Ba mhór an phribhléid dom taisteal i mí Mheán Fómhair na bliana seo i gcomhluadar Cerrig Camu, comhchoiteann ceoil as an mBreatain Bheag. Chuamar go hiarthar na hÉireann, go Gaillimh, Conamara agus oileáin Árann. Is grúpa cruthaitheach é Cerrig Camu a dhéanann cóiriú tomhaiste, mothálach ar amhráin agus ar cheol traidisiúnta agus ar fhilíocht agus amhráin nuachumtha.

Seisear ceoltóirí ar fad atá in Cerrig Camu. Is iad Cerys Havana, cláirseoir, Allay Ffur, amhránaí traidisiúnta, Osian Morris, amhránaí agus giotáraí, Lestyn Tynn, file agus veidhleadóir, Gwylym Rys, amhránaí a sheinneann ar an bhfidil, ar an gcláirseach agus ar an ngiotár, agus Nicolas Davolan a sheinneann ar an dord agus ar neart gaothuirlisí adhmaid.

Is í an Bhreatnais teanga an ghrúpa seo. An-seans dá gcaithfinn cúpla oíche eile ina gcomhluadar go mbeinn ag taibhreamh in Cymraeg! Tá labhairt na teanga acu chomh nádúrtha le glaoch an choiligh ag breacadh an lae. Bhí iontas orm mar sin nuair a fuair mé amach nach ón gcliabhán ach ón scoil agus ón bpobal áitiúil a thug formhór acu leo an Bhreatnais. Is de bhunadh na Briotáine é Nicolas Davolan, ach tá sé pósta le fada an lá in Dolgellau agus é anois ag múineadh na Breatnaise.

Pé áit ina mbíonn ceol bíonn tarrac ar fhoinn agus amhráin ag an lucht éisteachta. Is scéal eile í an fhilíocht. Is minic a bhíonn daoine drogallach éisteacht leis an bhfocal léite mar go samhlaíonn siad é leis an seomra ranga. Rinne Lestyn Tynn a shaothar a reic go hiomlán i mBreatnais i dtigh tábhairne an Crane sa Ghaillimh agus ba chuma sa diail buí leis nach raibh an teanga ar eolas ag bunús an lucht éisteachta.

Gan eadrainn ach seachtó ciliméadar de Mhuir Éireann, is ait liom nach bhfuil ceangal níos mó againn le cultúr na Breataine Bige. An-seans nach bhfuilimid tagtha chugainn féin fós ón gcogadh a thit amach i bhfinscéal Mabinogi nuair a phós Branwen, iníon Bendigeidfran, rí na Breataine Bige, Matholych, rí na hÉireann. Chaith gaolta cleamhnais Branwen go holc léi agus ba deacair di aon scéal a chur abhaile chuig a muintir sa Bhreatain Bheag.

I ndán Lestyn Tynn, ‘Dwed dy Hanes/ Abair Liom do Scéal’, déanann sé cur síos ar dhruid a iompraíonn teachtaireachtaí do Branwen ó Éirinn chuig a hathair in Harlech sa Bhreatain Bheag.

Y ddrudwen fach, â’th bluen sidan
ddaeth i ddeffro Bendigeidfran,
ble’r est ti, ‘rôl dod o’r Werddon
â neges Branwe wrth dy galon?

A dhruideog leis an sciathán airgid
Atá tagtha le Bendigeidfran a dhúiseacht
Cár imigh tú nuair a tháinig tú ó Éirinn
le teachtaireacht Branwen go docht i do chroí?

Ba é Naomh Dubhán as an mBreatain Bheag a las an chéad solas i Rinn Duáin, Contae Loch Garman. Ba mhór an chosaint a thug an loinnir do mhairnéalaigh Bhreatnacha agus Éireannacha a bhí ag treabhadh ar muir. Ní haon ionadh gur tógadh teach solais ann sa tríú haois déag. Tá teach solais Rinn Duáin luaite mar an ceann is seanda ar domhan atá ag feidhmiú go fóill sa lá atá inniu ann.

Tá an-chreidiúint ag dul do Mheic Llewellyn, comhordaitheoir Chomhpháirtíocht na gComharsana Ceilteacha, as an bhfís aige. Chuaigh sé i mbun cumarsáide le hEalaín na Gaeltachta, le Comharchumann Inis Meáin agus le hÁras Éanna. Buíochas le Maureen Fairclough, rúnaí na Comhpháirtíochta a thug an-tacaíocht in am an ghátair.

I lár an tseisiúin in Inis Meáin, sheinn Cerys Havana port gan ainm ar an gcláirseach. D’iarr sí ar an gcomhluadar an port a bhaisteadh dá dtiocfadh aon smaointe chucu. Nuair a chuala fear aitiúil a bhí ina sheasamh in aice liom an ceol binn, meidhreach, cruinn díreach tháinig ainm chuige – ‘I bhFolach faoin gCloch’. Tuigfidh éinne a bhí riamh in Inis Meáin go bhfuil scéal i ngach uile chloch atá leagtha ar an oileán.

Dheineas aithris ar mo dhánta in Inis Oírr agus in Inis Meáin. Mar fhile, ba mhór an onóir dom an tionlacan a fuaireas ar an gcláirseach ó Cerys Havana. Chuir draíocht an cheoil go mór leis na véarsaí Gaolainne. Táim ag tnúth go mór le casadh arís le Cerrig Camu in Éirinn nó sa Bhreatain Bheag.

Bhraithfeá óna gcuid ceoil gur thugadar leo oícheanta meidhreacha in Caernarfon agus Dolgellau, fallaí cloiche ar Moel Offrwm, an bháisteach ar bharra Cadair Idris, an óige, an leochaileacht agus an teagmháil dhaonna. Ar an oíche dheireanach, bhíomar cruinnithe i dTeach Ósta Inis Mheáin. Chaith an tábhairneoir, Pádraig Ó Flaithearta, blianta fada ag obair sna tithe solais ar fud na tíre. Bhí an tAtlantach á réabadh ag Stoirm Helen an oíche sin, ach bhíomarna cosanta ag coinnle agus ag an tine faoi dhíon an choimeádaí solais.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm