Má tá Feidhmeannas le bheith ann ó Thuaidh, caithfidh Acht Gaeilge de shaghas éigin a bheith ann. Ós rud é gurb é an Tuaisceart atá i gceist, beidh débhrí chruthaitheach ag baint leis. Deimhneoidh Sinn Féin gur Acht Gaeilge é: deimhneoidh an DUP nach amhlaidh in aon chor.

Agus seo á scríobh, níl Feidhmeannas ann go fóill. Dá ainneoin sin, is léir gur láidre an seans ná le tamall maith go bhfuil Sinn Féin agus an DUP réidh le teacht ar réiteach.

Mar chuid den réiteach, beidh cosaint reachtúil chuig pointe éigin ag an Ghaeilge. Tá, anois, an tacaíocht pholaitiúil is láidre ag a leithéidí ó bunaíodh Stát an Tuaiscirt. Is ceist thábhachtach ag an phobal Náisiúnach é, beart nach raibh amhlaidh roimhe.

Dar le Sinn Féin gur ‘líne dhearg’ í seo, le go mbeadh Feidhmeannas ann. Tugann an SDLP tacaíocht don seasamh céanna, cé gur lú an tábhacht atá leis.

Ag an am céanna, tá seo ag tarlú agus gan an neart céanna ag an Ghaeilge sa Tionól agus a bhí. (Glacaim leis nach mbeidh toghchán eile ann sula mbunófar Feidhmeannas).

Níl oiread Gaeilgeoirí ann agus a bhíodh, go háirithe oiread Gaeilgeoirí a bhfuil tuigbheáil acu ar cheisteanna Gaeilge.

Bhí Barra Mac Giolla Dhuibh ar an duine deireanach orthu seo a d’imigh. D’éirigh sé as an Tionól anuraidh, nuair a toghadh go Westminster é: ní gá pilleadh ar an chonspóid a thug air éirí as an pholaitíocht.

Ba léir, le tamall roimhe, nach raibh seisean nó Sinn Féin iomlán ar a gcompord lena chéile.

Is Gaeilgeoir é, atá breá sásta Gaeilge a labhairt. Níos tábhachtaí, bhí sé ceithre bliana ina Chathaoirleach ar Choiste na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tionól.

Dar leis an SDLP agus na hAontachtaithe, bhí sé ar an Chathaoirleach Coiste ab éifeachtaí ag Sinn Féin. Bhí tuigbheáil aige ar cheisteanna a bhain leis an Roinn. Rud nach mbeadh go leor ag dúil leis, agus an dóigh ar imigh sé ón pholaitíocht: mheall sé na hAontachtaithe ar an Choiste.

Nuair a fuair Sinn Féin an Aireacht i 2011, bhí go leor den bharúil gurb eisean a bheadh mar Aire. Ní sin a tharla: thug Sinn Féin sin do Charál Ní Chuilinn.

Go dtí sin, ní raibh sí i measc na nGaeilgeoirí aitheanta sa Tionól. Aithníodh go raibh sí idir chumasach agus chúramach.

Mar sin féin, aithníodh go mbeadh sé ina bhuntaiste aici duine le taithí óna páirtí féin, leithéid Bharra Mhic Giolla Dhuibh, a bheith ar an Choiste lena cosaint dá mba ghá.

Níor míníodh go sásúil go dtí seo cad chuige nár fhan Mac Giolla Dhuibh ar Choiste na Roinne. Cheap Sinn Féin é ar Choiste na Roinne Fostaíochta agus Foghlama. Bhí comhaltaí ó pháirtithe eile den bharúil gur minic cuma mhí-shásta ó shin air.

D’imigh Gaeilgeoirí aitheanta eile ó ghrúpa Shinn Féin sa Tionól. Níl Gerry Adams ar bhlas an uile dhuine, ach cibé rud a deirtear faoi, aithnítear go raibh Gaeilge aige, é sásta í a labhairt, agus tuigbheáil aige ar cheist na teanga.

D’éirigh seisean as an Tionól i 2011, gur aistrigh ó dheas. Cinnte, bhí Martin McGuinness báúil don Ghaeilge, ach ní raibh Gaeilge aige. Ní fios cé chomh lárnach agus a bhí an Ghaeilge san fhís aige.

Bhí Caitríona Ruane 14 bliana sa Tionól, agus ceithre bliana ina hAire Oideachais. Bhí sí breá sásta Gaeilge a labhairt, agus Gaeilge mhaith aici. D’éirigh sí as an Tionól anuraidh.

Ní raibh an phróifíl chéanna ag Rosie McCorley, ar Gaeilgeoir dúthrachtach í. Bhí sí ceithre bliana ina hionadaí ag Béal Feirste Thiar. Chaill sí a suíochán nuair a toghadh Gerry Carroll i 2016. Tá siad ann a deir gur chaill sí an suíochán mar gur bean í nár bhrúigh í féin chun tosaigh.

Tá, ar fad, Gaeilgeoirí i Sinn Féin sa Tionól. Is é Máirtín Ó Muilleoir an duine is aitheanta orthu. Tá, leis, Gaeilge ag Conor Murphy, iar-Aire agus fear nach luaitear go minic leis an teanga. Tá daoine ann a deir go bhfuil Gaeilge ag Gerry Kelly, ach ní raibh mé ábalta sin a dheimhniú.

Cuirim fáilte roimh cheartú má d’fhág mé ainm ar bith ar lár.

Tá, leis, laghdú ar sheasamh na Gaeilge san SDLP. Nuair a cuireadh an Tionól ar bun scór bliain ó shin, bhí Bríd Rodgers ar dhuine de cheannairí an SDLP. Bhí sí ar an chéad Aire Talmhaíochta san Fheidhmeannas, agus trí bliana mar leascheannaire ar an pháirtí. B’as Gaoth Dobhair di, Gaeilge ón chliabhán aici, agus gan aon leisce uirthi í a labhairt.

In am amháin, bhí Dominic Ó Brolcháin, Patsy McGlone agus Pól Callaghan triúr ann. D’éirigh Ó Brolcháin as an Tionól anuraidh. Labhair sé Gaeilge nuair a bhíodh an seans aige, agus antuigbheáil aige ar cheisteanna a bhain leis an Ghaeilge.

Is amhlaidh do McGlone. Ní raibh O’Callaghan ach bliain sa Tionól, gan seans aige dul i bhfeidhm sular chaill sé an suíochán.

Seans go mbeidh casadh eile sa scéal. Más rud é go bhfuil Tionól nua le bheith ann, tá cuid mhór cainte gur McGlone a bheidh ina Cheann Comhairle.

Fágfaidh sin nach mbeidh tionchar aige ar chúrsaí reachtaíochta, nó ní bheidh sé ar Choiste Roinne ar bith. Seans maith, ar ndóigh, go mbainfeadh sé úsáid as an phost chun Gaeilge a labhairt.

Más rud é gur fágadh an Ghaeilge níos laige sa Tionól, buaileadh buille trom ar naimhde na Gaeilge anuraidh. Chaill Nelson McCausland a shuíochán i mBéal Feirste Thuaidh.

B’idé-eolaí críochnaithe den eite dheis ba choimeádaí é. Is fear cumasach é, gur bhain úsáid as go leor den chumas sin in éadan na Gaeilge.

Tá athrú suimiúil béime ó Gregory ‘curry my yoghurt’ Campbell, fear a gheall dá pháirtí ceithre bliana ó shin nach mbeadh Acht Gaeilge ann choíche.

Dúirt sé leis an Newsletter: “Whatever anyone wants to discuss and agree can be discussed and agreed after we establish an Executive.”

Ní raibh, riamh, aon scaifte mór cairde ag an Ghaeilge i measc na bpáirtithe Aontachtacha sa Tionól. Is lú a líon anois.

Bhí rud éigin Gaeilge ag Ian Adamson, Aontachtaí Ultach. Tá suim sa Ghaeilge ag cuid de mhuintir Michael McGimpsey, Aontachtaí Ultach.

Níor shéan Sammy Douglas ón DUP riamh tuairiscí ar nuachtáin go raibh Gaeilge aige, cé nach dtig liom sin a dheimhniú – ná a bhréagnú. Tá an triúr ar shiúl anois cibé.

Le roinnt blianta anuas, faightear corrdhuine ón DUP ag foghlaim Gaeilge – gan cogadh dearg a bheith sa DUP.

Ar ndóigh, bíonn an Gaeilgeoir aitheanta Ciarán Ó Coigligh ag stocaireacht don DUP. Tá sé go láidir in éadan Achta Gaeilge. Ach labhraíonn sé go daingean, agus amanna go binbeach ar chúrsaí morálta, an pósadh comhghnéis ina measc. Mar sin, ní fios an ar leas an DUP an bhaint le Ó Coigligh.

SCAIP
SiarAn gearrscéal gníomhach – Cuid 1
Ar aghaidhAn deamhan beag fola – Cuid 2
Anton Mac Cába
Is iriseoir as an Ómaigh é Anton Mac Cába. Tá sé ag scríobh ar An tUltach le dosaen éigin bliain agus foilsíodh a leabhar 'The House that Disappeared on Tory Island' in 2012. Nuair nach mbíonn sé ag fiosrú scéalta, bíonn sé gafa le cúrsaí ceardchumainn agus is breá leis bheith ag léamh agus ag cócaráil.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm