Tá an iliomad ról agus feidhmeanna ag na meáin Ghaeilge sa lá atá inniu ann. Is léiriú iad ar fhás agus ar fhorbairt earnáil na Gaeilge le beagnach fiche bliain. Luaimid iad le daltaí óga agus muid ag plé cúrsaí fostaíochta nó cumarsáide. Ach tá na meáin shóisialta i ndiaidh ardán nua stocaireachta a chur ar fáil dúinn fosta. Táimid anois i ré nua an ghníomhachais dhigitigh.

Tháinig an Dream Dearg le chéile i bhfómhar 2016 le cur i gcoinne sraith leanúnach d’ionsaithe ar an Ghaeilge agus ar an Ghaelscolaíocht i ndiaidh d’airí de chuid an DUP seilbh a ghlacadh ar na haireachtaí oideachais agus pobail. Bhronn sé sin cumhacht orthu díriú ar chúrsaí cultúir agus Gaeilge ag an leibhéal is airde. D’fhorbair an Dream Dearg ó chomhráite idir dhaoine i seomraí, ar na sráideanna, ar na páirceanna peile agus in áiteanna eile nach iad. Cruthaíodh an Dream Dearg mar fhrithghníomh i gcoinne ionsaithe leanúnacha an DUP.

Cad é atá sa Dream Dearg ach spásanna. Spásanna nuachruthaithe ag daoine, grúpaí, páirtithe agus pobail. Spásanna a éascaíonn gníomhartha, a spreagann rannpháirtíocht, a mholann stocaireacht agus a thiomáineann feachtasaíocht. Spásanna ina ndéantar plé agus díospóireacht. Spásanna a bhrúnn ceisteanna agus a lorgaíonn freagraí.

Is spásanna a bhí lonnaithe sna seomraí ina raibh na comhráite ag dul ar aghaidh a thug deis dúinn spásanna nua a chruthú ar line: WhatsApp, Twitter, Facebook, Instagram. Bhí daoine ann nach raibh ábalta theacht agus a bheith páirteach go fisiceach sa phlé gach oíche Dé Céadaoin sa Chultúrlann i ngeimhreadh 2016-2017, ach bhí deis acu a bheith gníomhach go digiteach san fheachtas, guth a bheith acu, agus agency áirithe a cheangal leis an ghníomh.

An rud is tábhachtaí san fheachtas go dtí seo go bhfuil muid i gcónaí ábalta aistriú fuinnimh a chinntiú idir na spásanna digiteacha agus na spásanna tábhachtacha fisiceacha ar na sráideanna. Tá 200 páirteach sa chomhrá ar Whatsapp. Tá 4,000 léantóir ag an Dream Dearg ar Twitter agus 8,000 ar Facebook. Agus bhí suas le 15,000 ar na sráideanna ar an Lá Dearg. Faoin phointe sin, i mí na Bealtaine 2017, bhí an bhunchloch bhrandála curtha agus an teachtaireacht greanta i gcloch. Gach duine dearg agus an ciorcal bán ar chúlra dhearg aitheanta go soiléir agus go láithreach leis an fheachtas.

Ar ndóigh, d’fhoghlaim an Dream Dearg cuid mhór de bhrí go raibh an oiread sin daoine difriúla ag plé le feachtais eile ag an am céanna. I rith an ama, bhí mé féin ag foghlaim agus ag coinneáil súil ar chúrsaí eile anseo in Éirinn agus thar sáile. Bhí go leor le foghlaim ag amharc siar ar na Arab Springs agus úsáid na meán sóisialta, mar shampla. Is cuimhin liom a bheith ag tiomáint ar ais ó Ghaoth Dobhair lá amháin agus ag éisteacht le clár díospóireachta ar RTÉ Raidió 1 agus le feachtas #JobstownNotGuilty, feachtas a d’eascair ó agóidí i gcoinne táillí uisce ó dheas. Tá cáil ar an fheachtas as an dóigh ar baineadh úsáid as na meáin shóisialta chun teachtaireachtaí a chraobhscaoileadh díreach ar an phobal. Mar a tuairiscíodh san Irish Times ar an 30 Meitheamh, 2017:

One video… explained that the purpose of the “campaign” was so “everyone can see for themselves the stitch-up the establishment is engaged in. We are under no illusion that to win justice and the freedom of the accused in this case, we have to continue our campaign on the streets and in the courtroom”.

Feicim cosúlachtaí idir a bhfuil ar bun ag an Dream Dearg agus na hiarrachtaí feachtais náisiúnacha a threisiú ar líne, mar shampla, an ghluaiseacht Twitter ar son neamhspleáchas na hAlban agus #Think32 agus an comhrá nua faoi Éire Nua, atá i ndiaidh 10,000 leantóir a mhealladh ar líne. Tá 10,000 duine ceangailte in aon ghréasán amháin, agus cé nach mbeadh achan duine ar aon intinn faoin rud atá uathu, tá siad anois sa chomhrá chéanna agus iad plugáilte isteach, páirteach sa phlé reatha ar an cheist. Smaoinigh faoi #BlackLivesMatter #IBelieveHer #TakeAKnee #YemenInquiryNow #MeToo #Resist, agus le déanaí #GiletsJaunes, mar fheachtais atá fréamhaithe ar ghníomh digiteach trí phriosma na haischlibe, haischlibeanna a chruthaíonn spásanna agus seomraí nua plé agus díospóireachtaí ar líne.

Ní leor an gníomh digiteach gan an gníomh fisiceach, ar ndóigh. Ní leor eagrú WhatsApp gan eagrú sráide. Ní leor stocaireacht thar Twitter gan stocaireacht thar tábla. D’éirigh leis an Dream Dearg na spásanna digiteacha a úsáid mar mhodh chun pobail a eagrú le dul chun sráide agus i mbun gnímh. Rinneadh sin fríd aghaidheanna a chur leis an ghníomh agus fríd an fheachtas a phearsanú. Daltaí scoile, daoine óga, gníomhaithe, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh – is iadsan an Dream Dearg. Agus tá na Gaeil anois eagraithe agus príomhshruthaithe. 

Is é an rud is tábhachtaí ar fad, dar liom, go bhfuil infreastruchtúr gnímh tógtha againn, infreastruchtúr a éascaíonn plé agus pleanáil ag leibhéal bunaithe ar an fhrithghníomh, ach a thugann deis dúinn bheith réamhghníomhach fosta. Táimid ullmhaithe agus réidh.  Samhlaítear leis an Dream Dearg feachtas orgánach atá ag feidhmiú mar a bheadh glae ann idir an pobal, teaghlaigh, eagraíochtaí náisiúnta agus grúpaí ar an talamh. Agus sa chás seo feidhmíonn an ciorcal bán ar chúlra dhearg mar amplifier par excellence, aimplitheoir sóisialta, polaitiúil agus pobail atá plugáilte isteach sa phobal, agus cumhachtaithe ag daoine, díograis agus fís. 

#AchtAnois

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm