Le Fearghal Ó Raifeartaigh

Beidh féile SOMA ag titim amach sna Beanna Boirche i gContae an Dúin i mí Iúil, agus den chéad uair riamh, beidh fofhéile Ghaeilge soiprithe isteach in ucht na mórfhéile.

Tiocfaidh idir cheoltóirí agus fhilí, scríbhneoirí agus mhangairí go Caisleán Uidhilín chun imeachtaí sultmhara a chur ar fáil do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an bhaile.

Ciarán Ó Meachair Nós
Ciarán Ó Meachair

Seoid samhraidh atá ann do na Gaeil i bhfoirm imeachtaí iontacha eagraithe ag stiúrthóir Gaeilge SOMA, Ciarán Ó Meachair. Nuair a labhair mé leis ar na mallaibh, dúirt sé gur de thaisme a tháinig ann don fhiontar seo.

“Bhí dianchúrsa agus Cabaret Craiceáilte ann anuraidh ag an fhéile agus d’éirigh go maith leo. Nuair a shuigh mé síos le Tíona McSherry (stiúrthóir na féile) tamall ina dhiaidh sin, chonacthas dúinn go raibh spás ann chun ról níos lárnaí a thabhairt don Ghaeilge.”

Déanfaidh lucht REIC a mbealach aníos oíche Dé hAoine, 14ú Iúil, le scoth na filíochta agus an cheoil a chur ar fáil. Beidh an G-Spota ann oíche Dé Sathairn chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an deireadh seachtaine agus beidh Rónán Ó Snodaigh, Dysania agus Emma Ní Fhíoruisce orthu siúd a bheas ag canadh agus ag seinm.

DSC_0382
Emma Ní Fhíoruisce

Dar le Ó Meachair, ba thábhachtach cúpla trá a fhreastal agus an sceideal idir lámha aige. Beidh tionól ag an Dream Dearg Dé Sathairn an 15ú Iúil, agus is é a lógó siúd a bhí mar spreagadh do chlúdach chlár na fofhéile.

“Chinn mé an íomhá a úsáid toisc gur uirlis í an teanga leis an bpobal a nascadh. Shíl mé go n-oibreodh sé go maith le haitheantas a thabhairt don ghluaiseacht agus do na hócáidí a bhí againn cheana féin i mbliana. Mar ghníomhaí agus mar athair páistí atá ag freastal ar an Ghaelscoil áitiúil, rith sé liom gur tábhachtach an comhartha seo a léiriú.”

Clár 2017

Anuas air sin uilig beidh dianchúrsa Gaeilge, siúlóid ghrianghrafadóireachta agus imeachtaí do pháistí á reáchtáil. B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí faoi na himeachtaí seo ná go mbeidh an Pop Up Gaeltacht is faide riamh ar siúl thar cheithre lá, í ag aistriú ó phub go bothán leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mhuintir an cheantair.

Maíonn Ó Meachair gur fiú go mór a leithéid seo de thaispeántas teanga a chur i láthair an phobail sa cheantar áitiúil. “Tabharfaidh an Pop Up seans do dhaoine an teanga a úsáid ar bhealach neamhfhormálta agus réchúiseach; is dócha go bhfeicfidh daoine an tairbhe a théann leis an chineál seo imeachta agus tá súil agam go músclóidh sé suim sna daoine áitiúla fosta.”

Maidir leis an mhórfhéile, beidh na sluaite ag teacht le héisteacht le réaltaí móra an cheoil, Brian Kennedy, Martha Wainwright agus David Gray san áireamh. Beidh lucht na féile ábalta dul go ceardlanna ióga, ceolchoirmeacha, siúlóidí treoraithe, taispeántais ealaíne agus neart eile le linn na seachtaine.

Tá láithreáin champála ar fáil do na sluaite Gael ar mian leo baint fúthu ann i rith na féile.

Beidh SOMA agus SOMA Gaeilge ar siúl i gCaisleán Uidhilín 12-16ú Iúil, 2017. Tá teacht ar an chlár agus ar thicéid do na himeachtaí ar fad anseo.


Authors Note

Vivamus ultrices sagittis enim, ut mollis purus ornare quis. Morbi posuere ornare augue, a varius nunc tempor id. Class aptent taciti sociosqu ad litora torquent per conubia nostra, per inceptos himenaeos. Proin risus mauris, auctor tempus massa a, imperdiet pulvinar magna. Curabitur in erat eget ligula venenatis vehicula vel sit amet sem. Donec et accumsan purus. Quisque posuere sed justo ultrices venenatis. Nunc a luctus est. Suspendisse pellentesque nunc sit amet nibh consequat sagittis. Suspendisse cursus orci sit amet velit ultricies, quis pulvinar nulla fringilla.


Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitir sheachtainiúil a fheiceáil ar an chuid is fearr de An tUltach gach seachtain.


 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm