‘Ar inis mé duit an scéal a bhíodh ag m’athair féin faoi Shráid Lucknow, a Ath-, a Aindriú?’ Tháinig guth láidir a haintín anuas an halla chuig Pádraigín sa chistin. ‘Fiche a haon? Nuair a dódh amach as an teach iad, é féin is mo mháthair?’

Chuala Pádraigín monabhar múinte Aindriú, sagart nua a bhí tagtha le deireanas chuig an pharóiste. Tháinig aoibh ar aghaidh Phádraigín. Chuir sí cluas uirthi féin le héisteacht leis an chomhrá áirithe seo as measc na gcomhráite ar fad a bhí ar siúl i dteach na faire inniu. Fear ciúin, séimh ó na sé chontae fichid a bhí in Aindriú. Ba é seo an chéad uair dó ó thuaidh ariamh. Bhí sé mar a bheadh peata ann ag seanfhondúirí na paróiste mar gur chaith sé an soutane go fóill. Deireadh sé an paidrín leis an phobal gach maidin Dálaigh roimh aifreann a deich, rud nach raibh an sagart paróiste sásta a dhéanamh. Thaitin sé sin leis na seandaoine. Bhí siad sásta géillstin dó, mar sin, fiú nuair a d’iarr sé orthu ‘Aindriú’ a thabhairt air gan aon ‘Athair’ roimhe.

Bhí Aindriú díreach i ndiaidh cúpla deichniúr a rá ar son anam a hathara ag an chónra sa pharlús. Ach i ndiaidh an phaidrín, d’fhan sé. Bhí scaifte beag cruinnithe isteach, in ainneoin na saighdiúirí agus na Saracens a bhí ag dul suas síos an bóthar i rith an lae. Phléasc buama mór sa chathair ar maidin. Bhí an trácht go holc dá dheasca sin.

Lean lucht na faire leo ag plé buamaí agus círéibeacha agus trioblóidí, agus b’shin an uair a thosaigh a haintín ag scéalaíocht faoi na sean-Trioblóidí. Bhí dúil mhór ag Aindriú sa stair, bíodh is go raibh sé ag déanamh go fóill gur tháinig stair ó leabhair sa leabharlann. Bhí teach na paróiste lán leo, agus bhí Pádraigín tinn tuirseach á dtógáil ón urlár is á gcur ar ais ar sheilfeanna na leabhragán ansin. Ghlac sé sin níos mó ama ná aon chuid eile dá cuid dualgaisí i dteach na paróiste, ó tháinig an tAthair Aindriú. Bhain Pádraigín an citeal den ghás agus rinne sí an tae a fhliuchadh. Sa pharlús, bhí a haintín ag leanstan lena seanmóir.

‘Chónaigh Missus Elliott sa teach béal dorais le mo Mham. Bhí sí siúd sna Brethren, mar Missus Elliott. Ach bean chóir chneasta ab ea í, a dúirt mo mháthair. Tháinig sí isteach chuig mo Mham agus thug sí rabhadh go raibh na fir bhuí agus na Specials ag teacht an oíche sin chun í féin agus mo Dheaid a dhó amach as an tsráid.’

Bhí cúpla comharsa sa pharlús chomh maith, ag éisteacht léi, gach ‘lean ort’, ‘tá sin fíor’, agus ‘go sábhálaí Dia sinn’ astu.

‘I ndáiríre, a bhean uasail? Ní raibh trioblóidí anseo chomh fada siar le naoi gcéad fiche a haon?’ a chuala Pádraigín ó Aindriú. Rinne Aintín Colette neamhiontas den cheist.

‘D’inis mo mháthair an scéal do m’athair nuair a landáil sé sa bhaile ó na duganna an oíche sin,’ a dúirt a hAintín Colette. ‘Níor stop sé le babhla stobhaigh féin a ithe. Díreach, sciob sé aníos mé i mbachall a láimhe. Babaí a bhí ionam. An chéad leanbh acu.’

D’aontaigh a cór Gréagach léi, le ‘bulaí fir’, ‘treise leis’ agus ‘fair play dó’.

‘Agus ansin, d’iarr sé ar mo mháthair an raibh sí ag iarraidh aon ní a bhreith léi féin amach as an teach.’

‘Agus caidé a thug sí léi?’

‘Pictiúr mór den Phápa Leo. Tá sé thuas staighre i seomra leapa an tí seo anois féin.’

‘Nár dheas an mhaise é sin!’ a chuala Pádraigín ó Aindriú.

‘Deas? Pictiúr mór millteach le fráma mór órga á iompar ina lámha aici ó cheann amháin de Shráid Chluain Ard go dtí an ceann eile? Tá mé chomh cráifeach leis an chéad duine eile sa seomra seo ach bhí sin seafóideach, a Ath-, a Aindriú.’

‘Ach cinnte le Dia, ní raibh daoine ag gabháil a dhó an tí i ndáiríre?’

Bhí a fhios ag Pádraigín go raibh achan duine eile sa seomra ag diúl isteach a n-anála. Bhal, ní raibh Aindriú i mBaile Átha Cliath a Ceathair anois, ach in Iarthar Bhéal Feirste. Chaithfeadh sé gabháil i dtaithí ar a thréad. Leag sí na cupáin mhaithe ar an naipcín lása ar an tráidire go cúramach, ansin na spúnóga. Rachadh sí i dtarrtháil ar Aindriú i gceann bomaite nuair a thógfadh sí an tae isteach chucu.

‘Dódh an teaichín sin béal dorais le Missus Elliott níba mhoille an oíche chéanna, a Aindriú. Bheadh an Pápa Leo dóite chomh maith munar thóg mo mháthair léi é. Bhí na Protastúnaigh ag dó na gCaitliceach amach as a gceantracha gach re oíche an t-am sin, a Aindriú. Níl a fhios agatsa mar bhí do mhuintir ina luí ina leaba gach oíche go sómhar sócúlach i bhfad ar shiúl uainn, in áit ínteacht ó dheas.’

‘Ach ní raibh gach Protastúnach – ’

‘Is cuma linne faoi gach Protastúnach, gach easaontóir nó gach eile. Dódh an teach sin an oíche chéanna. Dá mba sa teach a bhí siad ag an am, ní bheadh duine ar bith againn inár suí anseo inniu ag trácht air. A athair dhil. Maraíodh daoine eile. Nár dódh Seán bocht Mac Airtne beo ina theachsa an oíche chéanna, cúpla doras síos uathu. Seanuncail le Pádraigín thall sa chistin.’

‘Shíl mé ariamh gur mhó an tairbhe an pota stobhaigh a thabhairt léi ná an pictiúr.’

Sheas Pádraigín ag an doras, ag briseadh isteach ar an chomhrá, lasta de cheapairí is cupáin léi.

‘Ó?’ arsa Aindriú.

‘Ar a laghad, bheadh dinnéar acu.’

Bhris an gáire amach sa seomra, agus an comhrá. D’éalaigh Aindriú amach chuig an chistin agus thóg sé an taephota ar ais isteach leis. Thug Pádraigín uaidh é agus thosaigh sí a dhoirteadh tae. Bhí cúpla soicind ciúnais ann, gan le cluinstin ach cling an taephota agus clang an chrúiscín bainne.

‘Ááá, maith thú féin, a Phádraigín. Tá mé stiúgtha leis an ocras,’ arsa a hAintín Colette go fonnmhar, ag díriú a haird ar chupán tae agus ar thriantán beag aráin.

‘Seo duit, a Aindriú,’ arsa Pádraigín leis an sagart, ag fágáil cupán tae ina ghlaic. ‘Tá siúcra agus bainne ansin ar an tábla.’

Shuigh Pádraigín idir Aindriú agus a hAintín Colette ar an tolg. Thóg Aintín Colette ceann eile de na ceapairí beaga.

‘Agus an cuimhin leat nuair a landáil muid thart anseo chugaibhse i seachtó a haon, a Phádraigín?’ ar sí.

‘Is cuimhin, cinnte.’ arsa Pádraigín.

Chrom Aindriú isteach leis an scéal a chluinstin. Thóg sé leabhar nótaí beag dubh amach as an soutane le cúpla rud a bhreacadh síos. Níor lig Aintín Colette uirthi gur thug sí faoi deara, ach d’éirigh a glór rud beag níos séimhe.

‘Bhí na saighdiúirí ag teacht anuas an sliabh chugainn an uair sin, chan na fir bhuí. Gunnaí móra acu, gunnaí beaga agus ag Dia atá a fhios caidé eile. Bhí mé féin i sáinn acu sa teach le mo leaids óga. Ochtar clainne agus mé féin.’

‘Na saighdiúirí? Arm Shasana?’ arsa Aindriú. Stop sé den scríobh leis an cheist a chur.

‘Bhí na boic bhradacha ag scaoileadh a ngunnaí síos an pasáiste le taobh an tí. Bhí mé i bponc. Bhí mé liom féin leis na páistí. Ní raibh mé in ann an chlann a fháil amach as an teach – bhí an doras tosaigh róghar don lámhach. Bhal, bhí sagart againn an t-am sin darbh ainm an tAthair Ó Maoláin. Thosaigh sé féin agus baicle comharsana ag gabháil thart a chuidiú le daoine éalú óna dtithe agus fáil ar shiúl ón achrann. Bhuail sé cnag ar fhuinneog an tseomra suí ón ghairdín tosaigh. Dúirt sé liom na páistí a chur amach an fhuinneog chuige.’

Choinnigh Aintín Colette súil ar an pheann, ag bogadh leis thar an pháipéar.

‘Leoga, b’shin an rud a rinne mé. Chuir mé an t-ochtar acu amach an fhuinneog sin mar a bheadh litreacha iontu. Thóg an tAthair Ó Maoláin uaim iad amuigh sa ghairdín. Bhí líne comharsana ag síneadh síos faoi scáth an fháil sa ghairdín go dtí an tsráid. Chuir siad ó dhuine go duine iad. Páiste i ndiaidh páiste. Bhí carranna réidh ar an tsráid le muid a thógáil amach as an áit. Nuair a bhí an páiste deireanach tógtha amach an fhuinneog ag an sagart d’iarr sé orm an raibh rud ar bith sa teach ar mhaith liom a thabhairt amach as an teach.’

Sméid Pádraigín a cloigeann. Bhí an scéal seo de ghlanmheabhair aici.

‘Cén fáth é sin?’ arsa Aindriú, taobh léi.

‘Seans go ndófaí an teach, a Ath-, a Aindriú. Ní raibh mé in ann smaoineamh ar aon rud ar leith. Sa deireadh, thóg mé deilbhín beag marmair ón mhantal. Capall. Col ceathrar i Meiriceá a chuir chugainn é. Bronntanas pósta a bhí ann.’

Bhí Aindriú ag scríobh leis.

‘Shín mé an deilbhín amach tríd an fhuinneog chuig an Athair Ó Maoláin. Ní raibh súil aige é bheith chomh trom. Lig sé dó titim. Bhris sé ina smidiríní ar an talamh.’

‘Ó, a Thiarna,’ a tháinig ó Aindriú.

‘Fuair mé féin amach an doras tosaigh ina dhiaidh sin, ar mo cheithre boinn. Lig sé do mo dheilbhín beag bídeach titim. Caidé a dhéanfadh sé liomsa? Amach liom ag lámhachán go híseal amach an doras tosaigh, bíodh gunnaí á scaoileadh nó ná bíodh.’

Chuaigh Pádraigín amach chuig an chistin leis an taephota a líonadh arís agus braon tae a chaitheamh isteach i gcupáin na ndaoine sa pharlús.

‘ – agus bhí an fear bocht marbh faoi thitim na hoíche sin. Scaoileadh é. Sagart. Scaoil an drong sin taobh thall den chnoc é,’ a chríochnaigh Aintín Colette nuair a tháinig sí ar ais isteach. Chrom sí a ceann, ag baint súimíní as an tae, a scéal inste.

D’amharc Pádraigín trasna ar Aindriú. Bhí a bhéal ar leathadh.

‘An do thaifead na paróiste na nótaí sin, a Aindriú?’ arsa Aintín Colette go múinte, séimh.

‘Ní hea. Tá mé ag breacadh nótaí don aifreann, aifreann na marbh don fhear bhocht sa chónra anseo’ – ghearr muintir na faire comhartha na croise – ‘Beidh mé in ann óráid bhreá a thabhairt anois, óráid a bheas pearsanta dósan.’

‘Nárbh fhearr duine den chlann a fháil leis an óráid a thabhairt, duine a raibh aithne acu air?’ arsa Aintín Colette. ‘Duine a bhfuil na scéalta seo uilig acu cheana?’

‘Níl sé ceadaithe, tá brón orm,’ arsa Aindriú.

‘Ach – ’

‘Ba bhreá liom féin, go pearsanta, an dtuigeann tú, ach ní cheadaíonn an deoise d’éinne an óráid a thabhairt ach na sagairt.’

‘Caithfidh gur riail nua í sin.’

Sheas Aindriú le himeacht. Sheas an cúpla duine eile a bhí ann don phaidrín fosta. Rinne Pádraigín iad a thionlacan go dtí an príomhdhoras. Thosaigh Aintín Colette a ghlanadh an tábla bhig sa pharlús. Ach scairt sí i ndiaidh an tsagairt, ‘Agus dá mbeadh ort do theachsa a fhágáil faoi dheifir, a Aindr-, a Athair, cén rud a chuirfeá faoi d’ascaill le breith leat?’

Thairg Pádraigín a chóta don sagart, agus thóg sé uaithi é, a shúile ag damhsa le mioscais.

‘Mo phaidrín, a bhean uasail, mo phaidrín.’

D’imigh na daoine eile, ag croitheadh láimh le Pádraigín ar a mbealach amach. Thiontaigh Aindriú chuici sa halla agus leag sé lámh ar a gualainn.

‘Bhí mé ag caint leis na sagairt eile i dteach na paróiste, a Phádraigín. Ná tar ar ais a dh’obair go dtí go mbeidh tú réidh. Tá tú blianta fada ag tabhairt aire do shagairt na paróiste; tóg roinnt ama duit féin anois.’

‘Go raibh maith agat – maith agaibh, a Aindriú. Is mór liom an méid sin.’

‘An mbeidh tú leat féin anseo anocht? Níl do dheirfiúracha anseo?’

‘Níl. Ní bheidh siad anseo go dtí amárach, don adhlacadh féin. Beag an baol go mbeidh duine ar bith eile ag bualadh isteach nuair a thiteann an dorchadas. Tá na sráideanna lán saighdiúirí agus péas, ó bhí an buama mór sin ann ar maidin. Fanfaidh daoine istigh ina dtithe féin anocht. Ní bheidh anseo ach mé féin – agus Deaid.’

‘Buailfidh mé isteach anocht ina dhiaidh sin, mar sin. Beidh tú uaigneach leat féin.’

‘Déan sin, le do thoil,’ arsa Pádraigín, agus dhruid sí an doras tosaigh.

Shiúil sí isteach sa chistin arís, áit a raibh a hAintín Colette. Fhad is a bhí Pádraigín ag ní na soithí bhí Colette ag scríobadh ime ar arán agus ag gearradh triantáin bheaga, agus ag cóiriú túir bheaga néata. Ná déan nós, ná bris nós. Ar eagla go mbuailfeadh comharsa fhánach eile isteach, nó bheadh Pádraigín léi féin tráthnóna.

‘Nach mór an trua nach bhféadfadh do dheirfiúracha bheith anseo inniu. Is bocht an rud é bheith chomh fada ar shiúl ó do mhuintir ag am mar seo,’ arsa Colette.

‘Tá sin fíor, a Aintí, ach beidh siad anseo amárach. Is píosa fada é as seo go dtí an Astráil. Ní raibh siad in ann eitiltí níba luaithe a eagrú.’

‘Fanfaidh mé anseo leat anocht, a stór, má tá tú ag iarraidh. Is beag orm go bhfuil tú leat féin sa teach seo anois.’

‘Ná déan, a Aintí. Ní bheidh mé liom féin. Is é sin, beidh daoine eile ag bualadh isteach chugam. Comharsana agus cairde le Deaid, tuigeann tú féin an dóigh.’

‘Bhal, má athraíonn tú d’intinn . . .’

‘Míle buíochas, a Aintí, ach beidh mé maith go leor.’

‘An mó am a mbeidh tú saor ón obair, a thaisce?’ arsa Aintín Colette.

‘Rachaidh mé ar ais an tseachtain seo chugainn.’

‘Tá sin iontach luath.’

‘Mo rogha féin, a Aintí. Thairg Aindriú – agus na sagairt eile – an oiread ama is a ba mhaith liom. Ach b’fhearr liom bheith gnoitheach.’

‘An bhfuil tú cinnte nach gcuirfidh mé d’uncail síos le suí leat anocht?’

‘Ná bac, a Aintí. Tá barraíocht trioblóide ar na sráideanna anocht, leis an bhuama sin. Níl na busanna ag rith, agus tá na tacsaithe gann. Luaigh an tAthair Aindriú go mbuailfeadh sé isteach arís níos moille.’

‘Is maith sin. Bheifeá caillte gan an sagart sin. Ach ná tabhair ‘Athair’ air; ní maith leis sin.’

‘Ní thabharfaidh. Suífidh sé tamall liom.’

‘Is fear maith é an sagart sin, más Saorstátadóir féin é. Ach ní thuigeann sé gur tharla rudaí do dhaoine anseo nár cheart a ligean chun dearmaid.’

‘Tabhair am dó, a Aintí; níl sé i bhfad anseo.’

‘Bhal. Beidh mé ar shiúl. Feicfidh mé maidin amárach sibh.’

‘Go raibh maith agat, a Aintí. Slán abhaile.’

Thug Pádraigín fúithi cupáin a chur amach, réidh don chéad dream eile.

Tháinig daoine, d’imigh daoine. Tháinig daoine eile. D’ól roinnt acu tae, thóg roinnt eile braon uisce bheatha. Rinne siad comhbhrón le Pádraigín agus dúirt cúpla duine acu deichniúr den phaidrín thall ag an chónra. Sa deireadh, stop na cuairteoirí de bheith ag teacht.

Sheas sí ag cónra a hathara sa chiúnas. Stán sí anuas air. Bhí a chulaith Dhomhnaigh air agus a lámha snaidhmthe aige trína phaidrín. Chuimhnigh sí ar thráthnóna blianta fada ó shin. Bhí sí ina cónaí lena Mam is lena Deaid go fóill. Bhí sí ag líonadh an chitil le haghaidh tae nuair a buaileadh cnag ollmhór ar an phríomhdhoras. D’oscail athair Phádraigín an doras. Bhí saighdiúr Sasanach ina sheasamh ann, raidhfil ina láimh agus cantal ina ghlór.

‘Amach as an teach anois! Buama!’ ar sé go borb.

‘Caidé?’

‘Tá buama nár phléasc go fóill in airde ar chraobh sa chrann sin thall ansin.’ Dhírigh sé lena raidhfil ar chrann taobh amuigh den teach. ‘Dúinne. Leis an Saracen a loit.’

Thug sé spléachadh fíochmhar ar athair Phádraigín, ionas is a rá gurbh eisean a phlandáil in airde sna géaga é.

‘Sa chrann? Níor phléasc sé? Tá sé beo leis?’

‘Táimid féin chun é a phléascadh faoi smacht. I gcionn deich mbomaite. Bígí istigh sa teach nó taobh amuigh, ach molaimid daoibh imeacht. Tá sé mór, mar bhuama.’

‘Cé mhéad ama – ?’

‘Faighigí amach as an teach taobh istigh de chúig bhomaite. Muna bhfuil sibh imithe faoin am sin, is fearr daoibh luí ar an urlár in áit inteacht ar chúl an tí, ar shiúl ó na fuinneoga.’

Thiontaigh an saighdiúir ar a shál agus d’imigh sé chuig an chéad doras eile. Bhí Pádraigín agus a máthair sa seomra suí, ag éisteacht. Chomh luath is a druideadh an doras, rinne an triúr acu ar an doras, ag cur orthu a gcótaí de dheifir ar a mbealach amach. Rith siad amach gan sos, gan stad. Bhí a hathair ag a máthair is a máthair ag a hathair, mar sin de bhí siad féin ceart go leor. Agus bhí Pádraigín leo.

Caidé a d’iompródh sí amach as an teach seo dá mbeadh gá leis? Ní raibh céile aici. Ní raibh páistí aici . . .

Buaileadh cnag bog ar an doras.

‘A Aindriú.’

‘A Phádraigín. An bhfuil tú leat féin?’

‘Tá. Tá siad uilig glant-’

Dhruid Aindriú anonn chuici agus chruinnigh sé lena ucht í. Leáigh sí isteach ina bhaclainn. Thug sé póigíní boga di ar a muineál agus ar a beola.

‘Ó, a Phádraigín, a chroí. Ó mo phaid-i-rín beag féin . . .’

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm