Mise Áine – An Bhean Istigh
Áine Durkin
Cló Iar-Chonnacht
2017
€8

Ar chlúdach cúil an leabhair seo, insíonn an t-údar dúinn go bhfuil sí ag gabháil don obair seo le thart ar scór bliain anois, agus go mbaineann cuid dá saothar lena taithí féin ar an saol agus cuid eile le rudaí a chonaic sí agus a chuala sí le linn di bheith ag bogadh léi ar a haistear trína saol laethúil. Rugadh an file seo i gConamara, ach tá cónaí uirthi in Inis Eoghain ón bhliain 1980 i leith. Bhuaigh an saothar seo an chéad duais sa Chomórtas do Scríbhneoirí Úra i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2017 agus ní haon ionadh é sin nó tá úire agus dáiríreacht le tabhairt faoi deara síos tríd, ó thús deireadh.

Taitníonn an chéad dán sa leabhar liom. ‘Scríbhneoir’ atá air agus tá úire le tabhairt faoi deara sa chaoi a ndéanann Áine Durkin an t-ábhar a láimhseáil: “Cé gur mé atá ag stiúradh pinn,” a deir sí, admhaíonn sí ansin go bhfuil fórsa éigin eile suite ina ceann agus, dar léi, is é an fórsa sin a chumann na focail di – fórsa atá dostoptha, fórsa a chuireann iachall uirthi greim a bhreith ar pheann:

‘Gus scaoilim leis na smaointe ciana,
mar a scaoilfeá leis an leanbh bliana,
‘s léimeann siad ó cheann go peann,
ag lorg eagar a dhéanfadh dán.

Taitníonn an cur chuige sin liom, an chaoi a méadaíonn an brú chun filíochta ina ceann go dtí an pointe nach bhfuil an dara rogha aici ach scaoileadh leis, agus ansin, éalaíonn na focail ó cheann go peann, agus iad meáite ar dhán a chumadh.

Sa dara dán, ‘An Bhean Istigh’, tuigtear don fhile go bhfuil rud éigin caillte aici, is é sin “an bhean istigh”, an sean-Í a bhí ciallmhar, staidéartha. Iarrann sí uirthi filleadh nó tá sí fós an-chóngarach don “Mé a chaill tú ins an slua”.

Sea, cloisim í, an Bhean Istigh,
tá sí ann, i bpreab mo chroí,
ag meabhrú dhom go bhfuil sí beo,
‘gus ina beatha…an mise Í?

Tuigtear di anois go bhfuil seans ann gurb iad cora crua an tsaoil ba chúis leis an scaradh sin.

Dán spéisiúil eile is ea ‘Imirce’, ina ndéanann an file iarracht ar spléachadh a thabhairt dúinn ar an tionchar a bhíonn ag an imirce orthu siúd atá fágtha i ndiaidh an imircigh. Féach mar a chuireann sí síos air:

“Pian an scartha i súile ata fliuch,
Focla gan labhairt ó bhéal ina thost,
Tocht á thachtadh i scornach docht,
Croí ag briseadh le mothúchán nocht.”

Nach beag duine sa tír seo nach ndeachaigh síos an casán céanna seo, nó mura ndeachaigh, chuile sheans gur thug sé a leithéid faoi deara, uair éigin, áit éigin.

Sea, críochnaíonn sí an dán mar seo:

Máthair ‘gus athair plúchta ag racht,
Ag fágáil slán ag iníon nó mac.

Agus céard faoin dán gearr sin ‘Bróga Leathair’? Bíodh nach bhfuil ann ach ceithre líne, éirionn leis an fhile bíog a bhaint as an léitheoir. Féach mar atá sé aici:

Tá do bhróga breá snasta gan smál,
ach tá spota Mhacbeth ar do lámh,
an fhuil sin nach bhfeictear go brách,
siúlann tú uirthi gach lá.

Níl sa mhéid sin ach cúpla sampla den chineál filíochta atá le fáil sa leabhar seo. B’fhéidir gur mhaith leat an chuid eile a léamh duit féin, ar do chaoithiúlacht, le lántaitneamh a bhaint as an leabhar suimiúil seo. Beimid ag súil le tuilleadh ón fhile seo amach anseo.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm