Aindrias Ó Cathasaigh

Tá sé leathchéad bliain anois ón aon chuairt amháin a thug Jimi Hendrix ar Éirinn, nuair a rinne sé dhá cheolchoirm i mBéal Feirste. Ba leithne ná sin a bhaint leis an tír, áfach, agus tá na macallaí le cloisteáil againn fós. Tá craobh Éireannach ar ghéaga ginealais Hendrix. Thart ar 1842, bhí Éireannach dar shloinne Moore in Georgia sna Stáit Aontaithe. Casadh banphrionsa Seiricíoch air a bhí timpeall deich mbliana ní b’óige, agus phós siad. Phós gariníon leo, Nora Rose Moore, agus Bertran Philander Hendrick i 1912.

Ba é James Allen Hendrix – athair Jimi – a gceathrú páiste siúd. Tá cuid den mhíniú ar bhua Jimi Hendrix le fáil sa gcúlra ilchineálach seo aige. As rithim is gormacha an lae a fáisceadh é, ar ndóigh, an dúshraith Afrai-Mheireacánach is bun leis an bpopcheol ó thús go dtí an lá inniu, ach tharraing sé ar thoibreacha ceoil eile. Tá tionchar na Meiriceánach dúchasach follasach ar a amhrán ‘I Don’t Live Today’, mar shampla. Ní féidir rian Éireannach ar a chuid ceoil a shonrú chomh héasca céanna – mar b’fhada é asamhlaithe ina ghnáthghné de cheol na linne ar aon nós, b’fhéidir.

Níor cheil Bob Dylan tionchar cheol na hÉireann air, agus ba bhreá le Hendrix an chomaoin a chuir Dylan air féin a fhógairt. Ba de bhunadh na hÉireann an duine ba dhlúithe le Hendrix agus é ina neart. Níor dhual dó an monagamas, ach ba í Kathy Etchingham an céile ba bhuaine aige ó casadh ar a chéile iad i Londain i 1966. Ba as Baile Átha Cliath a hathair, agus nuair a chlis ar chaidreamh a tuistí, chaith sí cuid dá hóige in Éirinn. Tar éis tamall gearr i lár na príomhchathrach le haintín, chuir sí fúithi le haintín eile i gCluain Tarbh, a chuir chuig scoil chónaithe sna Sceirí ar feadh bliana í.

Nuair a eisíodh ‘Purple Haze’ Lá Fhéile Pádraig 1967, bhí an Jimi Hendrix Experience ag gabháil chun cinn go láidir, an-éileamh ar a gcuid ceirníní is ceolchoirmeacha, agus tóir ag na hirisí ceoil orthu. Eagraíodh camchuairt i ndeireadh na bliana agus roinnt grúpaí ag seinm ar aon ardán an oíche chéanna, nós a bhí coitianta fós. An Experience a bhí i mbarr na bpóstaer, níos airde ná Pink Floyd, The Move, agus na cúig bhanna eile. Cúig dháta dhéag a fógraíodh, ag tosú in Albert Hall Londan agus ag taisteal ar fud na Breataine.

Féile Bhéal Feirste
Bhí muintir Fhéile Ealaíon Bhéal Feirste i mbun ullmhúcháin san am céanna. Cuireadh tús leis an bhféile cúig bliana roimhe sin in Ollscoil na Ríona agus béim aici ar an gceol clasaiceach, ach bhí iarracht ar siúl a réim a leathnú. Bhí go leor ceadal ar an gclár do 1967, ach bheadh Seán Ó Riada ina aoi mór agus a chasadh casta seisean as an traidisiún le cloisteáil. Bheadh sé féin, Séamus Heaney, Thomas Kinsella agus John Montague páirteach i ndíospóireacht ar ealaíona na hÉireann. Bhí mic léinn chun dráma Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall, a léiriú freisin. Bhí fonn ar lucht na féile drannadh le popcheol na linne chomh maith, áfach. D’éirigh leo Miriam Makeba a fháil don chéad oíche, ceoltóir as an Afraic Theas a raibh cáil dhomhanda á baint amach aici. Cuireadh an móramhránaí Francach, Juliette Gréco, in áirithe freisin.

Agus chuathas caol díreach chuig na cairteacha nuair a roghnaíodh Cilla Black chun clabhsúr a chur leis an bhféile. Thosaigh na pleananna ag gabháil in aimhréidh, áfach, agus an fhéile ag tosú. Tharraing Makeba siar de bharr ionfhabhtú scornaí, agus níorbh fhéidir ach scannán a chur ar taispeáint ina háit. Chuir gníomhaire Gréco in iúl nach mbeadh sise ag teacht ach oiread, gan aon chúis a lua. Cuireadh an milleán ar an díluacháil a rinne rialtas na Breataine ar an bpunt an tseachtain roimhe sin, rud a bhainfeadh 15% dá táille. Mar bharr ar an donas, níor ligeadh ceoltóirí eile ó Mheiriceá Theas isteach sa tír nuair nach raibh ceadanna bailí oibre acu. Bhí ceoltóirí eile de dhíth ar an bhféile, agus sin gan mhoill. Chuimhnigh duine éigin ar an gcamchuairt a bhí ar bun ag an Jimi Hendrix Experience agus a gcomhghleacaithe, agus bhí bearna ina sceideal siúd. Rinneadh na socruithe cuí, agus cuireadh Béal Feirste lena liosta.

Bheadh Hendrix agus an chuid eile ag seinm i Halla Whitla na hollscoile 27 Samhain faoi dhó: ar a seacht, agus arís ar cheathrú tar éis a naoi. Chosnódh ticéad deich scilling, nó seacht scilling go leith ar bhall d’aontas na mac léinn. Is léir gur cuireadh an méid seo le chéile ag an nóiméad deireanach, nó níl a leithéid luaite áit ar bith in ábhar poiblíochta na féile. Bhí Éire Apparent ar cheann de na grúpaí ar an gclár céanna. Turas abhaile a bheadh ann do Davy Lutton, Ernie Graham, Chris Stewart agus Henry McCullough. Ba as Béal Feirste is an ceantar máguaird iad uilig. Tar éis cúpla bliain agus cúpla ainm a chur díobh, bhí siad ar aon lipéad le Hendrix, agus Chas Chandler ina bhainisteoir orthu araon. Ba mhinic iad ar aon chlár leis an Experience as sin amach, agus ba é Hendrix a léireodh an t-albam a chuir siad amach i 1969.

Hendrix i mBéal Feirste
I ndiaidh a gceolchoirme i Manchain 26 Samhain, chuaigh Éire Apparent is na bannaí eile ar an mbád ó Heysham go Béal Feirste. Ach ó ba iadsan na réaltaí, fuair an Experience eitleán go haerfort Gharrán na Fearnóige. Bhí ar Fhéile Bhéal Feirste beagnach £700 a íoc as eitleán ar leith lena gcuid trealaimh a bhreith anonn. Ba é an toirtís a bhuaigh an rás sin, áfach, nó bhain moill don eitilt.

D’fhan siad sa Grand Central Hotel ar an Ascaill Ríoga, áit ar chuir na Beatles agus na Rolling Stones fúthu agus iad ag seinm sa chathair. Ba ghearr gur ghlaoigh bean ar an óstán: bhí ticéad don cheolchoirm ag a mac, a dúirt sí, ach bhuail drochthaom asma é agus bhí sé in ospidéal Forster Green i ndeisceart na cathrach anois. Ghlaoigh Jimi ar ais uirthi, agus chuir sé cóip shínithe dá n-albam Are You Experienced chuig an othar. Bhí an halla lán an oíche sin. Ba iad an Experience an grúpa deireanach ar an ardán, agus ba é ‘Sgt Pepper’s Lonely Hearts Club Band’ an chéad amhrán uathu. Ina dhiaidh sin chuala Béal Feirste amhráin ó Are You Experienced: ‘Fire’, ‘Purple Haze’, ‘Hey Joe’, ‘Foxy Lady’ agus ‘The Wind Cries Mary’. Tháinig leagan de ‘Wild Thing’ ar deireadh, agus Hendrix ag briseadh a ghiotáir – nó macasamhail de, rud ba léir don dream ba ghéarchúisí i láthair. Tharla gurbh é 27 Samhain lá breithe Jimi Hendrix.

Bhí sé cúig bliana fichead d’aois an lá sin, cé gur mhinic a lucht poiblíochta ag baint trí bliana de. Thug lucht na féile cáca seacláide chuige idir an dá cheolchoirm, agus tá cuma shásta air i ngrianghraf an Belfast Telegraph lena leathbhádóirí Mitch Mitchell is Noel Redding. Agus an mhionchóisir seo ar siúl, chuir Róisín McAuley, a bhí ag freastal ar Ollscoil na Ríona, agallamh air don Gown, nuachtán na mac léinn. Níor chuir an chaint uilig ar a dhealramh is a chuid éadaí as dó, ar seisean. Bhí sé faoi anáil Dylan, cinnte, a dúirt sé, ach uaidh féin a thagadh a chuid amhrán. Níor mhiste leis nár éirigh thar cionn le ‘The Wind Cries Mary’ mar shingil, abair, ó b’amhrán an-phearsanta é (do Kathleen Mary Etchingham a chum sé é).

Ba chuma leis drugaí má bhain daoine tairbhe astu, ach ba chóra dóibh muinín a chur iontu féin. Is cuimhneach le Róisín fós gur bhac Hendrix uirthi suí ar chathaoir ar doirteadh caife uirthi. Ba é a breith ina halt nach raibh sé leath chomh fiáin lena cháil. Maidir le mórcheist pholaitiúil an lae, d’inis sé di: “I have no views on Vietnam because it doesn’t affect me personally.” Is mór an t-ionadh a leithéid de fhreagra, b’fhéidir, ó dhuine a shamhlaítear chomh mór sin le síocháin is grá na seascaidí. Ach iarshaighdiúir in arm na Stát Aontaithe ab ea Hendrix, fiú má d’éalaigh sé as le bheith ina cheoltóir. In agallaimh roimhe sin, thug sé lántacaíocht d’ionradh an airm sin ar Vítneam mar chosaint ar bhagairt an Chumannachais.

Bhí a bharúil ag athrú faoi seo, ar a laghad, agus níorbh fhada go seasfadh sé glan in aghaidh an chogaidh ina chuid cainte is ceoil. Níos deireanaí an oíche sin, thosaigh an Experience a ndara babhta le ‘Foxy Lady’, a eisíodh mar shingil i Meiriceá an lá céanna. Borrann torann an amhráin sin de réir a chéile, agus bhí sé chomh hard sin go raibh faitíos ar oifigeach sábháilteachta an halla gur bhaol don bhalcóin is na piléir. Ní raibh ‘Sgt Pepper’ ná ‘Hey Joe’ le cloisteáil an iarraidh seo, agus ina n-ionad seinneadh ‘Catfish Blues’, seanamhrán a thugann léiriú maith ar scil Hendrix i mbun na ngormacha. Bhí Liam McAuley ag déanamh léirmheasa in éineacht le hagallamh a deirféar Róisín, agus is cuimhneach leis fós gurbh airde an ceol ná aon rud a chuala sé cheana. Mhothaigh sé na tonnta fuaime trína chorp, agus a macalla ina chluasa i bhfad ina dhiaidh. Ba chúis iontais dó Hendrix ag seinm a ghiotáir le leathlámh, agus ag cur cluas leis an aimplitheoir callánach chun é a cur i dtiúin. Bhí an cheolchoirm “ear-splitting and kaleidoscopic”, a scríobh sé sa Gown. Ní go maith a chuaigh sé d’fhear an Telegraph: “It was so bad you could feel your insides – and even your chair – resonating”, agus ní bhfuair an Experience ach “polite but cool reception” ón slua. Thug an News Letter “enthusiastic response” air, áfach, agus an míle duine ag gach gig “grasped entirely by his way-out brand of music, obviously exceptionally skilful if you appreciate that sort of thing”.

Bhí na McAuleys idir dhá chomhairle freisin: “Jimi Hendrix is a guitarist of considerable talent, though it is at times difficult to separate sheer gimmickness from genuine musical expression”. Bhí oíche go maidin ag na ceoltóirí san óstán, gan aon ghig eile acu go ceann trí lá. Níor fhill an Experience ar Éirinn, cé go gcaithfeadh Noel Redding leath dá shaol i gContae Chorcaí. Thiocfadh críoch i bhfad róluath le Jimi Hendrix sula mbeadh trí bliana caite óna chuairt ar Bhéal Feirste. Ach níor stop muid ag éisteacht lena chuid ceoil ó shin, agus níor bhain imeacht na mblianta an t-iontas de fós.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm