthaí láithreach. Chuaigh siad ó neamhaird a thabhairt orainn chuig an phointe gur éiligh siad cruinniú linn, a stiúir na daoine óga féin, agus thug siad an maoiniú ar fad ar ais dúinn agus d’aontaigh siad maoiniú breise a thabhairt dúinn ar a bharr sin. Bualadh bos ollmhór do dhaoine óga Ghlór na Móna!

Léirigh seo dár ndaoine óga agus don Dream Dhearg go n-oibríonn an fheachtasaíocht fhéineagraithe agus gur féidir le cumhacht an phobail an domhan thart orainn a athrú. Chun seo a dhéanamh mar is ceart, áfach, d’fhoghlaim muid go bhfuil an t-aistear chomh tábhachtach leis an cheann scríbe. Go gcaithfear caidrimh mhacánta a thógáil le daoine agus spiorad dearfach comhpháirtíochta a chothú agus a spreagadh i dtólamh.

Agus sin an tasc comónta atá os ár gcomhair, a Ghaela – domhan níos fearr a chruthú. Ár bpoblacht féin a thógáil san áit a seasaimid, mar a mhol na réabhlóidithe Liam Ó Maolaíosa agus Bobby Sands. Agus an dea-shampla seo a úsáid chun todhchaí úr a fhorbairt – todhchaí nach bhfágann muid ar an trá fholamh le dhá stát éagothroma theipthe, ach a thógánn Éire úr aontaithe atá tuillte againn mar Ghaeil agus mar shaoránaigh! Déanfar seo trí shamhlaíocht an phobail a ghríosú agus dóchas a chur in áit an lagmhisnigh. Go n-éirí linn!

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm