Níos luaithe i mbliana, thug mé faoin dúshlán is mó i mo shaol. Dhreap mé féin agus 30 duine eile na beanna is airde in Éirinn, is é sin an sliabh is airde in achan chúige. Is ar mhaithe leis an charthanacht SERVE a rinne mé é. Tá obair dheonach thar lear déanta agam leo sa tSaimbia agus sna hOileáin Fhilipíneacha. Creidim go smior ina gcuid oibre agus b’fhéidir go scríobhfainn píosa eile fúthu arís.

Déardaoin na seachtaine sin chuaigh mé ar an traein go BÁC, ansin d’aistrigh mé chuig an traein go Cill Airne. Ní raibh mé riamh i gCiarraí go dtí an tOireachtas dhá bhliain ó shin ach tá mé i ndiaidh a bheith ann breis agus seacht n-uaire ó shin. Leoga, ní thaitníonn Cill Airne liom mar bhaile ach taitníonn sé liom mar áit chun dul ar an drabhlás. Roinneadh muid inár bhfoirne éagsúla, triúr dreapadóirí agus tiománaí amháin. Bhí beirt chairde liom ar bhuail mé leo agus muid ag dul don obair dheonach anuraidh, fear as BÁC agus an fear eile as Luimneach. Is Gael an té as Baile Átha Cliath agus mar sin, is i nGaeilge a bhí ár gcomhrá. Bhí na piontaí á roinnt go fial flaithiúil – drochsmaoineamh amach is amach. Faoin am a d’éirigh muid ag 5.30 an mhaidin dar gcionn le tabhairt faoi Chorrán Tuathail, bhí muid spíonta agus i ndrochdhóigh. Shílfeá go bhfoghlaimeodh muid ceacht an oíche sin gan a bheith ag ól arís roimh dul amach ar na cnoic, ach tá muid óg.

Thiomáin muid go bun Chorrán Tuathail mar sin. Ard géar a bhí ann, ach ní i dtosach. Tá saghas cosáin le grádán crochta ann a fhad le bun an fíorshléibhe. Tig tú ansin chuig píosa ar a dtugtar an ‘Devil’s Ladder’ agus is cinnte nach bréag atá ann san ainm. Is saghas dréimire atá ann déanta de chlocha agus gairbhéal. Tá bolláin agus póiríní scaoilte le fáil in achan chéim agus ní mór súil a choinneáil ar an talamh fút ar eagla go dtitfeá óir tá sé iontach crochta. Is é seo an t-aon uair go raibh orainn i bhfírinne a bheith ag dreapadh, éacht nach raibh furasta.

Radharc dochreidte deas a bhí romhainn ar bharr an tsléibhe, Cill Airne ar thaobh amháin den sliabh chomh fada le Daingean Uí Chúis. Bhuail muid le Corcaíoch ag an bharr a chuaigh chun tosaigh orainn leath bealaigh in airde. Creid é nó ná creid, bhí breis agus 80 bliain slánaithe aige. Seanleaid chomh folláin agus tiomanta leis ní fhaca mé choíche. Treise leis.

Thaistil muid ansin go Maigh Eo, áit ar dhreap muid Cnoc Mhaol Réidh. Bhí an ceart ag Cromail nuair a mhaígh sé gurb ea Connachta ifreann. Bhí an sliabh seo iontach deacair ar fad a dhreapadh. Ní raibh dromchla cothrom ná seasmhach againn toisc gur portach a bhí ann an bealach ar fad in airde. Bhí tiomáint álainn ann ansin soir go Cill Mhantáin. Thiomáin muid fríd Chonga, áit ar scannánaigh siad ceann de na scannáin is ansa liom, The Quiet Man. Chuir muid fúinn ansin oíche Dé Sathairn i mbrú óige Ghleann Dá Locha. Bhí trí chúige curtha isteach againn taobh istigh d’aon lá amháin. Is é Gleann Dá Locha ceann de na háiteanna is gleoite agus is suaimhní in Éirinn.

De dheasca nach raibh a dhath ar bith foghlamtha agam ón mheancóg dheireanach, d’fhan mé i mo shuí ag ól go dtí 2.30 ar maidin san óstán béal dorais leis an bhrú. Dúradh neart amhrán an oíche sin sa chomhluadar. Mar sin, nuair a bhí orainn Log na Coille a dhreapadh ag 7.30 ar maidin, ní hiontas ar bith é a rá go raibh mé ar mo cheithre boinn ag caitheamh amach leath an bhealaigh suas. Bhain mé féin go sonrach éacht amach an lá sin – níor shíl éinne den ghrúpa go n-éireodh liom Log na Coille a chríochnú, gan trácht ar an bheann is airde in Ulaidh. Dhreap muid Dúnairt sna Beanna Boirche cúpla uair níos moille i gContae an Dúin.

Ba é ceann de na deirí seachtaine ab fhearr é a bhí agam riamh. Bhuail mé le daoine iontacha, chonaic mé codanna den tír nach bhfaca mé riamh roimhe sin agus d’éirigh liom na ceithre bheann is airde in Éirinn a dhreapadh laistigh de thrí lá, éacht nach beag dar liom féin.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm