Ar an 4 agus ar an 11 Iúil 2018, rith Dáil Éireann agus Seanad Éireann, faoi seach, bille a dhéanfaidh rudaí níos fusa d’fheirmeoirí na tíre agus a ardóidh sábháilteacht ar ár mbóithre – de réir na tuairime atá ag lucht molta an bhille. Ach cuirfidh an bille céanna tuilleadh brú agus déanfaidh sé tuilleadh dochair do dhúlra na tíre atá faoi ollbhagairt cheana féin, a deir lucht caomhnaithe an chomhshaoil.

An Bille Oidhreachta, 2016 an bille atá i gceist.

Go nuige seo, de réir an Achta um Fhiadhúlra, 1976, bhí cosc ar ghearradh agus ar bhaint na bhfálta ó 1 Márta go 31 Lúnasa gach bliain, agus i rith na tréimhse céanna bhí cosc ar adhaint fhalscaithe, .i. dó an fhásra sna cnoic agus sna sléibhte. Ba é ba chúis leis an ‘tséasúr dúnta’ seo ar na gníomhartha údaí cosaint a thabhairt do na héin agus iad ag neadú, agus cosaint a thabhairt do na bláthanna ar a mbíonn na feithidí – na beacha san áireamh – ag brath. Thugadh an tréimhse chosanta seo am don fhiabheatha síolrú gach bliain. Agus d’fhágadh sí, mar sin, sé mhí – ó Mheán Fómhair go Feabhra – ag an fheirmeoir le fálta agus le fásra na gcnoc a bhainistiú.

Bhí foráil ann, ámh, maidir leis an tsábháilteacht. Dá mba rud é go mbíodh ceist ann fá shábháilteacht ar na bóithre de dheasca caochadh radharc na dtiománaithe, d’fhéadtaí na fálta a ghearradh leis an tsábháilteacht a chinntiú. Ach beag beann ar an fhoráil um shábháilteacht san Acht um Fhiadhúlra, mar a bhí, bhí sábháilteacht ar na bóithre mar áitiú mór ag lucht molta an Bhille Oidhreachta seo.

Agus beag beann ar na sé mhí gach bliain a bhíodh ag na feirmeoirí leis na fálta agus na cnoic a bhainistiú, tabharfaidh an bille seo mí sa bhreis – mí an Mhárta – do na feirmeoirí le falscaithe a adhaint, agus tabharfaidh an bille mí eile gach bliain do na feirmeoirí leis na fálta a ghearradh agus a bhaint – mí Lúnasa.

Ach má thabharfar sochar don fheirmeoir ó thaobh ama de, cén dochar a thuillfear don dúlra?

Cuirtear “Mí na Mionbhach” ar mhí an Mhárta agus is ainmhithe óga iad na mionbhaigh seo. Seo mí ina dtosaíonn an crotach ar sheadachan, ina mbíonn éin bheaga eile ag neadaireacht is ag brobhaíl, agus ina mbíonn na beacha (fiáin agus clóite araon) go tréan ag cuardach ‘sú scotha’, .i. neachtar na mbláthanna lena n-athneartú i ndiaidh diangheimhridh. Seo mí ina dtagann na mionbhaigh ar an tsaol.

Is tréimhse thábhachtach eile den bhliain é tús an fhómhair – mí Lúnasa. Seo mí ina mbíonn an bhuíóg, an glasán darach agus an ghleoiseach go fóill ar an tsead is ag cothú na scalltán. Go deimhin, bíonn na héin seo go minic ag neadú anonn go dtí lár mhí Mheán an Fhómhair. Bíonn mí Lúnasa tábhachtach do na beacha agus do na feithidí eile chomh maith. Seo achar den bhliain nuair a bhíonn siad ag iarraidh go leor bia a chruinniú (i gcoirceog nó ina gcolainn) lena mbeathú féin thar an gheimhreadh atá rompu.

Tá an titim i líon na gcrotach in Éirinn os cionn 70% le 25 bhliain anuas. Tá an titim i líon na mbuíóg ar 90% le 15 bliana anuas. Tá trian dár 97 speiceas de bheacha fiáine i mbaol a ndíothaithe. Ní nach ionadh go bhfuil lucht caomhnaithe an chomhshaoil faoi lagmhisneach de dheasca an bhille nua seo. Tá siad i ndiaidh na blianta a chaitheamh ag stocaireacht in éadan an bhille. Ar an locht is mó a bhí acu, ní raibh eolaíocht ar bith curtha chun tosaigh ag lucht molta an bhille lena léiriú nach mbeidh dochar á dhéanamh don dúlra, sin agus gurbh lag na cúiseanna nach leor an 6 mhí sin sa bhliain leis an tuath a bhainistiú i dtaca le falscaithe agus le sábháilteacht bóithre – go háirithe le réamhphleanáil.

Táthar ann a deir gur mil é an bille seo do na feirmeoirí mar thoghthóirí sna toghcháin amach anseo.

Bhí sé spéisiúil gur cáineadh go minic sna díospóireachtaí ar an bhille an easpa tuisceana atá ag lucht na mbailte móra ar na feirmeoirí. Seans go bhfuil cuid den fhírinne ann. Ach sa lá atá inniu ann, tá a lán eolais ag an phobal mhór. Níl ach 8.6% sa Phoblacht ag obair in earnáil an agraibhia anois. Tá an talmhaíocht beo ar fhóirdheontais ó cháiníocóirí na tíre uilig. An mbeidh an láidreacht láimhe céanna ag stocairí na feirmeoireachta chomh cinnte sin amach anseo? Is léir go raibh, agus go bhfuil, roinnt mhaith daoine corraithe mar gheall ar an Bhille Oidhreachta agus nach gcreideann siad gur fiú olldochar don dúlra ar mhaithe le mionsochar don fheirmeoir.

An gcluinfear an crotach is an bhuíóg ag canadh:  “Agus och, och ó – cá huair a dhéanfad mo nead?

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm