I gcuid 4 den scéal seo, chonaic muid mar a bhí na coillte ag meath agus daoine ag sárú na heagla a bhí orthu agus ag teacht isteach sa limistéar ina raibh Tóla ag cur faoi.

Le linn an ama sin rinne Tóla an-mhachnamh ar cad é ba chóir dó a dhéanamh amach anseo. Bhí a fhios aige nach dtiocfadh leis na daoine a scanradh níos mó, nó nuair a scanraíodh iad ba chontúirtí iad. Ach cad é a dhéanfadh sé? Dhéanfadh sé ainiarsmaí a ghníomhachtaí féin a thomhas agus gach toradh a réamh-mheas as sin amach.

Sa deireadh thogh sé go meallfadh sé chuige féin iad agus go n-aimseodh sé bealach éigin le himchoimeád na coille a chur ina luí orthu; ach chiallódh sé sin go mbeadh air féin teagmháil a dhéanamh leo! Obair mhór a bheadh ann, ar ndóigh, agus ní éistfeadh daoine fásta le duine óg, nó duine a bhfuil cuma óg air cá bith. Is chuig na páistí agus na daoine óga a rachadh sé ach theacht aníos le bealach leis sin a dhéanamh gan a bheatha féin a chur i gcontúirt.

Chaith sé seal fada ag coimhéad na gráige agus na páistí go háirithe. Bhí sé ag iarraidh ceannasaí na bpáistí a aithint. De réir a chéile, d’aimsigh sé buachaill óg amháin, buachaill thart ar 12 bhliain d’aois, ar léir gurbh é an ceannasaí é. Bhí na comharthaí sóirt uilig ann. Ba é seo an buachaill óg a ndeachaigh na páistí eile chuige go minic nuair a bhíodh rudaí nó treoir de dhíth orthu, fiú le cead a iarraidh rudaí éagsúla a dhéanamh nó le moladh a fháil uaidh as rud maith ar bith a dhéanamh. Bhí na tréithe ceannasaíochta sin le sonrú sa bhuachaill seo go soiléir agus ba léir an tionchar a bhí aige ar na páistí eile. Ach bhí rud eile aige – ceanúlacht ar na páistí eile. Thaitin sé seo go mór le Tóla. Shíl sé go dtiocfadh leis tionchar a oibriú ar an bhuachaill seo agus, b’fhéidir, ní ba mhó, cairdeas, rud a chronaigh sé le tamall fada.

Ach bhí céile iomaíochta ag an bhuachaill seo. Gasúr óg bulcánta a bhí ann ar mhó bua na toirceola aige ná bua na hintleachta, de réir choimhéad Thóla. Gasúr a bheadh ar shiúl leis féin fiú nuair a bheadh na páistí eile ag obair ag bailiú loiscnigh. D’aithin Tóla go mbeadh fadhb aige leis an duine seo agus go mbeadh air dul i bhfeidhm airsean ar tús agus ar an duine eile dá réir. D’fhan Tóla tamall fada ag amharc ar an bhuachaill seo agus lá amháin thug sé faoi deara é ag dreapadh ar chrann sailí le hais na habhann. Ní raibh aon duine eile leis. Agus Tóla dá choimhéad, thit an buachaill isteach san abhainn agus ba léir do Thóla nach raibh snámh ar bith aige agus é ag iomlasc leis san uisce. B’é seo an deis a bhí ó Thóla. Léim sé féin amach as a pholl folaigh gur rug greim ar ghéag chrainn le lámh amháin agus shínigh amach an lámh eile chuig an bhuachaill truacánta seo.

“Beir greim ar mo lámh!” a scairt Tóla air.

Bhí an-scaoll ar an bhuachaill ach d’éirigh leis greim a fháil ar lámh Thóla, a tharraing ar ais go bruach na habhann é agus amach as an uisce ar fad. Bhí an buachaill an-bhuíoch agus náireach gur tharla a leithéid de rud dó. “Shábháil tú mé ansin. Go raibh míle maith agat,” a dúirt sé le Tóla nuair a fuair sé a anáil leis. “Impím ort gan a rá le duine ar bith eile cad é a tharla dom anseo, le do thoil,” a d’agair sé.

“Is deoraí mé anseo, a chara, ach geallaim duit nach ndéarfaidh mé le duine ar bith, más sin atá uait.” Mhol Tóla don ghasúr tine a chur síos leis na héadaí a thriomú sula rachadh sé abhaile. Shuaimhnigh Tóla an gasúr agus chuidigh sé leis tine a chur síos, agus den chéad uair tháinig fáthadh an gháire ar bhéal an tubaisteora.

I ndiaidh uair an chloig bhí na héadaí tirim go leor arís agus bhí sé réidh le himeacht, agus cé go ndearna siad comhrá beag le chéile ar feadh na huaire sin, níor iarr an buachaill a ainm ar Thóla. Chuir Tóla a lámh ar ghualainn an diúlaigh. “Tóla is ainm dom, dála an scéil. Cad é an t-ainm atá ortsa? D’fhreagair an gasúr go mímhuiníneach.

“Breandán atá orm ach bheir páistí eile na gráige Breandaí biata orm, ainm nach maith liom ar chor ar bith! Ní déarfadh duine ar bith os mo chomhair é; tá mé rómhór agus róchrua dóibh.”

“Ní thabharfaidh mise ach Breandán ort go deo,” a gheall Tóla dó agus tuigbheáil aige anois gur gasúr beag uamhnach a bhí i mBreandán a chuir culaith ghaisce ar a chuid cainte.

Scar an bheirt ansin agus chuaigh a mbealach féin. Bhain Tóla sult as an chomhrá beag a rinne sé le Breandán; mhúscail sé cuimhní cinn ann nach raibh aige le fada an lá. Bhí Tóla cinnte go dtiocfadh leis tógáil ar an chaidreamh sin anois, ach bhí a fhios aige go mbeadh air lag a bhaint as an bhuachaill eile go fóill le bheith cinnte go dtiocfadh bá acu leis. B’eol dó go mbeadh air a bheith foighneach agus fanacht lena sheal.

Chuaigh tamaillín thart sular tháinig an deis sin. Shíl sé gurbh fhearr dá dtiocfadh an buachaill eile seo i dtarrtháil airsean seachas mar a tharla le Breandán. Dar leis go mbeadh air éigeandáil éigin a réamhshocrú, ach cad é? An tréith ba mhó a d’aithin Tóla sa ghasúr ná go raibh sé neamheaglach. Níor scanraigh Breandaí é, fiú. Ach an mbeadh sé cróga nó cineálta go leor theacht i dtarrtháil ar dhuine eile, strainséir fiú?

Choimhéad Tóla na daoine fásta ag cur amach bobghaistí, an leac ar tinneall, mar shampla. Cuireadh iad faoi imeall na coille le toirc nó ainmhithe eile a mharú agus le hiad féin a chosaint orthu chomh maith. Bhí meath millteanach tagtha ar líon na n-ainmhithe le roinnt blianta anuas de dheasca na mbobghaistí agus na seilge; ní raibh faolchú feicthe ag Tóla sa choill le cúpla bliain anuas agus cé gur scanraigh sian faolchú é, chronaigh sé iad ar dhóigh. Chuir Tóla figín leis na gaistí uile le bheith cinnte nach dtitfeadh aon leac anuas air féin agus rinne sé sabaitéireacht orthu ó am go chéile le tacú leis na hainmhithe chomh maith.

Is é a bhí sna gaistí seo cloch mhór nó carraig a bheadh claonta ag uillinn ón talamh agus thitfeadh sé anuas ar an torc nó eile le scaoileadh an ghaiste. Ar an dea-uair, ní raibh siad iontach éifeachtach nó i ndiaidh de thorc amháin gaisce a scaoileadh, d’fhoghlaim na cinn eile gan dul an bealach sin ní ba mhó. Ach bhí cineálacha eile ann, súile ribe mar shampla, a mharaigh na hainmhithe go fadálach. Bhí fuath ag Tóla ar an chineál sin go háirithe agus ba iomaí ainmhí a scaoil sé saor ó cheann acu sin. Bhí a fhios ag muintir na gráige cá háit a raibh na gaistí seo uile agus thiocfadh leo iad a sheachaint ach ní bheadh an t-eolas sin ag coimhthíoch ar bith, dar leo.

D’fhan sé fada go leor lena oibriú amach cá háit a rachadh na páistí ag bailiú loiscnigh, rud a rinne siad gach lá. Chuaigh siad sa treo céanna gach uair ar feadh seachtaine agus bealach eile an tseachtain ina dhiaidh sin, go raibh na ceithre hairde is fiche siúlta acu le linn na bliana. D’fhan sé go dtí go raibh a fhios aige go dtiocfadh siad cóngarach do ghaiste sula gcuirfeadh sé a bheart féin i bhfeidhm.

Ar an lá seo bhí na páistí amuigh ag bailiú loiscnigh mar ba ghnách agus thoisigh Tóla ag siúl ina dtreo. Bhí a fhios ag Tóla go mbíodh daoine ag teacht ón bhaile ó am go chéile le hearraí a dhíol agus a cheannach agus nach gcuirfeadh a theacht féin iontas ar bith ar na páistí. Bhí sé fada go leor rompu le go bhfeicfeadh siad é ag siúl i dtreo an ghaiste ach fada go leor le nach bhfeicfeadh siad go soiléir cad é a tharla. Agus fiú mura bhfeicfeadh siad an gaisce á scaoileadh, chluinfeadh siad Tóla ag screadach agus an chuma air gur thit an charraig mhór anuas air.

Bhí sé féin iomlán ullmhaithe don bheart seo. Ní dhéanfadh sé aon dochar dó féin ach bheadh an chuma air gur thit an charraig air agus go dtiocfadh leis bás a fháil mura dtiocfadh duine i dtarrtháil air. Scaoilfeadh sé an gaisce le maide sula sroichfeadh sé é ach bheadh an chuma air go raibh sé féin thíos faoi. Thocail Tóla logán beag sa talamh san áit a dtitfeadh an charraig go gcuirfeadh sé a chosa thíos faoin charraig ansin.

Thug sé faoi deara go raibh duine amháin ar a laghad dá choimhéad agus é ag siúl chucu. Thoisigh an duine óg sin ag screadach agus ag croitheadh a lámh san aer. Bhí cleas Thóla ag obair. Bhí an páiste seo ag iarraidh rabhadh a thabhairt dó fanacht ar shiúl ón ghaiste. “Foirfe!” a dúirt sé leis féin go híseal. Scaoil sé féin an gaisce agus faoin am a shroich na daoine óga é, bhí an chuma air go raibh a chosa faoin charraig agus mura dtarraingeofaí amach go gasta é go raibh seans ann go bhfaigheadh sé bás, nó ar a laghad go gcaillfeadh sé a chos.

Tháinig an ceannasaí ina rith chuige leis an méid a bhí ina chnámha agus na páistí eile sna sála air. D’amharc sé ar Thóla bocht. D’aithin sé láithreach go raibh cos Thóla gaistithe faoin charraig. D’ordaigh an gasúr don chuid eile Tóla a tharraing amach nuair a thógfadh seisean an charraig. Carraig mhór throm a bhí ann ach thóg an gasúr díreach go leor é le go dtiocfadh leis an chuid eile Tóla a tharraingt amach. Níor ghlac sé ach cúpla soicind seo uile a dhéanamh ach dar le cách gur tamall fada a bhí ann. D’éirigh leo Tóla a tharraingt amach as faoin chloch agus é slán sábháilte.

“Go raibh míle maith agat, a chara. Beidh mé ina bhun go deo duit. Go raibh míle, míle maith agat. Shábháil tú mo bheatha,” ar Tóla go buíoch beannachtach. Níor dhúirt an ceannasaí a dhath ar bith ar ais ach ba léir an faoiseamh ar a aghaidh go raibh Tóla slán sábháilte.

“Nach bhfaca tú na comharthaí sóirt ar na crainn?” arsa duine eile de na páistí.

“Comharthaí sóirt?” a d’fhreagair Tóla le hiontas.

“Is cuma anois!” arsa an ceannasaí, “a fhad is go bhfuil sé slán. Fág an bealach go bhfeice muid an bhfuil gach rud i gceart.” Chinntigh an gasúr nach raibh Tóla gortaithe. “Bhí an t-ádh dearg ortsa ansin. Is cosúil gur éalaigh tú gan mórán dochair déanta duit.”

Thoisigh gach duine anois ag fiafraí de Thola cérbh é agus cárbh as é. Mhínigh sé go raibh sé ag baint faoi i lár na coille ach nár tháinig sé an bealach seo le cúpla bliain agus sin an fáth nár aithin sé na comharthaí sóirt sin a luadh. D’fhiafraigh sé ainm an cheannasaí de.

“Charon,” a dúirt sé agus beagán bróid le haithint ina ghlór. D’fhiafraigh Tóla de arbh fhéidir leis luaíocht a thabhairt as tarrtháil a dhéanamh air ach dhiúltaigh Charon aon rud a ghlacadh.

“Nár ghaistí s’againne iad ar an chéad dul síos. Tá mise go díreach sásta gur tháinig tú slán as.”

Mhínigh Tóla go raibh air imeacht ach go dtiocfadh sé ar ais arís go moch an mhaidin ina dhiaidh. “Dá mbeifeá sásta mé a threorú thart ar na gaistí uile bheinn an-bhuíoch duit, a Charon.”

“Dhéanfaidh mé sin,” a gheall Charon dó, “agus buailfidh mé leat ag ceann thuaidh na gráige ag bánú an lae agus tabharfaidh mé thart ar na gaistí uile thú.” Thug Tóla buíochas ó chroí dó agus chroith lámh leis go croíúil agus leis an chuid eile de réir a chéile. D’imigh sé ansin agus éislinn bhacaí air agus é ag imeacht.

Le héirí na gréine an lá ina dhiaidh sin, chas Charon le Tóla ag ceann thuaidh na gráige. “Is maith tú a fheiceáil arís, a chara liom,” arsa Tóla leis.

“Agus tú, a Thóla,” a d’fhreagair Charon. “Taispeánfaidh mé na gaistí uile duit ar ár mbealach thart ar imeall na gráige. Níor mhaith liom go dtarlódh an rud céanna duit arís mar gheall orainne.”

Labhair Tóla leis gan stad ag fiafraí de gach eolas faoina shaol féin anseo, faoina theaghlach agus faoin obair a dhéanann siad. “Ar mhiste leat go dtiocfainn ar ais le cuideachta a dhéanamh leat?” a d’fhiafraigh sé de, “agus más féidir liom aon rud a dhéanamh duit le cuidiú leat amach anseo, ní bheidh ort ach a iarraidh.”

Chroith Charon a cheann. “Is féidir go cinnte, am ar bith is maith leat. Bheinn an-sásta tú a fheiceáil arís.”

Mhínigh Tóla a scéal féin do Charon, go raibh cónaí air i lár na coille lena athair agus nach dtiocfadh sé an bealach seo ach go fíorannamh, “ach anois go bhfuil aithne agam ortsa, a Charon, an duine a shábháil mo bheatha, is é go dtiocfaidh mé an bealach seo i gcónaí le bualadh leis na cairde úra agam.” Ba léir do Thóla go raibh Charon féin sásta leis an toradh seo nó bhí aoibh an gháire ar a aghaidh i gcónaí agus chuaigh an comhrá eatarthu ar aghaidh go dtí deireadh an turais.

Ag ceann eile na gráige d’fhág siad slán ag a chéile. “Tiocfaidh mé ar ais go luath, geallaim sin duit, a chara,” arsa Tóla. “Beidh mé ag súil go mór le do chuairt, a chara úr liom,” ar Charon agus miongháire go fóill ar a bhéal. Shiúil Tóla ar aghaidh tamall beag eile go dtí go raibh sé as radharc agus thiontaigh ar ais. Ghlac sé bealach níos faide thart ar an ghráig bheag an t-am seo, ag coimhéad amach i gcónaí nach bhfeicfeadh duine ar bith é ag dul siar air féin. Fuair Tóla tógáil croí as an chomhrá sin le Charon agus bhí an-áthas air, áthas nár mhothaigh sé le blianta fada. Chronaigh sé an chuideachta, chronaigh sé nach raibh aige ó chaill sé Gobnait agus a teaghlach.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm