An Radharc ó m’Fhuinneog (Birkenhead, Learpholl – 1992)

amhail dán a fhásann beagán

faoi bháisteach chiúin chaol

ón áit nach féidir le duine ar bith mé a fheiceáil

mé ag breathnú liom

Tuaim

na páistí go léir ar shlí na fírinne

ach maireann a gcuid caointe i ngrian an gheimhridh

tost ag titim ar a gcuid amhrán

An Nuacht ón mBaile

an geimhreadh a d’fhág an t-uaigneas seo ina dhiaidh

san áit a dtagann an dá abhainn le chéile

na crainn ar fad imithe

cé go bhfuil fréamhacha fós ann

uch – ní chodlaím i d’éagmais

An tSean-Áit

gan aon ní fágtha ann

aislingí nach n-aithníonn iad féin a thuilleadh

gathanna luí na gréine ag dul as

na héin i bhfolach i measc na mbláth

an cróntráth

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm