Scéalta le hInsint don Ghealach
Caoimhe Nic Lochlainn
Cois Life (2018)
€12

Is fada le lucht na Gaeilge an leabhar galánta seo uainn. Leabhar béaloidis é nach bhfuil dírithe ar pháistí óga. Ní leabhar acadúil é a bhfuil cruth agus ardnós an tráchtas máistreachta air. Is leabhar é seo a gcuirfidh foghlaimeoirí meánleibhéil spéis ann, go háirithe iad siúd nach as an tír seo dóibh agus a bhfuil bealach isteach i scéalta béaloidis na hÉireann uathu. Tá dhá scéal déag ann a bheadh fóirsteanach mar scéal roimh am luí más óg an páiste agus tuismitheoir ag léamh dó. Bheadh dúshlán cuí ann do pháiste níos sine nó don fhoghlaimeoir fásta, mar a dúirt mé.

Is leabhar feiceálach agus é sa siopa an leabhar seo. Tá dealramh lonrach, tarraingteach air a mheallann an léitheoir isteach agus an leabhar fós ar an tseilf. Tá moladh mór tuillte ag Olivia Golden a mhaisigh an saothar agus ag Caoimhe Nic Lochlainn a chóirigh na scéalta – tá éagsúlacht ar dóigh de scéalta sa leabhar seo agus pictiúir bheoga, ildaite leo.

Is ó Bhailiúchán na Scol – an tionscadal sin sna 1930idí inar bhailigh páistí scoile scéalta, nósanna, tomhasanna, agus go leor eile ó sheanfhondúirí ina gceantair féin – formhór na scéalta. Tá an rian sin air agus meascán suimiúil le léamh. Tá scéalta grinn ann, mar aon le leagan Éireannach de Luaithríona, scéal faoin pholaiteoir cáiliúil Dónall Ó Conaill agus tuairisc ar shaothar in aisce a chuir an deartháir is sine air féin sa scéal ‘Murchadh Mór agus Murchadh Beag’. Baineann scéalta ann leis an dá mhórshraith de chuid na tíre seo, an Fhiannaíocht agus an Rúraíocht. Is seift mhaith í seo scéalta ó Bhailiúchán na Scol a úsáid ós rud é gur daoine nach raibh mórán níos óige ná an lucht léitheoireachta a bhailigh na scéalta.

Gaeilge Uladh atá le léamh sa leabhar seo agus rogha déanta ag an údar cloí léi. Tchífidh tú samplaí breátha cosúil le ‘don tsagart’ (lch 9), ‘don tseanfhear’ (lch 10), nó ‘sa tseomra’ (lch 82). Tá seans ann go bhfuil an sampla is fearr den tsainchanúint seo le sonrú ar an chéad leathanach, ‘ar an doras mhór’. Is tréith í seo atá luaite go minic le canúint Thír Chonaill sa lá atá inniu ann agus nach gcluineann tú go rómhinic – séimhiú a bheith ar aidiacht fiú más firinscneach an t-ainmfhocal sa tuiseal tabharthach a ghabhann leis. Molaim an t-údar go mór dá bharr. Is léir go bhfuil sí dílis don bhuntéacs agus dá dúchas féin (is as Contae Aontroma di). Tá deacrachtaí leis seo, ar ndóigh. Beidh píosaí den leabhar seo mínádúrtha do chuid mhaith de léitheoirí na tíre. Fágann sé sin go bhfuil seans ann go laghdaíonn sé a lucht léitheoireachta féin. Agus borradh mór faoin Ghaeilge in Ulaidh, áfach, tá mé lánchinnte gur fiú cloí leis an chanúint chéanna.

Tá eagarthóireacht mhaith déanta ag Nic Lochlainn. Tá sí dílis do na bunleaganacha ach tá litriú an lae inniu i bhfeidhm, athruithe móra in amanna, ach iad chomh soiléir sin gur léir nach cur i gcéill atá ann. Cuirim i gcás rud cosúil le “Nuair a bhí Dónall Ó Conaill beo ní raibh a leithéid de rud ann agus an t-idirlíon, ná guthán, ná teileagram fiú amháin”. Agus é seo ina leabhar do dhaoine óga go príomha ní thig a bheith anuas uirthi mar gheall air seo. Tá sampla eile cosúil leis seo sa scéal deireanach, ach fágfaidh mé fút féin é a aimsiú.

Is fiú a lua nach leabhar ‘éasca’ é seo ar chor ar bith. Bheadh ort a bheith cumasach sa Ghaeilge agus measartha compordach léi le gabháil i ngleic leis. Ina dhiaidh sin is uile, tá ábhar a thaitnimh ann do chách. Tá Gaeilge dheas shaibhir agus í glé binn sna scéalta anseo. Tá dúchas págánach na tíre le sonrú sa leabhar agus frásaí ar nós ‘In ainm Chroim’ le léamh i gcúpla áit, chomh maith le seanfhocail nach bhfuil róchoitianta ar nós “Moillíonn Dia an deifir” (lch 31) agus go leor eile.

Tá greann ar dóigh ann as a mbainfidh achan duine sult, sa chéad dhá scéal go háirithe, agus i scéalta eile fosta. Tá tomhasanna sa triú scéal, ‘Fathach an Domhain Thiar’, trí fhadhb le réiteach ag an phríomhcharachtar, agus teachtaireacht mhaith sa scéal seo agus an ceann ina dhiaidh – gan a bheith santach agus gan barraíocht de dheifir a bheith ort.

De ghnáth, cuimsíonn na scéalta thart fá ocht nó deich leathanach, le ceithre leathanach sna cinn is giorra agus seacht leathanach déag sa cheann is faide. Tá gluais bheag ann agus tá seo ar cheann de na seifteanna is fearr a d’imir Nic Lochlainn. Tá réimse na teanga aimsithe aici go nádúrtha agus go neamh-mhothaithe. Aon uair a mheas mé go raibh focal nach dtuigfeadh duine den aicme ar a bhfuil an leabhar seo dírithe, bhí sé sa ghluais, é mínithe go soiléir le Béarla, le Gaeilge, nó le meascán den bheirt más cuí, más oiriúnach nó más gá.

Tá saothar fiúntach cumasach curtha ar fáil ag Nic Lochlainn. Tá freastal anseo ar aoisghrúpa nach bhfuil mórán den chineál seo ar fáil dóibh. Tá sé déanta aici ar dhóigh shlachtmhar, ionraic. Molaim go mór an saothar agus tá mé ag dúil le hábhar eile den chineál seo ón údar.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm