Bliain mhaith ab ea 1951, ar ndóigh, deireadh déanta den scoil agus tús le mo shaothar (mar theachtaire ag comhlacht árachais san ardchathair) ós é nach raibh ‘cead’ agam an scoláireacht a bhí agam as an chéad áit sa chontae a bhaint amach a úsáid. Bhí mé ró-óg, a dúradh, cé go raibh MA ag Milton ag aois a 16 bliana.

An tráth sin agamsa, tháinig mé in inmhe go luath as gá, ganntanas agus gairge na ré sin. Bhí na mná rialta níos céillí gur choinnigh siad mo dheirfiúr siar le go mbeadh sise 17 ar chríochnú di. Tá aithne ag Feirstigh uirthi mar thacadóir, tiománaí agus tiomsaitheoir an fheachtais don cheathrú coláiste ag Ollscoil Uladh sna hochtóidí. Ach ní chuige sin atá mé ach seo – gur dóigh liom gur sa bhliain sin fosta a fuair mé cóip den Rubáiyát of Omar Khayyám den chéad uair ó sheastán leabhar sobhogtha Uí Cheallaigh, deartháir ‘Maura Laverty’, údar na sraithe fadsaolta raidió sin Tolka Row. Ba é ceann foirne ar Na Fianna é, gasóga poblachtánacha a bhíodh feiceálach san archathair an tráth sin. Díbríodh é tar éis scoilte. Thug sé ruathar faoin cheannáras acu gur fhuascail sé éide, trealamh – é ag dearbhú a cheannais. Tógadh é, ón seastán, sílim, go Páirc an Fhionnuisce mar ar clúdaíodh é le hola ghréisceach is cleití. D’fhill sé ar a sheastán, craiceann scinithe, ach má rinne, níor fhill sé ag éileamh a cheannais ar ais!

Leagan Béarla 
Seans gur airigh mé ar dtús é ó m’athair a mbíodh dornán á reic aige go sóisialta, saothar Service agus ‘Val Vousden’, ár reacaire féin, ina measc. Tá a fhios agam nár aon nuacht dó an méid seo ón Rubáiyát: 

The Moving Finger writes; and, having writ,
Moves on: nor all thy Piety nor Wit
Shall lure it back to cancel half a Line,
Nor all thy Tears wash out a Word of it.

Scríobh mé nóta fá dtaobh de ag áireamh Edward Fitzgerald, fear a d’aistrigh go Béarla é, mar Éireannach. Tugadh fúm. Níor bhac mé leis an aos ionsaithe sin a fhreagairt ach b’fhéidir nár mhiste ár n-éileamh air mar scríbhneoir Éireannach a choimriú anseo.

Rugadh é in 1809 in Woodbridge, Suffolk i ndeisceart Shasana. B’as Cill Chainnigh dá athair, fear den sloinne Purcell, sloinne atá coitianta sa dúiche sin ar fad (phós beirt aintíní liom deartháireacha den ainm). Phós an Puirséalach sin Gearaltach mná agus ghlac sé a sloinne “after she had inherited (1818) a fortune from her father”. Mo thuairim ná go raibh an ceangal sin ag dul leis an sparán. Cérbh í féin, ní heol dom (fós!) ach go ndeir Alexander Hutchinson (sa bhrollach aige don eagrán a cheannaigh mé le déanaí ag seastán sráide, eagrán a d’fhoilsigh Wordsworth Editions, Hertfordshire Shasana i 1983), “The Fitzgerlads were an ancient and distinguished Irish family.”

D’ionsaigh Robert Graves is eile leagan Fitzgerald den Rubáiyát ar bhonn fealsúnachta. Níos déanaí, cuireadh é i gcomparáid le The Love Story of J Alfred Prufrock (gona mhacallaí den Rubáiyát) le TS Eliot, ach deir criticeoir amháin, Danile Schenkel, faoi sin, “Perhaps now . . . Prufrock and his peers have worn thin enough to allow the strangeness of Omar Khayyám to peer through again [as] a work of serious literary art.”

Leagan Gaeilge
Tá a fhios agam gur fhoilsigh Bentham seacht n-imleabhar i Nua-Eabhrac i 1967. Ní fhaca mé oiread is ceann amháin acu go fóill, ach rinneadh ar a laghad aistriúchán amháin go Gaeilge (de leagan Mhic Gearailt). Ag tús na haoise seo a chuaigh thart, d’fhoilsigh Art Ó Gríofa é (75 véarsa de) le réamhrá uaidh féin ar Sinn Féin i mí na Nollag 1908. ‘Torná’, Tadhg Ó Donnchadha, a rinne an t-aistriúchán agus ag deireadh na bliana 1920, d’fhoilsigh Mártan Lester (Hobson, sílim) mar leabhar é i mBaile Átha Cliath faoin teideal Rubáiiát Omár Caiiám ó Naísceápúr.

An aithneofaí an cheathrú seo ó Thorná?

Fé dhuilleabhar chraoibhe bím lem leabhar amhrán;
Bíodh corn maith fíona is bríce im aice den arán;
’S an díthreabh acht go mbeitheása im fhochair led laoi –
Dar liom níor dhíthreabh í acht parrathas árd! 

(Here with a loaf of Bread beneath the Bough,
A Flask of Wine, a Book of Verse – and Thou
Beside me singing in the Wilderness –
And Wilderness is Paradise ever.)

Tá níos mó véarsaí ag Torná (101) ná mar atá san eagrán Béarla a cheannaigh mé le déanaí (75). B’fhéidir go spreagfadh sé seo neach éigin le tabhairt faoi eagrán nua de leagan ‘Thorná’.

Ach tá cúis eile agam faoin cheist a ardú anois, is é sin a fhéachaint an féidir liom cúiteamh a dhéanamh as meancóg iompair seasca éigin bliain ó shin.

Leagan eile Gaeilge le Risteárd Ó Somacháin
Ní fada sa chathair mé gur aimsigh mé saol bríomhar Chonradh na Gaeilge ann agus ba le Craobh Mobhí san Ardoifig ag an am a chas mé le daoine a bhí buan i mo shaol ina dhiaidh sin. Seán Ó Dálaigh an chéad duine acu, ach féach gur phós mac liom iníon leis i bhfad níos déanaí. Bhíodh Seán Potts ann agus, lena chosa draíochta, Paddy Bán Ó Broin. Ó thráth go chéile, d’fheicinn Gearailt Mac Eoin agus Anraoi Ó Liatháin, ar bhuail mé leo nuair a d’iarr mé ar Anraoi an chraobh a bhunaigh mé i mo bhaile dúchais, ag deireadh 1950, sílim, a sheoladh go poiblí. Bhí mé cairdiúil leis go tráth a bháis.

Agus mé ag iarraidh teacht suas leis, ghlaoigh mé ar an Roinn Oideachais á lorg – baol dom gur ann a bhí (é ina Uachtarán ar an Chonradh ag an am). Ní raibh a leithéid de dhuine ann a d’fhreagair bean an mhalartáin. Dhearbhaigh mé go raibh. Ghlaoigh sí (ag ceapadh go raibh sí ó éisteacht agamsa) ar neach eile agus chuala mé an freagra: “Maybe it’s Harry Lyons he wants.” Mo chéad léiriú ar éiteas frith-Ghaelach na roinne sin agus gur fuar againn ár ndóchas a bhunú orthu. Ach tá baint ag an scéal sin leis an chéad scéal eile.

I measc na ndaoine ar éirigh mé cairdiúil leo bhí Risteárd Ó Somacháin. Bhí Gaeilge shaibhir álainn aige is é bródúil aisti, fonn air scríobh, ach ní fhaca mé líne leis i gcló. Lá dá raibh, tharla an bheirt againn in Ardoifig an Phoist, neamhspleách ar a chéile. Bhagair sé chuige mé nuair a thug sé faoi deara mé is dúirt, ag síneadh glac leathanach chugam, “Féach seo atá críochnaithe agam. Cad is dóigh leat?”

An Rubáiiát a bhí ann agus, de réir mo chuimhne, leagan an-mhaith, níos so-aimsithe dúinn ná leagan Thorná, abair. Mhothaigh sé leisce orm labhairt is dúirt, “Ná habair go bhfuil sé déanta cheana féin!” Is baolach, a dúirt mé, go raibh. Ní raibh aon ghlacadh aige le haon ‘ach’ uaim. Bhailigh sé leis go díomách, ní nach ionadh. É go maith níos sine ná mé, fós féin, ag amharc siar dom, bhí sé de cheart agam a áitiú air a leagan a fhoilsiú. Níor lean mé é agus ní dóigh liom gur bhuail mé leis arís. Ní heol dom cad a bhuail dó. Ní heol dom ach go bhfuil sé caillte. B’fhéidir nach bhfuil a leagan den Rubáiiát caillte go deo.

Ceistígí libh. Féach go raibh gearrscéal le Daudet aistrithe faoi thrí go Gaeilge agus mise ar eagarthóirí Pobal a chuir an tríú leagan i gcló. An cuimhin le héinne Risteárd nó ar airigh éinne go raibh sé pósta? Ar fhág sé an ardchathair nó an bhfuil gaolta beo leis ar aithne agaibh?

Má tá aon eolas agat ar Risteárd Ó Somacháin, déan teagmháil linn: antultach@ymail.com nó ar na meán shóisialta.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm