Deirtear gurb é an moladh is mó a thuillfeadh ealaíontóir nó ceoltóir ar bith go mbeadh an domhan mór ag iarraidh aithris a dhéanamh air nó uirthi. Seans gur mó ná sin arís an moladh agus an sásamh nach mbeadh aon duine ábalta a leithéid d’aithris a dhéanamh!

Nuair a bhí mé ar an mheánscoil agus gan ach cúpla bliain caite agam ag foghlaim na fidile, bhí cúpla fidléir a bhí ina ndéithe beaga agam. Íoladhradh a rinne mé ar chuid acu. San am sin, ba i seisiúin cheoil i dteach tábhairne Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair a fuair mé mo chéad bhlaiseadh ceart den cheol traidisiúnta beo, mar gur mhinic cuid de shárcheoltóirí Chúige Uladh go háirid ag tarraingt ar an teach sin. I gceann de na seisiúin sin bhí bean de na déithe sin a thugadh moladh agus spreagadh go minic domh féin agus do mo dheartháir, Colmcille, agus muid ag streachailt lenár gceird úr. I ndiaidh di cuireadh a chur orm tús a chur le dreas ceoil, dúirt Mairéad Ní Mhaonaigh liom ina dhiaidh, “Tá roll Tommy Peoples agat!”

Moladh fial agus spreagadh as cuimse a bhí anseo do cheoltóir óg a bhí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar theicníocht na hornáidíochta ar an fhidil. Cé acú a bhí ‘rollóg’ Tommy Peoples agam nó nach raibh, ba mé a bhí breá sásta gur aithin fidléir chomh cumasach le Mairéad mo mhianach. Ach léirigh seo rud eile ar fad fosta – nach raibh an rollóg a bhí i gceist aici aitheanta ach le duine amháin. Ba le Tommy Peoples – agus leisean amháin – an teicníocht a d’aithin sí a raibh mé ag iarraidh aithris a dhéanamh uirthi.

Ornáidíocht
Cuireann an teicníocht fidléireachta ar a dtugtar an ‘rollóg’ maise ar phríomhnóta. Tá cúpla dóigh lena dhéanamh, ach is gnách go scuabtar an mhéar, nó in amanna dhá mhéar, mar nóta nó dhá nóta breise díreach os cionn an phríomhnóta, gan baint de bhéim ná d’fhad an phríomhnóta. Bíonn na nótaí breise seo scuabtha chomh héadrom sin is nach mó ná go gcluintear iad. Ach bhí samhlaíocht ní ba saibhre ag Tommy. Sampla amháin den chomhshamhlú pearsanta a rinne sé ar an cheol uilig a chuala sé ó rinne slat cóta dó gur ghlac sé an ‘sleamhnú’ – ornáidíocht a luaitear go minic le fidléirí oirthear an Chláir – agus gur chuir sé oiread na fríde den tsleamhnú leis an ghnáthrollóg agus ansin gur chroith sé na nótaí maisiúcháin os a gcionn. Má tá sibh fríd a chéile, is maith sin! Tá an ceacht fidile anois thart. Bhuel, chóir a bheith! Is iomaí fidléir idir shean agus óg – ó Tokyo go Taobh an Leithid – a tháinig faoi anáil Tommy Peoples agus a thug iarraidh lomaithris a dhéanamh ar a theicníocht ornáidíochta. Gura maith an mhaise daofa é, an chuid a déarfadh gur éirigh leo – agus mé féin ina measc!

Ba chosúil le deann leictreachais i gcaol na láimhe deise an trírín a bhí ag Tommy. Timpiste atá sa deann leictreach de ghnách, ach bhí de bhua ag Tommy go raibh ollsmacht ealaíonta aige ar leictreachas a láimhe. Mhínigh sé féin an trírín seo mar mhionionsaí leis an bhogha síos ar an chéad nóta maise de thriúr le chéile. Ach ar ndóigh, ní hionann i gcónaí an teagasc agus an fhoghlaim.

Pic: TG4

Draoi
Is minic a d’fhiafraigh daoine díom cén fidléir a b’fhearr liom. Ba doiligh an cinneadh a dhéanamh. Brathann an freagra ar do chiall den fheabhas. Feabhas Tommy Peoples? Samhlaíocht, teicníocht, éascaíocht, suaimhneas, lúcháir, uaigneas, grá agus gruaim. Bhí siad uilig ina mhámanna ceoil aige.

Is iomaí duine a mhothaíonn agus nach mothaíonn an aois ag dreapadh orthu. Ach nuair a chuala mé a bhás, mhothaigh mé mar a bheadh m’óige caite. Nó cuid di. Is cuimhneach liom bheith ag fanacht leis theacht ar an raidió, ‘An Nóta Fada’ ar RTÉ, is dócha, nuair a bheadh sé fógraithe. Nó ar chláracha Raidió na Gaeltachta i bhfad sula dtáinig na dlúthdhioscaí. Bhíodh an caiséad réidh sa taifeadán agus muid ar tinneall. An tost nuair a sheinneadh sé. Agus an “Dia ár sábháil!” i ndiaidh an stopadh dúbailte deireanach! Mistéir. Ginias. Draoi faoi chulaith dhiamhair.

Más deacair teicníocht an tsárealaíontóra a mhíniú, sin an teist ar chomh foirfe is a bhí Tommy. Teist ar na buanna a scarann amach ón chuid eile é. Luaigh a chara, an fidléir Paddy Glackin, an méid seo agus é ag cur síos ar Tommy ag a aifreann éagnairce in Ardeaglais Inse i gContae an Chláir:

“. . .laoch, ealaíontóir, fidléir, fear neamhspleách, fear eisceachtúil, fear seachantach, fear a sheas amach ón scaifte agus a rinne achan rud ar a bhealach féin”.

D’inis Paddy fán dóigh a dteachaigh Tommy i bhfeidhm ar fhidléirí Bhaile Átha Cliath nuair a bhog sé ansin sna seascaidí. “‘Fórsa’ a bhí in Tommy a tháinig as Dún na nGall agus é ‘armáilte’ le ríleanna móra na condae sin mar ‘An Crann Darach’ agus ‘Bean an Tí ar Lár’, ceol nár chuala aon duine sa phríomhchathair roimhe sin.”

Castáil leis
Ghuigh mé go raibh sé i ndán domh castáil leis lá éigin. Fear ciúin, pearsanta a bhí ann nár shanntaigh ariamh aird dó féin. Corradh le deich mbliana ó shin a chuir an fliúiteadóir Marcas Ó Murchú in aithne domh é ar an chosán coise i Sráid na Cathrach ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Ar ndóigh, sa ghlóir a bhí mé féin, óir dar liom go raibh an Tír Tairngire bainte amach agam sa deireadh thiar thall agus mo laoch ceoil ina sheasamh os mo chomhair amach. Ní mórán comhrá a bhí againn le chéile an uair sin, mar nach duine a bhí ann a bhfaighfeá aithne go gasta air. Ní bhfuair mé aithne ar bith eile air go dtí i bhfad ní ba déanaí nuair a rinne muid socrú castáil le chéile.

Tráthnóna earraigh a chuaigh mé amach chuige. Shuigh muid taobh amuigh dá theach i gCeann na Caillí, an baile fearainn inár tógadh é os cionn Bhaile Suingean in oirthear Dhún na nGall. Thiar ar ár gcúl bhí an Dubhais agus soir uainn bhí abhainn mhór an Fheabhail, a scarann Condae Dhoire ó chondaetha Dhún na nGall agus Thír Eoghain, agus ag éirí as a bruacha bhí cuibhrinn fhairsinge an Lagáin agus iad ag síneadh soir amach uainn go híor spéire, san áit a dtáinig fir agus mná óga as ceantracha bochta Dhún na nGall blianta ó shin ar fastódh. Tá cuid ceoil Tommy snite agus fite sa taobh seo tíre agus ina mhacasamhail i gCondae an Chláir.

Ba léir go raibh lúcháir air deis a fháil Gaeilge a labhairt. Ní raibh sí i bhfad siar ann. Ní hé amháin gur chuala sé go minic ina óige í ó mhuintir na Gaeltachta a tháinig chun an Lagáin, ach b’as Cill Ulta in aice leis na Croisbhealaí a sheanmháthair ar thaobh a mháthara, Ellen Nic Aoidh. Deir sé fosta ina dhírbheathaisnéis, Ó Am go hAm a foilsíodh in 2015, gur phós a chomharsana mná as Gaoth Dobhair, Dún Lúiche agus an Clochán Liath. Maíonn Tommy go bródúil go bhfuil muintir na háite in oirthear Dhún na nGall lán chomh Gaelach ina gcroí, anam agus spiorad leis na daoine i gConamara, i nGaoth Dobhair, in Aontroim, i nDáil Éireann, i Loch Garman, sa Rinn nó i mBaile an Fheirtéaraigh!

Ba léir ón chomhrá gur chuir na tubaistí agus buillí feille na Sasanach i stair na hÉireann as dó. Ainneoin nár cháin sé aon duine, dúirt sé liom gur chuimhneach leis a mhuintir a bheith ag inse dó fán chosc a bhí ar dhaoine i mBaile Suingean bradán a thógáil as an Fheabhal in aimsir na dtiarnaí agus fiú amháin ní b’fhaide ar aghaidh ná sin. Nuair a bhí comóradh 400 bliain Imeacht na nIarlaí ar bun in 2007, chuir Tommy peann le pár sa tseanchló Ghaelach:

“Ach tá a spiorad ann go fóill,
Ó Néill, Ó Domhnaill, Dún na nGall,
Ceithre chéad ó d’imigh siad,
Tá saol, slí Ghaelach fós mar théad
Láidir, bródúil, beo ’gus saor,
I gcluichí, teanga, ceol ’s cairdeas fíor,
. . .
Sláinte Iarlaí Éireann.”

Nuair a fiafraíodh de cúpla uair go múinte caidé a bhí ina cheann agus é ag cumadh a chuid port, ba é an freagra a bhí aige, “Rud ar bith.” Mar sin féin, mothaím go bhfuil cuid den ghoillstean seo fá achan chinéal éagóra a rinneadh air féin agus ar a shinsear le sonrú i gcuid mhaith dá chuid ceoil agus cumadóireachta. Sin agus, ar ndóigh, suáilcí sámha a shaoil, a bhród agus a lúcháir as na cairde breátha a rinne sé ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath agus ó Bhrosnach Chiarraí go Cill Fhionnúrach an Chláir.

Snáithe
Is íogair an snáithe atá idir an ceol, an croí agus staid na hintinne. Chuir an t-uaigneas a bhí i gceol Tommy fidléir eile i gcuimhne domh – Tommie eile, mar a tharla – an fidléir cáiliúil cois Life, Tommie Potts. D’admhaigh seisean agus é ag cur síos ar an dúil a bhí aige sna poirt atá i mionghléas, go bhfuil brón ag baint leis an ghléas seo, agus gur sin an fáth ar thaitin na poirt seo leis. “Tá siad brónach,” ar seisean. “Tá a ualach bróin féin ar achan duine againn i rith an tsaoil, agus mar is mó an machnamh a níthear ar an bhrón sin, is mó an fhulaingt. Tá croí an duine ag síorchuartú an tsonais, agus nuair a sheinnimse mo chuid ceoil, sin an t-aon dóigh atá agam le sonas a aimsiú i mo chroí.”

D’admhaigh Tommy Peoples go soiléir an buaireamh a d’fhág eachtraí ina shaol féin air. I gceartlár a leabhair, ligeann sé a racht go cráite, ach go cúramach, fán amhras a fágadh air fá bhás a mhic, Tommy Óg, a fuair bás i mí an Mhárta, 1991, agus gan é ach bliain is fiche d’aois. Is rí-léir ón ocht leathanach nó mar sin a scríobh sé fán scéal gur ghoill a bhás agus na ceisteanna a bhain leis go linn bhuí na gcaolán air.

Air seo a chuimhnigh mé oíche na faire agus Tommy os cionn cláir, sa teach inár tógadh é i gCeann na Caillí i mBaile Suingean. Bhí an paidrín ráite. Bhí an fidléir sínte. Bhí flaith gach flaithe ina luí go dóighiúil, státúil. Agus ansin i dtoibinne, chualathas guth nach rabh aon duine ag súil leis – guth mná os cionn chónair an tséimhfhir:

“Brón ar an mbás, ’sé dhubh mo chroí-se,
D’fhuadaigh mo ghrá is d’fhág mé cloíte,
Gan caraid gan compánach fé dhíon mo thíse
Ach an léan seo im’ lár, is mé ag caoineadh.

’S a uaigh fhódghlas ‘na bhfuil mo leanbh,
A uaigh chaol bheag, ós tú a leaba,
Mo bheannacht ort, is na mílte beannacht
Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata.

Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh.
Leagann sé úr is críon le chéile –
Is a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh
Do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig…”

Cibé fá chúlra Conallach an tsárcheoltóra, ba mhian le Tommy Peoples go gcuirfí é in aice a mhic i reilig Dhrom Cléibh ó thuaidh ó Inis Chluain Rámhfhada. Ag a thórramh tugadh a mhac chun cuimhne arís cúpla uair agus ag deireadh an aifrinn, ba choscrach an cúpla bomaite nuair a seinneadh taifeadadh den athair ag seinm agus ag caoineadh a mhic:

“Casfaidh mé arís ort,
Tá ár gcroíthe snaidhmthe le chéile,
Beidh ár n-anamacha ag caint fós,
Slán a chara…”

(Tommy Peoples, 1948-2018)

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm