Grianghraf: S. Rae

Maítear gur tugadh an sprús Sitceach, an crann is fairsinge plandála sa tír, go hÉirinn go luath tar éis 1831, agus gur cuireadh i gContae Chill Mhantáin é. Tamall gairid roimhe sin a tháinig sé chun na hEorpa. Is dócha gur measadh gur crann andúchasach a bhí ann agus go mbainfí sásamh as a fheic.

Ó cheart, fásann sé ar thalamh íseal i ndeas don chósta taobh istigh de chrios caol ar chósta thiar thuaidh Thuaisceart Mheiriceá. Síneann an crios ó Alasca trí British Columbia, trí stáit Washington agus Oregon go California. Taobh istigh dá raon, bíonn sé ar fáil ar na hoileáin, i ngleannta aibhneacha agus cois an chósta.

Is crann maorga é an sprús Sitceach ina cheantar dúchas. Ligtear dó fás go mbíonn aois mhór aige. Tá béaloideas agus gnásanna ar leith ag baint leis an chrann ina raon aiceanta. Cha ligtear don chrann fás go mbeidh sé sean sa tír seo, de ghnáth, mar go bhfuil sé curtha le baint agus airgead a ghnóthú air. Mar thoradh ar thaighde, is é an bharúil atá ann gur crainn ó lár a raoin, ó chúige British Columbia agus stát Washington, is fearr a fhóireann d’aeráid na tíre seo.

Cuireann an sprús Sitceach fréamhacha gan stró agus fásfaidh sé ar chuid mhaith cineálacha talaimh. Is fearr leis talamh bog mianrach, ach fásann sé ar an chaorán fosta. Seasann sé go daingean in éadan na gaoithe, rud nach ndéanann an péine contórtach (Pinus contorta) a chuirtear ina chuideachta fá thithe in iarthar Thír Chonaill. Fásfaidh sé ar thalamh chomh hard le 450m.

Leis an phlandáil a bhíonn i gceist in Éirinn, táirgtear crainn ar an mhórchóir, agus baintear ar cuireadh ag am áirithe i gcuideachta. Tagann na crainn óga ó phlandlann. Is barr atá i gceist agus chan fhuil aon bhaint ag na crainn leis an fhásra aiceanta. Ar an mheán is fásré dhá scór bliain a bhíonn ag crainn bhuaircíneacha ach bheadh céad bliain i gceist le daracha.

Éilíonn an sprús Sitceach solas. Mar sin, cha bhfásann sé go láidir san áit a mbíonn scáth. De ghnáth, tógtar sconsa thart ar achar plandála. Meastar nach bhfaigheann an carria an blas céanna ar an sprús Sitceach agus a fhaigheann sé ar chineálacha eile péine. Ag siúl tríd an choill, bíonn sé furasta an damáiste a dhéanann an carria a aithint, ach cha bhíonn oiread sin den sprús Sitceach a mbíonn sraoill coirte bainte de inár dtír féin.

Cé nach crann dúchasach é an sprús Siteach, tá sé oiread ar bhonn dúchasach feasta go bhfásann sé ó phór. Má dhéantar a thanú, beidh na crainn atá fágtha láidir docht. Sna sprúis Shitceacha atá thart orainn, ní fhásann a dhath ar an talamh fúthu ach an dromchla clúdaithe leis na duilleoga bioracha agus na buaircíní. Úsáideann an carria rua sa lá iad le luí faoi a fhad agus nach mbíonn daoine thart timpeall.

Is beag éan a bhíonn le feiceáil iontu. I nGaoth Dobhair, anuraidh, thóg spioróg sead iontu, agus i mbliana ar an ochtú lá de na Faoilligh chuir dhá chorr mhóna tús le sead a thógáil agus sneachta ar an talamh. Is cosúil gur éirigh siad as an obair le linn tréimhse fhada gaoithe móra. Thug siad faoin obair arís i mí Mhárta, ach tháinig tréimhse eile gálaí agus d’éirigh siad as arís. Beidh le feiceáil an dtréigfidh siad an suíomh.

Dónn siocán mall san earrach, mar a bhí i mbliana, an fásra úr agus cuireann sin isteach ar an ráta forbartha. Cuireann eallach isteach air fosta agus sin an chúis leis na sconsaí thart ar na hionaid phlandála. As siocair go bhfóireann an aeráid s’againn don chrann, baineann éanacha áirithe, ainmhithe agus feithidí dúchasacha, feidhm as an choillle Shitceach mar ghnáthóg. Tá tábhacht leis an sprús Sitceach, i ngeall ar a ráta gasta fáis, le ceapadh carbóin. Gabhann crainn an dé-ocsaíd charbóin atá san aer agus stóráiltear sna duilleoga agus san adhmad é.

Luath sa dara leath den fhichiú haois bhí 28% de thalamh na Gearmáine faoi chrainn agus ag an am céanna is 4% den talamh in Éirinn a bhí amhlaidh. Bhisigh an scéal ó shin. De réir eolais ón bhliain 2011, bhí an Rúis ar an tír is mó crann ar domhan. Bhí leath na tíre clúdaithe (49.40%) le crainn. Bhí Ceanada sa dara háit, iontach deas don Rúis agus (49.24%) den tír faoi chrainn. Bhí Éire san 131ú háit ar an liosta ag 11.07%. Go fiú nuair is í an Eoraip go hiomlán atá i gceist is sa Rúis atá 81% de fhoraoiseacha na hEorpa. Ag bun an liosta tá Málta (0.1%), an Íoslainn (1.9%), agus sa tríú háit tá Éire le 10.9%.

Ó bhí 1980 ann, tá 110,00 heicteár sprús Sitceach curtha in Éirinn, agus is í an earnáil phríobháideach a chuir 75,000 heicteár díobh sin. Tairgeann coillte na hÉireann tuairim agus 1.4 milliún meadar3 lomán sprús Sitceach in agahaidh na bliana. Tugtar ‘crann an airgid’ mar leasainm ar an sprús Sitceach mar nach gcuirtear a mbunús ach ar mhaithe lena ndíol agus go bhfuil ardtáirgiúlacht ag baint leis. Gidh go bhfuil an t-adhmad éadrom, tá sé láidir. Baintear feidhm as sa tógáil, agus tugtar déil bhán air i ngeall ar a dhath. Úsáidtear é le haghaidh cuaillí do sconsaí, agus i ndéanamh pailléad. Chomh maith leis sin, úsáidtear é i ndéanamh an dualchláir, an tslischláir, agus an tsnáthchláir.

I mí na bhFaoilleach 2017, fógraíodh go raibh comhlacht Fionnlannach, Dasos Capital, le punann foraoiseachta ar fiú €112 milliún í a fhorbairt in Éirinn. Tá sé i gceist ag Dasos plandáil a dhéanamh ar 18,000 heicteár. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm ag an rialtas go mbeidh 17% de thalamh na tíre faoi chrainn. Is mór idir sin agus an 1.5% de thalamh an oileáin seo a bhí faoi chrainn ag tús na fichiú haoise.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm