Is é a chuir mé romham san alt seo amharc ar chúlra na ngearrscéalta in Éirinn agus ar mhodhanna éifeachtacha agus praiticiúla a chuirfidh le teagasc na ngearrscéalta agus iad anois ar shiollabas nua CCEA ag A2.

Le céad bliain anuas, is é an gearrscéal an fhoirm litríochta is flúirsí dá bhfuil ann i Litríocht na Gaeilge. D’fhás an traidisiún seo ón traidisiún béil agus ó thraidisiún an bhéaloidis. Mar a deir Williams agus Ní Mhuiríosa (1979: 355);

Is iad na seanscéalta béaloidis an chuid is fairsinge den taisce seo i nGaeilge, agus ní áibhéil a rá nach bhfuil aon tír eile san Eoraip a bhfuil díolaim scéalta chomh saibhir, chomh ilchineálach aici agus atá ag Éirinn.

Maíonn Ní Dhonnchadha (1981) go raibh dhá chineál saothar ann i dtaobh na ngearrscéalta; saothar na gcaomhnóirí agus saothar na gcumadóirí. Bhíodh na caomhnóirí ag soláthar ábhar a bhíodh ina chaitheamh aimsire ag an phobal agus iad ag caomhnú agus ag aithris na seanscéalta ar ócáidí sóisialta. Bhíodh na cumadóirí ag caitheamh a ndua is a ndúthracht le ceardaíocht na litríochta agus iad ar a ndícheall foirm nua litríochta a chruthú a bheadh oiriúnach don aois nua.

Ba é an díograiseoir teanga Pádraig Mac Piarais a d’aithin cumhacht an ghearrscéil agus a chaith a dhua ag iarraidh gearrscéalta a chumadh a dhéanfadh anailís ar charachtar agus ar intinn an duine seachas féachaint siar ar an tseansaol. Bhí seisean den bharúil gur cheart do scríbhneoirí na Gaeilge amharc chun tosaigh agus an fhoirm nua litríochta seo a fhorbairt chun an teanga agus mothúcháin na scríbhneoirí a chaomhnú, a chothú agus a chur chun cinn.

Bhí an Piarsach ag impí ar na Gaeil a mbuanna litríochta a leathnú amach chun foirmeacha na hEorpa a áireamh ina stíl scríbhneoireachta. Mar a scríobh sé in An Claidheamh Solais (1906: 7):

We would have our literature modern not only in the sense of freely borrowing every modern form which it does not possess and which it is capable of assimilating, but also in texture, tone and outlook. This is the twentieth century; and no literature can take root
in the twentieth century which is not of the twentieth century. 

Bhí sé ag iarraidh ar scríbhneoirí óga na laincisí a bhaint díobh féin agus dul i mbun na gearrscéalaíochta. Ar ndóigh, ba léir don Phiarsach nach dtiocfadh leat bheith ag dúil go bhfóirfeadh meon ná múnlaí na seanlitríochta do théamaí agus éilimh an fhichiú haois.

Mhol sé do na scríbhneoirí óga tabhairt faoin ghearrscéal mar chonacthas dó gurbh é seo foirm próis an fhichiú haois agus an fhoirm ab fhóirsteanaí do nuaphrós na Gaeilge. Thuig an Piarsach go gcaithfí beolitríocht a chur ar fáil le freastal ar riachtanais an aosa óig agus na ndaoine fásta agus nár leor feasta na seanscéalta béaloidis amháin.

Rinne an Piarsach beart de réir briathair agus scríobh sé féin a lán gearrscéalta don ré nua. Ba mhór aige stíl agus foirm na scríbhneoireachta agus tá moladh tuillte aige ó thaobh chur chun cinn theicníc chomhfhiosach na gearrscéalaíochta de.

Is minic a bhíonn trí chéim le tabhairt faoi deara ina chuid scéalta mar atá; an t-ullmhúchán don eachtra a bhainfidh an príomhcharachtar as a ghnáthchleachtadh, an eachtra féin agus an cor nua a chuireann an eachtra sin i saol na príomhphearsan nó an t-athrú a théann i bhfeidhm ar an phríomhphearsa de bharr na heachtra sin.

Caithfidh muid cuimhneamh air nach raibh aontacht, snoiteacht ná simplíocht shultmhar mar seo le sonrú i saothar aon ghearrscéalaí Gaeilge eile roimh an Phiarsach. Is follasach gur thaispeáin sé do scríbhneoirí eile go dtiocfadh le duine litríocht chruthaitheach a scríobh as Gaeilge.

Má amharcaimid ar an ghearrscéal ‘An Gadaí’ atá anois ar chlár staidéir scrúdú an A2 i gcomhthéacs na ngnéithe thuas, is léir gur lean an Piarsach a chomhairle féin sa ghearrscéal chéanna. Ullmhaíonn sé an léitheoir don eachtra atá ag dul a tharlú leis an chur síos a dhéanann sé ar na gasúir nó ar na malraigh atá ag filleadh abhaile i ndiaidh lá scoile. Tá na gasúir ag déanamh réidh le dul isteach i ngarraí an mháistir cionn is gur chuala siad go raibh ‘meacha an mháistir ag éirí’ nó go raibh na beacha ann ag déanamh meala.

Is spéisiúil tabhairt faoi deara go bhfuil tagairtí don nádúr síos fríd an ghearrscéal seo, ábhar ar léir ó na hiarsmaí i Scoil Éanna agus ó scríbhinní eile an Phiarsaigh, a raibh dúil mhór aige ann. Is spéisiúil fosta go bhfuil an scéal lonnaithe i Ros Muc in aice le Loch Eiliúrach, ceantar a raibh an-dúil ag an Phiarsach ann agus mar a raibh teach saoire aige ó 1909 ar aghaidh.

Thiocfadh leis an léitheoir an gearrscéal seo a shamhlú ag fiabhrú agus ag forbairt i gceann an scríbhneora agus an Piarsach ar cuairt ar Ros Muc. Is follasach nár cheart do na malraigh dul isteach sa gharraí nuair is gá d’Antaine Beag Ó Mainnín fanacht le focal an fhaire a thabhairt, ach ag an am céanna, ní shíltear mórán den eachtra chéanna.

Leis an chur síos uilig ar na cineálacha éagsúla crann agus ar an gharraí féin, tá an Piarsach ár n-ullmhú don eachtra a bhainfidh an príomhcharachtar as a ghnáthchleachtadh.

Is iad an bhábóg agus teach na bábóige a ligeann Antaine Beag i gcathú agus a bhaineann as a ghnáthchleachtadh é nuair a shánn sé an bhábóg isteach faoina chasóg agus as go brách leis. Goideann sé an bhábóg agus, ar ndóigh, tá teideal an ghearrscéil againn dá bharr.

Is é an tríú gné a luann an Piarsach féin ná an cor a chuirfidh an eachtra seo i saol na príomhphearsan. Téann an eachtra nó an ghadaíocht seo go mór i bhfeidhm ar Antaine Beag agus cuirtear cor ina shaol. Bíonn a chuid mothúchán bunoscionn ar feadh tamaill de bharr na heachtra.

Tagann ionadh, áthas, náire, paranóia agus eagla air ach spéisiúil go leor, ní thagann aiféala air in am ar bith. Cé go ndéarfaí gur drochghníomh é an ghadaíocht, cuireann an léitheoir an cheist air féin an drochghníomh é sa chás seo agus ar chóir go dtiocfadh aiféala ar Antaine mar gheall ar an ghníomh?

Ní ar mhaithe leis féin a rinne sé an gníomh ach ar leas a dheirféar agus is é seo croí na ceiste a chuireann an Piarsach orainn sa ghearrscéal seo. An drochghníomh nó dea-ghníomh é? Mar a mhaíonn Ó Faoileáin (1948:200):

I think it is safe to say that unless a story makes this subtle comment on human
nature, on the permanent relationships between people, their variety, their expectedness, and their unexpectedness, it is not a short-story in the modern sense. 

Ar ndóigh, bhí an Piarsach ag iarraidh go dtarraingeofaí litríocht na Gaeilge isteach san fhichiú haois agus bhí sé ag iarraidh ceisteanna moráltachta a thógáil agus cur síos a dhéanamh ar nádúr daonna agus ar mhothúcháin an duine aonair. Éiríonn go geal leis an Phiarsach mothúcháin an duine óig a léiriú tríd an charachtar Antaine Beag sa ghearrscéal seo agus é a léiriú trí shúile an duine óig. Mar atá scríofa ag Williams agus Ní Mhuiríosa
(1979: 363):

Is follas ó ghearrscéalta an Phiarsaigh gur fhan cuid mhór de mheon agus d’fhís an linbh ann; ba gheal leis go háirithe intinn an linbh agus an duine shimplí neamhurchóidigh a léiriú. 

Is léir, fosta, ó ghearrscéalta an Phiarsaigh go raibh grá aige do pháistí na Gaeltachta agus don saol soineanta a chaith siad.  Scríobh sé féin in An Claidheamh Solais, (1907):

Consider the Irish-speaking child. He is the fairest thing that springs up from the soil of Ireland – more beautiful that any flower . . . wiser than any seer.

Is é a dhála céanna le hAntaine é sa ghearrscéal seo. Cruthaíonn an Piarsach carachtar a mbeidh dúil ag an léitheoir ann agus trua aige dó. Méadaítear ar chruachás an ghasúir óig nuair a théann sé ar Aifreann agus nuair a labhraíonn an sagart ar a seachtú haithne.

Is spéisiúil go bhfuil an smaoineamh go gcuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín luaite seacht n-uaire síos tríd an ghearrscéal agus má rinne an Piarsach amhlaidh d’aon turas, shílfeá go raibh sé féin ag insint dúinne cén taobh ar a bhfuil seisean ar an cheist mhorálta seo agus go raibh Antaine cróga nuair a ghoid sé an bhábóg. De réir O’Leary (1994:126) agus é ag tagairt don ghearrscéal Bairbre:

Pearse links such courage with an unquestioned sense of duty, an extraordinary capacity for endurance, a serene acceptance of self-sacrifice, although even in the most idealized
world it is hard to swallow the heroic action of a homemade Gaeltacht doll that throws itself to its destruction to save the life of the little girl who has spurned it for a fancy store- bought product.

Thiocfadh linn an rud céanna a rá faoin bhábóg in ‘An Gadaí’ – cad é mar is féidir le bábóg biseach a chur ar Eibhlín.  Maíonn O’Leary (1994) go raibh na carachtair seo a chruthaigh an Piarsach ina ghearrscéalta ina n-eiseamláirí agus an tslat a d’úsáidfeadh sé le fíormhuintir na hÉireann a thomhas.

Ar an dóigh chéanna sa ghearrscéal seo, cuireann an Piarsach an léitheoir ag smaoineamh ar cheist na gadaíochta agus is féidir a rá gur éirigh leis a sprioc a bhaint amach mar sin. Mar a mhaíonn Mac Grianna (1936:29):

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, is cosúla scéal gairid le dán filíochta ná le cruth ar bith eile litríochta. Bogann sé an croí agus an intinn ar an dóigh chéanna a mbogann
dán iad. Dálta an dáin, níl bun cleite nó barr cleite isteach ann. Nuair atá sé léite agat, ba chóir duit a bheith ag machnamh go domhain tostach, agus do chroí a bheith ag insint duit gur iontach an rud an saol. 

Ní mór don léitheoir taobh éigin a ghlacadh sa ghearrscéal seo – aontú leis an Phiarsach go raibh leithscéal ag Antaine Beag Ó Mainnín nó an ghadaíocht a chur ina leith agus a rá gur gadaí é an gasúr óg.

Ar ndóigh, is é Antaine príomhcharachtar an ghearrscéil seo agus níl na mioncharachtair eile ann ach le solas a chaitheamh air. Is iad Eibhlín agus Neans Bheag na carachtair eile sa ghearrscéal a chuireann craiceann air agus a insíonn rudaí dúinn faoi Antaine. Maíonn Ó
Faoileáin (1976:52):

… The limits of the Short Story are apparent. It may not wander far: it has to keep close to it’s basepoint, within the bounds of place time and character; it will only carry a few characters, three at least, at best not more than three; there is not time, or space, for
elaborate characterization – we are flying a kite not a passenger-balloon or an aeroplane…

Is léir go raibh a leithéid d’fhoirmle in úsáid ag an Phiarsach agus é ag cloí le líon na gcarachtar agus le foirmle ghonta an ghearrscéil. D’éirigh leis bearna a líonadh agus teoiric a chruthú maidir leis an ghearrscéal. D’éirigh leis fosta scéalta a chumadh agus litríocht sholéite a chur ar fáil.

Ag an phointe seo molaim do léitheoir an ailt seo na nótaí cuimsitheacha atá ag Mac Labhraí (2012) in Anam na Teanga a léamh le tuilleadh eolais a fháil ar an ghearrscéal féin. Beidh mé féin ag díriú m’airde an mhí seo chugainn, áfach, ar dhóigheanna praiticiúla leis an ghearrscéal ‘An Gadaí’ a theagasc.

Ar lean an mhí seo chugainn

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm