Cnuasach anseo de thuairiscí, pictiúir, cuimhní cinn is dánta faoi thimpiste uafásach Chois Fharraige i gConamara céad bliain ó shin, curtha le céile ag Lochlann Ó Tuairisc; maraíodh naonúr fear is ógánach nuair a phléasc mianach ar an chladach le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda; ag cuardach raice a bhí siad.

D’fhág an eachtra folús millteanach i saol is i gcúinsí na dteaghlach is na comharsanachta ansin ar feadh i bhfad.

Spéisiúil, freisin, an mionléiriú a rinneadh ar an Lochán Beag Thoir, an pobal is a ngarraí ansin. Is ar an iascaireacht is an raic a mhair na daoine ansin go mórmhór le linn na gcogaí domhanda.

Is cuimhin liom caint daichead bliain ó shin in Indreabhán faoi chorp d’fhear óg de chuid chabhlach Cheanada a caitheadh anuas ar an trá ansin aimsir an Dara Cogadh Domhanda.

Tá muintir cois fharraige eolach ar na tragóidí chomh maith leis na buntáistí a bhaineas léi.

Is féidir a rá gur gníomh le grá atá sa leabhar seo. Déantar aithris is athrá ar an tragóid mhór ó gach taobh de. Fíorshuimiúil na cuntais a thug na marthanóirí ar Raidió na Gaeltachta.

Leabhar cuimsitheach soléite ‘an Mianach’ ar theagmhas cinniúnach a mhairfidh i gcuimhne mhuintir Chonamara is na tíre máguaird go dtí an lá is faide anonn.

Molaim an saothar is an comhoibriú a bhain leis.

Gura fada buan iad.


An Mine le Lochlann Ó Tuairisc
Cló Iar-Chonnacht, €15.00

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm