File í Máire Mhac an tSaoi a thug glór do mhná na hÉireann mar fhile, agus sin sula raibh a glór ardaithe sa Bhéarla ag Eavan Boland agus i bhfad sular tháinig Nuala Ní Dhomhnaill ar an tsaol. Bean í a bhaineann le traidisiún bródúil na bardachta, í eolach léannta, neamhspleách agus gaol aici leis na cumhachtaí.

Ba Thánaiste (Béal Feirsteach) ar rialtas na hÉireann a hathair; b’aire stáit agus intleachtóir idirnáisiúnta a fear céile agus b’uachtarán ar choláiste ollscoile a huncail. Ar bhealach, ba cuing [í] idir dhá namhaid. Ach chomh maith leis sin, is file sóisialta í, duine a thuigeann sochaí na hÉireann, córas na n-aicmí, caidreamh na ndaoine.

Agus d’fhág sin go raibh saoirse aici plé le cúrsaí nár ghnách le bean óg plé leo os ard in Éirinn na 1940idí agus 1950idí, tráth ar scríobh sí an chuid is mó dá cuid filíochta – cé go raibh bláthú mall ar a saothar fosta.

Is file grá í. Is file sotalach í. Is file í a labhraíonn go soiléir mar bhean agus le dearcadh mná. Glacann sí leis, sa dán seo agus in áiteanna eile, go bhfuil eolas áirithe ag an léitheoir ar chultúr Gaelach na hÉireann agus gur féidir léi, mar fhile, tógáil ar an bhonn sin agus glacadh leis go bhfuil mórlínte an scéil ar eolas ag an léitheoir.

Sa chás seo, ní thugann sí ainm an rí, ná ainm an té a bhfuiltear le Gráinne a phósadh air, ná míniú ar bith ar an dá líne dheireanacha den dán. Measann sí gur ceart iad a bheith ar eolas ag an léitheoir. Agus ar chúis éigin, cuireann sin le mistéir, le hársaíocht, le daonnacht uilíoch an dáin.

Tá sin uilig le feiceáil ar an dán seo, Gráinne, mar atá, ar bhealach eile, ar an dán Jack. Sa dá dhán, féachann an file ar an chaidreamh idir fear agus bean agus sin faoi réir rialacha na linne agus cúrsaí aicmeachais. Maireann cumhacht ag an bhean óg in Jack mar go dtig léi imeacht.

Níl saoirse mar sin ag Gráinne, bean óg a bhfuil cuma na saoirse uirthi ach a bhfuil cuing shóisialta a stádais á ceangal.

Sé véarsa rialta de cheithre líne atá in Gráinne agus tugann rialtacht an fhriotail sin leid den tsaol a chaitheann sí, mar iníon rí.

Insítear iomlán an scéil, geall leis, sa chéad véarsa. Éiríonn leis an fhile aithnidiúlacht ghiollaí an rí a thabhairt le fios leis an tús grod: ordú gan mhúineadh a thug siad gan rabhadh gan foláireamh don chailín óg shoineanta a cluichí óga a fhágáil láithreach agus toil a hathar a dhéanamh gan tuigbheáil. Ní cailín í, níl inti ach píosa fichille ar chlár na polaitíochta.

An focal cuing, is gnáth go luaitear le damh nó le beithíoch iompair é, ní le cailín óg. Déantar codarsnacht dhrámata idir an chéad agus an dara véarsa, an rí ina sheasamh sa gheata, a aigne á oibriú go fuarchúiseach geimhriúil, rún aige cleamhnas a dhéanamh ar mhaithe le cúiseanna polaitiúla. Ní luaitear aon ghrá ná dáimh, aon mhothúchán ann i leith a iníne.

Fanann sé le filleadh na gcailíní ó bhruach na habhann – an Bhóinn, is dócha. An banphrionsa agus a complacht mar scata fáinleog i dtús an tsamhraidh – tá gluaiseacht agus sonas na gcailíní sa tsamhail sin, mura bhfuil fothagairt fhánach do ghearrscéal an Phiarsaigh, Eoinín na nÉan.

Níor dhoiligh don rí Gráinne a aithint i bhfad uaidh as a siúl éadrom, as a hiompar gáireata nach raibh trom ach, mar ba dhual di, a bhí ceart óigeanta de réir a haoise sna déaga. Ní dínit ná grástúlacht a chí sé uirthi, ach a mhalairt: girseach í agus ní bean óg. Ach níor músclaíodh amhras ná trua in aigne an rí dá iníon i leith an phlean a bhí le cur i gcrích aige.

Mar sin féin (v4) bhí sí le haithint as a tréithe speisialta i measc a cairde, a cuid cailíní freastail. Baineann an file leas anseo as samhailteacha agus meafair atá seanbhunaithe: an ghealach i measc na réaltaí, an péarla sa ghaineamh, an rós óg úr ar bhrainse. De thairbhe gur samhailteacha bunaithe iad, bíonn éifeacht iontu chun pearsantacht Ghráinne a thaispeáint: tá sí speisialta i measc a gaolbhan.

Is faoi Ghráinne féin v3 agus v4; téann an fócas ar ais i dtreo an rí i v5. Is chun an drámatúlacht a chinntiú a aistríonn an file a radharc ó dhuine go duine. Níor bhog croí an rí i leith óige ná áilleacht a iníne. Chas sé a mhéar, á chornadh isteach i ndual gruaige léi. An le grá a rinne sé sin, nó mar chomhartha seilbhe?

Agus d’inis sé go tobann di Tá do chleamhnas déanta, a Ghráinne. Is féidir – cha dtig a bheith cinnte faoi na rudaí seo – go raibh líne as amhrán Conallach in aigne an fhile, Tá mo chleamhnas déanta … is ní mó ná go dtaitníonn an bhean udaí liom féin agus leid dá réir sin do theip an ghrá.

Tá an véarsa deireanach ina ábhar iontais. Tugann sé le fios nár oibrigh rudaí amach de réir phleananna na bpolaiteoirí. Ní gá don fhile an scéal a insint. Rinneadh an pósadh, ach ansin tháinig Diarmuid an bealach agus briseadh an pósadh. Theith na leannáin agus maraíodh iad. Cuireann an file ceist sa chéad dá líne den véarsa an raibh a fhios ag Gráinne, agus í ag umhlú d’údarás a hathar, ag géilleadh d’institiúid an chleamhnais, ag díol na hóige leis na cumhachtaí, an raibh a fhios aici cad a bhí i ndán? Agus tugann an file a freagra féin ar cad a ghnóthaigh Gráinne ar a margadh: agus seo freagra nach mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir. Cad a ghnóthaigh Gráinne ach Mearbhall grá agus seachrán oíche/ Agus éad ban Éireann go lá na scríbe.

Maíonn an file gur mhire agus gur chailliúint a tháinig de ghrá Ghráinne agus Dhiarmada – ach fós féin go mbeadh gach bean i ngach glúin in Éirinn in éad léi go deo de thairbhe na mire sin, dásacht an ghrá, rómánsúlacht na cinniúna.

Tá saibhreas iontach i litríocht na Gaeilge agus ní minic a bhaintear leas aisti mar is féidir, chun athnuachan a dhéanamh uirthi. Ach seo sampla den tsaghas is féidir le húdar oilte a bhaint amach: dán oilte ina bhfuil feimineachas agus rómánsúlacht agus réalaíochas, stair an lae inné agus ceisteanna an lae inniu uilig measctha. Agus rud eile nach bhfeicimid rómhinic san fhilíocht, tá go rianaítear pearsantachtaí daonna, iad ag gníomhú os comhair a chéile.

SCAIP
SiarAr an lá seo: Thomas Hardy
Ar aghaidhFilí agus Fáithe
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm