Tá muid fós i séasúr na Nollag, agus dá bharr sin, b’fhéidir nárbh olc an beart é breathnú ar an séasúr sin trí shúile na bhfilí agus trí inspreagadh na bhfáithe. Nárbh é Ísáia, fáidh, a dúirt:

Nach álainn ar na sléibhte
cosa an té a bhfuil dea-scéala leis

agus arís:

Is é an Tiarna féin mar sin
a thabharfaidh comhartha daoibh.
Seo, tá óigbhean ag iompar
agus saolóidh sí mac
agus tabharfaidh sí mar ainm air Emmanuel,
is é sin, ‘tá-Dia-linn’.

Agus féach mar a chuireann an Eaglais Chaitliceach tús le hAifreann Lá Nollag:

Rugadh leanbh dúinn; tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm a thabharfar air: Comhairleoir Iontach.

Nárbh iad na filí Gaelacha a chan cheiliúradh na Nollag go binn blasta freisin. Féach mar a labhraíonn Máire Mhac an tSaoi faoi Oíche Nollag:

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc
Fadaigh an tine is téir chun na leapa
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Ach, nach deacair Eoghan Ó Tuairisc a bhualadh chomh fada is a bhaineann sé le meidhir agus tógáil croí a nochtadh ina véarsaí Nollag. Féach air seo:

Dá mbeadh mileoidean agamsa
Ní bheadh Críost gan cheol anocht
Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa
Chuig an mainséar bocht,
Do sheinnfinn ceol dó chuirfeadh gliondar ar a chroí
Ceol nár chualthas riamh ag píobaire sí
Ceol chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoích’.

Nár dheacair sin a bhualadh? Ach cá bhfágfainn ollamh úd na filíochta, Máirtín Mór Ó Direáin féin agus a ‘Cuireadh do Mhuire’? 

Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda;
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhanta.

Seo véarsa uaim féin. Tar éis dom ‘bheith istigh’ a thairiscint do Mhuire is dá babaí: 

Beidh fáilte is fiche romhaibh anocht agus choíche,
Is lóistín anseo gan ghlaoch cánach nó cíosa,
Is fanaigí liomsa am ar bith is mian libh.
I mbotháinín lúbach caol cráite mo chroíse.

Ach, ag caint ar dhánta agus ar iomainn Nollag, cá bhfágfá dán Aoidh Mhic Aingil, fear a rugadh sa bhliain 1571 agus a raibh ceangal aige le hAodh Ó Néill féin?

Chuaigh sé isteach sna Proinsiasaigh sa bhliain 1603 i Salamanca na Spáinne, agus ar ball ceapadh ina Ardeaspag ar Ard Mhacha é. Ach cailleadh é sa bhliain 1626, sula raibh deis aige filleadh ar Éirinn. ‘A Naoidhe Naomh’ a bhaist sé ar a dhán Nollag. Seo véarsa nó dhó as, véarsaí a chuirfeadh na sléibhte fhéin ag rince! 

An t-asal fós is an damh
Ní leigfead i ngar dom rígh;
do-ghéan féin a n-áitsin dó –
asal mé is bó Mhic Dé Bhí.

Agus arís: 

Nighfead a bhochtbhréide dhó,
is dá dtuga, a ógh, cead damh,
mo cheirt féin do bhainfinn díom
dá cur mar dhíon ar do mhac.

Creideamh, grá, umhlaíocht, agus dáiríreacht, tá siad uilig le fáil go fial sna véarsaí céanna sin. Fágann a leithéid de chreideamh duine gan focal lena umhlaíocht agus lena dháiríreacht.

Go mbeirimid uilig beo beathach ar an tráth seo arís, agus athbhliain faoi shéan is faoi bhláth do chuile dhuine agaibh.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm