I lár na hoíche chuala Fionnuala an cnag ar an fhuinneog. D’éirigh sí as a leaba agus d’amharc amach. Chonaic sí lon dubh ina shuí ar leac na fuinneoige. D’fhoscail sí an fhuinneog.

‘Ar mhaith leat a theacht liomsa ar turas?’ a d’fhiafraigh an lon dubh.

‘Fan go bhfaighidh mé mo chuid eiteog,’ a dúirt sí.

Fuair sí a cuid eiteog as an phrios, chuir sí uirthi iad agus amach ar an fhuinneog léi. Bhí an lon dubh ag fanacht léi.

‘Lean domhsa,’ a dúirt an lon dubh.

Lean sí an lon dubh go dtí an choill. Thuirling sé ar chrann i gcroílár na coille.

‘Seo mo bhailese,’ a dúirt sé. Thaispeáin sé nead di a bhí i bhfolach go dlúth istigh i bhfolt na coille.

‘Níl cuma ródhaingean air,’ a dúirt sí.

‘Tá sé daingean go leor domhsa,’ a dúirt an lon dubh. ‘Ach, níl díon féin air?’ a dúirt sí.

‘Tá an spéir mar dhíon agamsa,’ a dúirt an lon dubh.

D’eitil an lon dubh síos go hurlár na coille. Lean Fionnuala é. Thug sí fá dear na bláthanna fiáine a bhí ag fás ann. Chonaic sí na coinnle corra gorma a dtugadh siad méaracáin sí orthu nuair a bhí sí ina páiste. Bhí an fraochán beag dubh ann a phiocadh sí lena crága ón sceach. Bhí gallfheabhrán ann, an lus mór agus an sceach gheal. Chuir caora dhearga an chrainn chaorthainn mearbhall uirthi. Fuair sí sásamh as an iora rua a fheiceáil ann.

Thoisigh an lon dubh a ghabháil cheoil. Mhothaigh Fionnuala go raibh sí saor ó bhuaireamh an tsaoil. Ba chuma léi fá a dhath eile ach an ceol sin. Bhí a hiúl go hiomlán ins an am a bhí i láthair. Níor mhothaigh sí an t-am ag gabháil thart. Thit cleite anuas as an spéir. Thóg Fionnuala an cleite agus thum sí sa dúch é.

Tá mé ar foluain ar an ghaoth
ag éisteacht le ceol binn na n-éan
is ag dul ó bhile go bile
faoi thearmann tairiseach na ngéag.

Loinneog cheolbhinn an loin
a bhain na geimhle díom,
is gan de mhian agam
ach go mbeinnse choíche saor.

Maidin lá arna mhárach mhuscail sí le breacadh an lae agus chuala sí ceol binn. D’amharc sí amach agus chonaic fuiseog ar leac na fuinneoige. D’fhoscail sí an fhuinneog.

‘Cén fáth a bhfuil tú ag ceol chomh meidhreach le bánú an lae?’ a d’fhiafraigh sí den éan.

‘Mar go bhfuil mé sona sásta leis an tsaol,’ a dúirt an fhuiseog.

‘Caidé an t-ábhar sonais atá agat?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Ar mhaith leat a ghabháil liomsa ar turas?’ a d’fhiafraigh an fhuiseog di.

‘Fan go bhfaighidh mé mo chuid eiteog.’ Fuair sí, chuir uirthi iad agus amach ar an fhuinneog léi.

Lean sí an fhuiseog in airde san aer go dtí go dteachaigh an domhan mór as amharc. Chuaigh an fhuiseog féin as amharc os cionn na néalta ach lean Fionnuala an ceol. Más airde a chuaigh sé san aer más binne a ghlór. Ní raibh a dhath le feiceáil, agus ní raibh a dhath le cluinstin ach amhrán na fuiseoige. Agus ba leor é. Ba chuma le Fionnuala fá rud ar bith eile. Lean sí an ceol fríd  na  glinnte.

‘Cá bhfuil muid anois?’ a d’fhiafraigh sí den fhuiseog.

‘Tá muid i bhfirmimintí an aeir,’ a d’fhreagair an fhuiseog.

‘Tá sé cosúil leis na flaithis,’ a dúirt sí.

Lean an fhuiseog uirthi ag ceol. Ceol fogharbhinn a líon na spéartha. Bhí Fionnuala corraithe go mór aige. Chuir sé faoi gheasa í. Chonaic sí cleite ag titim fríd an aer. Bheir sí ar an chleite agus thum sa dúch é.

Ceol séisbhinn chugam:
an fhuiseog, fógróir na maidne,
ag cothú m’anama,
is ag cur aoibhneas ar mo chroí.

Síofra siansach dofheicthe
ag ceiliúradh le tréan áthais
thuas i bhfraitheacha an aeir.
Ó, caidé foinse do shonais?

Ar maidin lá arna mhárach chuala sí gairm ag éan taobh amuigh den fhuinneog.

D’éirigh sí agus d’amharc sí amach. Chonaic sí an smólach ceoil ina shuí ar leac na fuinneoige. D’fhoscail sí an fhuinneog.

‘Ar mhaith leat a theacht liomsa ar turas?’ a d’fhiafraigh an smólach di.

‘Fan go bhfaighidh mé mo chuid eiteog,’ a d’fhreagair sí.

Fuair sí a cuid eiteog as an phrios, chuir uirthi iad agus amach ar an fhuinneog léi.

Bhí an smólach ag fanacht.

‘Lean domhsa,’ a dúirt an smólach. Chuaigh an smólach san aer agus lean sí é. Thuirling siad i ngarradh. Garradh ina raibh bláthanna agus toir agus crainn de gach cineál

‘Seo mo bhailese,’ a dúirt an smólach.

‘Nach bhfuil sé galánta?’ a dúirt sí.

Chaith sí an lá ina suí sa gharradh faoi scáth crann fuinseoige ag éisteacht leis an smólach, í ag bolú na mbláthanna agus ag blaiseadh an aeir úir.

Nuair a tháinig Fionnuala chun an bhaile d’fhoscail sí na fuinneoga. Ar a ghabháil a luí di níor tharraing sí na cuirtíní. Tháinig boladh na mbláthanna chuici. Chuala sí siosarnach na gaoithe fríd na crainn. Shoilsigh gá gealaí fríd an fhuinneog agus las sé an seomra le solas báiteach. Chonaic sí cleite de chuid an smólaigh ina luí ar an urlár, thóg sí é agus thum sí sa dúch é.

Solas diamhair ag friothamh anuas
idir ghéaga arda na fearnóige
Is éan na broinne buíbhrice
go béalbhinn ar chraobh.

Ailleog cheoil an smólaigh
a chanadh aige faoi dhó
ábhar dóchais ina ghlór
nach léir domh go fóill.

Ar maidin lá arna mhárach, chuala sí an chuach. D’éirigh sí agus d’amharc amach ar an fhuinneog. Chonaic sí í ina suí ar leac na fuinneoige.

‘Ar mhaith leat a ghabháil liomsa ar turas?’ a dúirt an chuach.

‘Fan go ndéanfaidh mé réidh,’ a d’fhreagair sí.

Rinne sí í féin a chluimhriú agus amach an doras léi.

‘Lean domhsa,’ a dúirt an chuach.

Lean sí di. Thuirling sí ar bhalla seanfhothraigh a bhí ag bun an chnoic.

‘Seo an áit a gcónaímse,’ a dúirt an chuach.

D’amharc sí thart. Bhí an seanteach ar an fhraochlach agus gan teach eile le feiceáil ach cupla seanfhothrach le rútaí móra ag gobadh amach fríothu thall agus abhus.

‘Nach bhfuil sé uaigneach anseo?’ a dúirt sí.

‘Tá go leor comharsanach agam,’ a d’fhreagair an chuach agus thoisigh a ghairm.

Chonaic Fionnuala froganna, dobharchúnna, snáthaidí móra, cearca fraoigh, cromáin mhóna … chonaic sí giorriacha ina rith ar chos in airde … sionnaigh ag seilg … chonaic sí gráinneog fhéir ina suí go socair. Chuala sí rannán ag fia. Bhí éanacha eile, an pocaire gaoithe, an fhuiseog agus an naoscach, ag déanamh cónaithe ann chomh maith.

‘Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh mise ag imeacht liom,’ arsa an chuach.

‘Is mór an trua sin,’ a dúirt sí.

Thit cleite de chuid na cuaiche anuas go talamh agus thóg Fionnuala é.

An tráthnóna sin d’amharc Fionnuala amach ar an fhuinneog. Chonaic sí carrianna agus giorriacha agus coiníní agus cearca fraoigh ar an fhraochlach ar an taobh eile den abhainn.

Thum Fionnuala an cleite sa dúch.

Nuair a labhrann an chuach
leanaim a glór mealltach
mar dhéanfadh gobadán,
gan radharc a fháil uirthi.

Is í tairngire an tsamhraidh,
sonas saolta le sonrú ina glór
is í luaite le Hera is le Juno
bandéithe ardréime na mban.

Ar maidin lá arna mhárach chuala sí éan ag ceol.

D’éirigh as a leaba agus d’amharc sí amach ar an fhuinneog. Chonaic sí an crotach ina shuí ar leac na fuinneoige. D’fhoscail sí an fhuinneog.

‘Ar mhaith leat a ghabháil liomsa ar turas?’ a dúirt an crotach.

‘Fan go bhfaighidh mé mo chuid eiteog.’

Fuair sí iad, chuir uirthi agus amach an fhuinneog léi. Bhí an crotach ag fanacht.

‘Lean domhsa,’ a dúirt sé.

Lean sí an crotach. Thuirling sé ar an ghaoth.

‘Tá tú ar an imeall anseo,’ a dúirt sí leis an chrotach.

‘Tá mé sona sásta ann,’ a d’fhreagair sé.

‘Bhí cónaí ar mo mhuintir sa cheantar seo lá den tsaol, ach gurbh éigean daofa a dhul ar imirce,’ a dúirt Fionnuala.

‘Is trua sin,’ a dúirt an crotach.

Chonaic Fionnuala go leor bradán agus breac agus go leor cineálacha eile éisc san uisce. Chonaic sí mar a bhí an ghaoth ag cothú ainmhithe, éanlaith, plandaí agus an fiadhúlra ar fad ar dhá thaobh an uisce.

Sula dteachaidh Fionnuala a luí, d’amharc sí amach ar an fhuinneog. Chonaic sí le clapsholas an ghealach ag éirí os cionn an ghaoith. Chuala sí glór iarmhéileach an chrotaigh ag teacht ó imeall tíre. Chonaic sí cleite de chuid an chrotaigh fágtha ar leac na fuinneoige. Thóg sí é agus thum sí sa dúch é.

Glór dúisitheach an chrotaigh:
macalla ón tsean-am
ag muscladh cuimhní cinn
is ag cur cumhaidh ar mo chroí.

Cluinim glórtha eile ar an ghaoth
is samhlaím taibhsí mo mhuintire
ar an bhealach ’na bhaile
i ndiamhair na hoíche.

Ar maidin lá arna mhárach chuala sí éan ag ceol. D’éirigh sí as a leaba agus d’amharc amach ar an fhuinneog. Chonaic sí an dreoilín ina shuí ar leac na fuinneoige. D’fhoscail sí an fhuinneog.

‘Ar mhaith leat a theacht liomsa ar turas?’ a dúirt an dreoilín.

‘Fan go bhfaighidh mé mo chuid eiteog,’ a d’fhreagair sí.

Fuair sí a cuid eiteog as an phrios, chuir uirthi iad agus amach ar an fhuinneog léi.

Bhí an dreoilín ag fanacht léi.

‘Lean domhsa,’ a dúirt an dreoilín.

Lean sí an dreoilín. Thuirling sé ar an dumhaigh. Chonaic sí go raibh nead an dreoilín sa scrobarnach. Chonaic sí go raibh go leor bláthanna agus luibheanna agus féara ag fás ann. Bhí an tseamair bhán, an chos mhaideach, lus na mbrat, rú Mhuire, lus na pingine, lus na teanga, an crobh éin, ceadharlach páirce, siolastrach agus caonach ann. Bhí muiríneach agus go leor féara de chineálacha éagsúla: an feisciú rua, an feisciú caorach, an bheinteach choiteann agus féar caoráin ag fás ann. Ba phlandaí iad uilig a d’aithin sí.

Bhí éanacha eile ann: an fhuiseog agus an riabhóg bheag, an ceolaire sailí, an rí rua, an spideog, an gealbhan claí; chomh maith le pocairí gaoithe agus spéirsheabhaic. Bhí féileacáin ildaite go leor ann: an glasán, an gormán coiteann, an donnóg fhéir … bhí beacha, pucha, ciaróga, cuileoga agus damháin alla flúirseach ar an dumhaigh chomh maith.

‘Nach haoibhinn an áit é le bheith i do chónaí?’ a dúirt sí.

‘Tá mise breá sásta ann,’ a dúirt an dreoilín agus thoisigh sé a cheol.

Bhí fonn ar Fionnuala fanacht sa dumhaigh. Bhí suaimhneas ar fáil ann. Chonaic sí cleite de chuid an dreoilín ina luí ar an ghaineamh agus thóg sí é. Thum sí sa dúch é.

Éan beannaithe ag na draoithe
do dhiagacht éalaitheach
mar chomhartha acu go dtiocfadh siad
ar chiall cheilte.

Do cheiliúr cumhachtach
luaite leis an chrann darach
in ainneoin do mhéide
ní fágálach ar bith thú!

Ar maidin lá arna mhárach níor chuala sí éan ar bith ag ceol. D’éirigh sí agus d’amharc sí amach ar an fhuinneog. Chonaic sí go raibh an ghrian ag triall faoi smúid. Ní raibh bláthanna le feiceáil sa gharradh. Bhí an féar marbh. Bhí na crainn lom. D’fhoscail sí an fhuinneog agus leis sin tháinig fiach dubh ag eitilt isteach fríd an fhuinneog.

‘Ar mhaith leat a ghabháil liomsa ar turas?’ a dúirt an fiach dubh.

‘Fan go ndéanfaidh mé réidh,’ a d’fhreagair sí.

Rinne sí í féin a chluimhriú.

‘Lean domhsa,’ a dúirt an fiach dubh.

Chuaigh an fiach dubh ag eitilt amach ar an fhuinneog agus lean sí é. Lean sí an fiach dubh a fhad leis an chósta áit a raibh beanna arda. Thuirling sé ag uaimh mhór dhorcha agus d’eitil isteach. Lean sí isteach é. Chuir an dorchadas as dá cuid súile. Ní raibh le cluinstin aici ach grág an fhiaigh dhuibh.

D’éirigh a cuid súile cleachtaithe leis an dorchadas i ndiaidh tamaill agus chonaic sí go raibh go leor daoine ansin.

‘Cé hiad na daoine sin,’ a d’fhiafraigh sí den fhiach dhubh.

‘Sin na daoine a mhaireann faoi thalamh,’ a dúirt an fiach dubh léi.

Chonaic sí fear ina sheasamh ar bhád in aice cé.

‘’Sé do bheatha,’ a dúirt an fear léi. ‘Ar mhaith leat a theacht liom ar thuras? Beidh mé mar threoraí agat.’

Bhí cathú uirthi. Ba mhaith léi dhul ach bhí rud inteacht ag inse di nach mbeadh sí ábalta pilleadh. Chonaic sí go raibh an fiach dubh ina shuí ar bharr chrann an bháid ag faire.

‘Níor mhaith, go raibh maith agat,’ a dúirt sí le fear an bháid.

‘Bhéarfaidh mé ar ais chun an bhaile thú,’ a dúirt an fiach dubh. ‘Lean domhsa.’

Lean Fionnuala an fiach dubh. Níor aithin sí cá raibh a dtriall. Bhí achan rud coimhthíoch aici. Bhí eagla uirthi go raibh sí ar bhealach a haimhleasa. Bhí lúcháir uirthi nuair a bhain sí an baile amach.

Thuirling an fiach dubh ar leac na fuinneoige. Chuaigh Fionnuala isteach chun an tí. Bhí sí tuirseach traochta. Chuaigh sí a luí.

Nuair a d’éirigh sí ar maidin lá arna mhárach d’amharc sí amach ar an fhuinneog ach ní raibh éan ar bith ar leac na fuinneoige. Chonaic Fionnuala go raibh cleite éin san fhuinneog. Thóg sí an cleite dubh agus thum sa dúch é. 

Ar eitil tú idir an dá dhomhan
ag trasnú ar do thoil chuig an alltar?
An bhfaca tú mar aon le Mór-ríoghain
fís ar dheireadh an domhain?

Bua na tairngreachta agat
Is tú luaite le Lugh na gréine,
treoraí don chine dhaonna
ar a dturas chun na síoraíochta.

Chonaic Muireann an peann cleite ina luí ar an tábla an lá arna mhárach. Ní raibh a fhios aici cárbh as a dtáinig sé. Léigh sí na dánta a bhí scríofa. Níor chuimhin léi iad a scríobh nó níor thuig sí caidé na tallanacha a sciob ar shiúl í.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm