Juanita Brown a scríobh
Aoife Quinn a mhaisigh
Fidelma Ní Ghallchobhair a d’aistrigh
Cois Life, 2018
€12

Ní thig fiú leis an té is eolaí againn na leabhair Ghaeilge uilig atá á bhfoilsiú faoi láthair a léamh. Tá leabhair sa bhaile agam féin nach léifidh mé choíche faoin am seo agus mé níos críonna sa siopa leabhar dá bharr. Dá bhrí sin, caithfidh scríbhneoir agus foilsitheoir i bhfad níos mó ná ábhar an leabhair a dhíol sa lá atá inniu ann.

Is mór an moladh atá tuillte ag Cois Life as ucht na leabhar mealltach tarraingteach atá curtha i gcló acu i mbliana. Leanann Ainmhithe na hÉireann an nós seo. Tchíonn tú an leabhar seo agus é ar an tseilf. Leabhar geal, lánmhaisithe a mheallann chuige tú is ea é. Anois, agus é i do lámh, a mheallann an t-ábhar thú.

Is aistriúchán de My First Book of Irish Animals (2014) é an leabhar seo – rud a spreagann dhá phointe. Ar an chéad dul síos, is aoibhinn liom teanga an dúlra agus í breá nádúrtha sa leabhar seo. Ar léamh an leabhair dom, ámh, caithfidh mé a rá gur teanga róchasta do pháistí atá le léamh anseo. Tagann sé doiligh orm a rá más teip maidir le haistriúchán é seo nó más é nach bhfuil an t-aistriúchán seo dírithe ar pháistí an-óg ach ar dhéagóirí.

Mholfainn sleachta as an leabhar seo go hard san ollscoil – tá abairt faoin luch fhéir (an chéad ainmhí sa leabhar) agus measaim gur dóigh iontach é le tréaniolra agus lagiolra a chíorú: ‘Is bia tábhachtach iad na creimirí do go leor ainmhithe agus éan eile’ (lch 4). Le cothrom a thabhairt, tá ciall na habairte seo intuigthe do pháiste ar léitheoir neamhspleách é gan gnéithe gramadaí a fhiosrú, a fhad is a dtuigeann sé ‘creimirí’.

Ar an ábhar sin, tá gluais ag cúl an leabhair, rud atá de dhíth i leabhar mar seo. Clúdaíonn an ghluais focail a bhaineann leis an nádúr, leis an dúlra agus le tréithe na n-ainmhithe féin. Ba mhaith fad eile a bheith curtha leis an ghluais seo agus focail eile (roinnt briathra, mar shampla) a bheith san áireamh. Tá ‘maireann’ scríofa in áit ‘cónaíonn’ agus an luch fhéir faoi chaibidil; measaim gur gá rud mar sin a mhíniú, más leabhar do pháistí é. Tá ‘cónaíonn’ úsáidte in áiteanna eile ach measaim gur fearr cloí leis an leagan simplí.

‘Cabhraíonn a féasóg fhada mhothaitheach léi an spás mórthimpeall uirthi a bhrath sa dorchadas’ (lch 5) a deir an t-údar ach níl na focail seo le sonrú sa ghluais ach oiread. Tá líofacht de dhíobháil le roinnt mhaith den leabhar a léamh agus an réimse teanga seo istigh inti go minic. Ní olc an rud é sin dar ndóigh, ach ní thig a mhaíomh gur leabhar dírithe ar pháistí é.

Tá áiteanna eile agus obair mhaith ann an focal a thabhairt duit gan feidhm ort gabháil chuig an ghluais: ‘Bíonn breis is 5,000 colg ar dhroim na Gráinneoige’ (lch 9). Is maith liom seo ar dhá chuis. Mar a dúirt, tugann sé an focal duit (más é seo an chéad uair duit é a léamh nó a chluinstin) agus, cé go bhfuil sí sa ghinideach, is léir gurb é an ghráinneog atá á plé. Is maith le múinteoir samplaí soléire agus intuigthe leis an tuiseal ginideach a chur os comhair ranga. Tá fadhb réimse ann ar an leathanach céanna, ámh. Deir an t-údar go ndéanann an ghráinneog codladh geimhridh ‘sa chaoi gur lú an fuinneamh a chaitheann sí’ (lch 9). Bheadh abairt ar nós ‘sa chaoi nach n-úsáideann (nó nach gcaitheann) sí mórán fuinnimh’ níos fóirsteanaí.

Tá samplaí go leor den chastacht teanga sa leabhar. ‘Feictear giorriacha fireanna agus baineanna ag bruíon is ag achrann’ (lch 14). Bheadh ‘ag troid’ i bhfad níos soiléire, fiú in áit ceann amháin den dá fhocal eile. Sin ráite, tá míniú agus cur síos iontach ar an ainm a chuireann muid ar an ghiorria óg agus ar a shaolré.

Is fiú a lua gur ar chastacht teanga amháin a dhírím aon ghearán; tá ábhar an leabhair ar dóigh. Tchíonn tú ainm oifigiúil an ainmhí, an leasainm, agus an t-ainm Béarla in aice a chéile, seift a shaibhríonn teanga rud millteanach. Is eol dúinn uilig faoi sionnach agus madra rua ach an mbeifeá chomh cinnte céanna faoi an rón beag agus an rón breacach?

Tá cleasa ar dóigh sa leabhar seo le dúil sa dúlra a mhúscailt: tá mionfhíricí iontacha faoi na hainmhithe uilig ann, fíricí a spreagann suim san ainmhí ionat; tá pictiúr de dhuine nó de lámh in aice le pictiúr den ainmhí  le méid de réir scála a leiriú; tá dóigheanna le hainmhithe cosúla a dhifreálú agus dóigheanna le tacú leis an dúlra tugtha duit.

Is fiú go mór don duine aonarach agus do scoileanna an leabhar seo. Is fiú cuimhneamh nach bhfuil an leagan Gaeilge den leabhar seo fóirsteanach do pháistí chomh hóg is a bhfuil an leagan Béarla. Ar dhóigh, is maith sin. Tá go leor d’ábhar léitheoireachta ann don aos an-óg agus measaim go líonann an leabhar seo bearna ó thaobh leabhar do dhéagóirí de. Thig le duine ar bith a chuid Gaeilge a shaibhriú leis an leabhar seo, agus, níos tábhachtaí b’fhéidir, an-sult a bhaint as an eolas atá istigh ann.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm