I gcuid 5 den scéal seo, chuir Tóla aithne ar pháistí an bhaile agus rinne cairdeas leo.  

Teacht an gheimhridh

Bhí Tóla iontach cúramach nach mbuailfeadh sé leis na daoine óga seo dá mbeadh daoine fásta leo. Ní raibh muinín ar bith aige as daoine fásta ariamh; b’iadsan ariamh a thóg na ceisteanna faoi agus a thug air imeacht ó aon áit a raibh sé sa seanam. Agus cé gur daoine fásta cuid mhaith de theaghlach Ghobnatan, ba iad ba mhó agus ba mhinice a dúirt leis gan muinín a chur sna daoine fásta. “Caithfidh an barr a bheith agat orthu i dtólamh,” a deireadh Gobnait. Ba riail í ar chloígh sé féin leis ó am Ghobnatan go dtí an lá sin féin.

Bhí scéal aige ariamh dá mbuailfeadh sé le daoine níos minice ná uair amháin agus é ag dul fríd an choill. D’inseodh sé dóibh gur coillteoir a bhí ina athair, go raibh a mháthair marú agus gur sin an fáth ar chónaigh siad i lár na coille. Sheachain sé daoine den chuid is mó le gan amhras ar bith a thógáil faoi féin. Ach an t-am seo, thuig sé gur beart fadtéarmach a bhí aige a dhún féin a chosaint ach, ba mhó ná sin, bhí cuideachta de dhíth air fosta.

Chothaigh sé an caidreamh go cúramach, ag bualadh le Charon nó Breandán agus na páistí eile amanna nach raibh aon duine eile thart. Bhíodh leabhar leis go minic agus léadh sé gach cineál scéil dóibh nuair a b’fhéidir leis agus thaitin sé seo go mór leo nó ní raibh léamh ná scríobh ag duine ar bith acu féin.

“Foghlaimeoidh mise an léamh daoibh uile,” a gheall sé dóibh, ag díriú ar Charon go háirithe lena chinntiú go dtiocfadh leisean an léitheoireacht a chur ar aghaidh chomh maith. Nuair a bhí gnó eile aige, deireadh sé leo go raibh sé ar shiúl ag obair lena athair agus d’fhágadh sé bearnaí fada idir cuairteanna in amanna le haon amhras a sheachaint.

Chuaigh na míonna isteach agus bhí an geimhreadh ag druidim leo. Bhí ar na páistí ullmhú don drochaimsir a bhí ag teacht. Bhailídís ní ba mhó agus ní ba mhó loiscnigh agus chuidíodh Tóla leo in amanna, á dtarraingt ar shiúl óna áit bheag chónaithe féin. Ar an dea-uair, bhí go leor loiscnigh sa choill san am úd ach de réir mar a bhí cúngú na ndaoine ag tarlú, bliain i ndiaidh bliana, thuig Tóla go mb’fhéidir nach mar seo a bheadh sé i dtólamh agus nach mbeadh aon choill fágtha lena cosaint.

Le linn an gheimhridh ba iad na daoine fásta ba mhinice a thagadh amach le hobair a dhéanamh agus bhíodh ar na daoine óga ní ba mhó a dhéanamh fán ghráig féin. Bhí sé rófhuar anois agus bhí a fhios ag Tóla go raibh sé slán sábháilte sa tréimhse seo den bhliain cá bith. Chaitheadh sé a chuid ama ag léamh agus ag tógáil ar a fhoghlaim faoin nádúr thart fá dtaobh dó.

Bhailíodh sé a chuid fola ón diúscaire faoi dheireadh an tsamhraidh agus chuireadh sé i bhfolach sa teach oighir í lena chothú sa gheimhreadh. Bhí an saol go measartha maith sa tréimhse sin agus bhí Tóla ní ba shásta ná a bhí le blianta fada anuas.

Chuaigh an geimhreadh isteach go maith an bhliain sin agus níorbh fhada gur tháinig ceann eile agus ceann eile arís. Faoin am seo bhí caidreamh iontach maith tógtha idir Tóla agus na páistí, Charon go háirithe, a bhí ina ghasúr mór anois. Sa deireadh thiar, scaoil Tóla a rún le Charon.

“Dá bhfaigheadh daoine amach fúmsa, mharófaí mé gan trua agus sin an fáth nár inis mé duit go dtí anois, a Charon. Maith dom an bhréag, ach b’éigean dom fanacht go raibh tú féin réidh agus go raibh mise cinnte díot, agus tá mé an-chinnte díot anois, a Charon.”

D’amharc Charon air idir an dá shúil, agus amhail is nár dhúirt Tóla rud ar bith iontach, dúirt leis, “Geallaim duit ó mo chroí, a chara dhil, déanfaidh mise béalrún de go deo agus cuideoidh mé leat as seo amach aon bhealach is féidir liom, fiú má bhíonn orm mo chuid fola a roinnt leat.” Sin mar a fágadh an comhrá an lá sin agus bhí an bheirt acu chomh mór le chéile le dhá cheann capaill as sin amach.

An donas atá i ndán

D’fhoghlaim Tóla an léamh do Charon agus phléigh sé gach ábhar faoin spéir leis agus ba léir do Thóla gur duine an-chliste é, rud a thaitin go mór leis nó bhíodh caidreamh léannta mar sin a dhíth airsean chomh maith. Labhraíodh sé leis faoi gach rud sa choill, na hainmhithe, na crainn, ag tagairt siar i gcónaí don ábhar ba thábhachtaí, a thimpeallacht féin a chosaint. “Dá n-imeodh gach rud le ró-úsáid, ní mhairfeadh do phobalsa ná mé féin.”

Chonaic na tuismitheoirí Tóla leis na páistí eile ó am go chéile ach sheachain sé iad dá mhinice a b’fhéidir leis. “Bíonn gach páiste ag maíomh asat lena dtuismitheoirí agus ní bhíonn siad buartha fút in am ar bith níos mó,” a mhínigh Charon dó lá amháin. “Tchí siad go bhfuil muid ag foghlaim cuid mhór uait, a Thóla, agus tá siad iontach sásta leis sin.”

“B’fhearr dom iad a sheachaint go fóill,” ar Tóla, “nó aithneoidh siad nach bhfuil mise ag aosú agus éireoidh siad eaglach roimhe sin, agus is contúirtí iad agus iad eaglach roimh rud!”

Chuaigh an chéad chúpla bliain eile thart go gasta. Bhi Tóla lá ag iarraidh a chuid fola a bhailiú ón diúscaire ach mhothaigh sé go raibh rud éigin as alt. Ní hé gur dhúirt an diúscaire rud ar bith leis, níor dhúirt mar ní raibh iomrá ar bith airsean an lá sin. Ní raibh iomrá ar bith ar fhuil úr ar bith ach an oiread agus bhí na seanbhuidéil fholmha ina luí ag taobh na habhann, mar ar fhág sé iad an t-am roimhe sin. Ba bhaol le Tóla go raibh rud éigin as cosán. Dar leis go rachadh sé isteach go dtí an baile lena fhiosrú cén fáth nár tháinig an diúscaire nó na buidéil fola an t-am seo.

Bhí boladh toite san aer nuair a bhain sé an baile amach. Ba léir dó láithreach an scaoll a bhí ar an phobal. Bhí sé inbhraite! Bhí caoineadh ag teacht amach as tithe; bhí boladh an bháis gach áit fá dtaobh dó. Chonaic sé an diúscaire ag tiomáint a charráin bhig trí lár an bhaile, ach anois bhí sé lán corpán marbh. Bhí gach doras druidte agus cros dhearg scríofa ar chuid acu. Bhí teach amháin ag bun an bhaile á chur trí thine gan aon duine ag déanamh gearáin.

D’aithin Tóla na comharthaí seo láithreach – an phlá! Léigh Tóla faoin phlá a bhí ag tarlú ar fud na hEorpa leis na cianta, ach le cúpla bliain anuas, d’éirigh leisean í a sheachaint i gcónaí nó bhíodh sé féin scartha ón ghnáthphobal den chuid ba mhó. Den chéad uair ó chaill sé Gobnait, bhí imeagla a chroí ar Thóla. Thuig sé go maith iarmhairtí na plá nó bhí go leor scéalta léite aige faoin uafás seo. Dá rithfeadh sí ar an phobal, bheadh gach duine marbh. Níor léigh sé ariamh faoi dhaoine ag teacht slán ón phlá; a mhalairt ar fad a bhí fíor i gcónaí. Sin mar a bhí gach tuairisc agus ní raibh leigheas ar bith ann di.

Thiontaigh Tóla ar a shála agus d’imigh leis i dtreo na gráige leis an méid a bhí ina chnámha. Bhí a fhios aige go mbeadh air rabhadh a thabhairt dá chairde agus don phobal iomlán gan dul isteach go dtí an baile beag sin arís; ach ní ba thábhachtaí ná sin, gan ligean do mhuintir an bhaile theacht amach chucu. Thuig sé go géar go mbeadh ar an phobal gan teagmháil ar bith a dhéanamh le pobal an bhaile.

Ar bhaint amach na gráige dó, chuaigh sé ar lorg Charon lena inse dó cad é a bhí ag tarlú sa bhaile. Bhuail sé leis ar imeall na gráige agus cúpla páiste eile leis. Nuair a fuair sé a anáil leis arís, labhair sé leis an stócach óg. “A Charon, a chara mo chroí, éist liom go cúramach. Is ar an bhaile bheag a bhí mé ansin agus tá gach rud dulta chun siobarnaí ansin. Tá galar uafásach ar an mhuintir sin. Beidh ortsa scéal an uafáis seo a chur in iúl do chách. An phlá atá ann, a Charon. An dtuigeann tú cad é a chiallaíonn sin?”

Ba léir ón dreach a bhí ar aghaidh Charon gur thuig sé go hiomlán cad é bhí a rá ag Tóla. Chuala sé a thuismitheoirí ag labhairt ar an phlá a bhíodh ann fadó agus a ghránna agus a chruálaí a bhí sí. Chuaigh Tóla ar aghaidh lena scéal. “Tá poll mór ag ceann an bhaile agus é lán de chorpáin anois. Tá teach trí thine agus an bás gach áit fán bhaile. Tá gach duine i mbaol a mbáis anois. Ní thig le duine ar bith dul isteach sa bhaile agus is tábhachtaí arís é seo – ná tagadh duine ar bith ón bhaile sin isteach chugaibhse.”

D’imigh Charon agus scaoll air leis an scéal a inse dá thuismitheoirí. Chuaigh Tóla ar lorg Bhreandáin, gasúr eile a bhí fásta ina fhear óg ach nár athraigh mórán ó bhuail Tóla leis. Bhí a fhios aige go mbeadh sé ar shiúl leis féin áit éigin mar ba nós leis. Tháinig sé air istigh sa choill agus d’aithin Breandán an t-uafás ar aghaidh Thóla. Nuair a bhí an scéal gráiniúil ag Breandán, d’fhág sé slán tobann ag Tóla agus d’imigh sé leis ar ais chuig a thuismitheoirí agus eagla a anama airsean chomh maith.

Shuigh Tóla lena aghaidh ina lámha. Bhí a fhios aige go gcaillfeadh sé gach duine a raibh grá aige dóibh arís, don phlá nó don teitheadh uaithi. Bhí an-dáimh aige le Charon agus Breandán agus na daoine eile a d’fhás aníos leis na blianta beaga anuas agus shíl sé go mairfeadh an caidreamh ar feadh fada go leor agus b’fhéidir lena gclann féin ina dhiaidh sin amach, mar a tharla le Gobnait.

Níor rith sé leis ariamh go mbeadh air ligean dóibh imeacht uaidh le teitheadh roimh an bhás ach ní raibh rogha ar bith acu anois; ar a laghad bheadh seans ní b’fhearr marthana acu dá n-imeoidís sular mharaigh an phlá gach duine acu.

Teitheadh na gcarad

Rinne Tóla cinneadh láithreach ansin gan fanacht thart le teitheadh a chairde a choimhéad. Bhí a fhios aige ina chroí istigh nach bhfeicfeadh sé iad arís go deo, go díreach mar a tharla le gach duine roimhe sin a raibh grá aige dóibh. Den chéad uair ina shaol fada, d’aithin sé gur mhair sé féin rófhada. Má mhaireann tú fada go leor, cailleann tú gach rud.

B’fhadálach agus ba bhrónach an siúl sin ar ais go dtí a áit bheag chónaithe i lár na coille. Dhreap sé a chrann agus shuigh sé ar a ghéag choimhéadta ag déanamh machnaimh ar a shaol fada agus gach rud a chaill sé go dtí seo agus cad é a thiocfadh dó amach anseo. Bhí an dobhrón anuas sa mhullach air. Chuimhnigh sé siar ar Ghobnait agus Bláithín agus na daoine uile a tháinig ina ndiaidh agus chronaigh sé gach duine acu. Bhí na deora ag titim go frasach anois. Thuig Tóla ariamh go dtiocfadh deireadh lena thréimhse sa choill. D’aithin sé gur tháinig meath ar gach caidreamh a bhí aige go díreach mar a tháinig meath ar an choill féin.

Taobh istigh d’aon lá amháin bhí teaghlaigh na gráige réidh le himeacht. Chuaigh Charon, Breandán agus na páistí eile ar lorg Thóla le slán a fhágáil aige. Chuardaigh siad gach áit ach ní thiocfadh leo theacht air nó ar a áit chónaithe, a choinnigh sé faoi rún i dtólamh. D’imigh siad ar ais gan theacht air agus iad uile faoi ghruaim.

Cúpla lá ina dhiaidh sin chuaigh Tóla ar ais bealach na gráige. Ní raibh neach le feiceáil faoin ghráig ní ba mhó. Bhí na bothóga féin chóir a bheith ar shiúl leo. Shiúil sé fríd an áit mar is ceart den chéad uair, isteach agus amach as ballóga na mbothóg gan oiread agus pota fágtha fiú. Ar bhaint amach a háite a raibh teach Charon dó, fuair sé nóta beag gleanta don aon bhalla a bhí go fóill ina sheasamh ann. Chonaic sé a ainm féin scríofa ar bharr an nóta. Bhain sé anuas é agus léigh.

A Thóla, a chara,
Is mó mo bhuaireamh nach raibh fáil agam slán a fhágáil leatsa, a chara mo chroí. Rinne muid teitheadh roimh an phlá seo mar a mhol tú agus gan a fhios agam go mbeidh tú féin slán ón uafás céanna. Chuaigh mé féin, Breandán agus gach duine eile againn ar do lorg sa choill ach ní thiocfadh linn theacht ort. Níl a fhios agam an mbeidh mé ar ais an bealach seo arís ach bíodh a fhios agat, a chara, ní ndéanfaidh mise dearmad ortsa ná ar gach rud a d’fhoghlaim tú dom go deo, scéal do bheatha féin go háirithe. Tuigim chomh maith gur mé do chara iontaofa. Geallaim duit sula bhfaighidh mise bás go gcuirfidh mé do scéalsa ar phár agus go mbeidh eolas ort go deo na ndeor. Ach ná bí thusa buartha; ní scaoilfidh mé cá bhfuil tú go deo.

Go mairfidh tú slán, a chara liom!
Charon

Bhí deora le súile Thóla agus é a léamh. Shiúil sé ar ais go dtí an áit bheag s’aige féin sa choill. Shuigh sé ar a ghéag féin sa chrann agus léigh sé óna shár-rogha leabhar filíochta, rud a chur aoibh air. Chuimhnigh sé siar ar gach duine arís agus arís eile. Shuigh Tóla ansin ar feadh tamaill fhada ag caoineadh, go dtí gur thit sé ina chodladh.

Gan iomrá

Chuaigh fiche bliain thart sula raibh faill ag Charon theacht ar ais go dtí an choill. Déanta na fírinne, ní raibh mórán den choill fágtha ansin ní ba mhó. Chaith sé seal sa bhaile beag ba chóngaraí, áit ar chuala sé scéalta faoin duine beag a bhí ina chónaí i lár na coille agus a shuigh sa chrann ar nós éin, fear beag ar thugaidís ‘Fear Faire na Coille’ air.

Bhí scéalta ar fud na háite faoin duine aisteach seo agus a chuid leabhar agus gurbh é an duine ba chliste ariamh é. Chuaigh Charon ar ais isteach go dtí an áit a raibh lár na coille, go dtí an áit ar sheas an seanchrann mór darach go fóill. Dúirt muintir an bhaile gur fágadh é mar sin in ómós don duine beag sin. Shuigh Charon tamall ansin agus chuimhnigh sé siar ar Thóla, an deamhan beag fola a thug léann dó agus a shábháil a phobal ón phlá.

Chuaigh Charon ar ais chuig a bhaile féin ina dhiaidh sin agus scríobh sé scéal Thóla síos dúinn, agus sin an fáth a bhfuil an scéal againn go fóill, creid nó ná creid!

 

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm