In ómós: Barney agus Spideog

Tá crith i mo lámh le fuacht an lae agus sioc i mo shúile gléigeal’
Na calóga sneachta ag leá ar mo ghruaig; spideog ar an fhuinneog sin thall
Tá mo thrua ag sileadh amach as mo chroí, dath fola ar a bhrollach beag dearg
Is bogann sé giota le séideadh na gaoithe, ag stánadh go brónach, mo mhairg!

Ní thuigeann sé cruachás an gheimhridh go fóill, an talamh sin crua, mar iarann
Is an lochán beag uisce ‘tá reoite is lonrach, nach scaoilfidh a rún ach le grian
Níl teacht ag an spideog ar bhéile trí chúrsa; fíodóir, féileacán, feithid
Ná neaidín beag teolaí ar fhoscadh na gcrann, ní thiocfaidh sé riamh ar a leithéid.

Is stánaim ar ais air trí radharc atá geamhach, mo shúile ag líonadh le deora
ag smaoineamh ar sheanfhear a bhásaigh anuraidh ag siopaí an Chreagáin i nDoire
Dúradh gur shíl siad nach raibh sé ach ólta, ina luí ar a chóta san fhuacht
Duine indiúscartha, dar leis an tsochaí, ní fiú é a chur ar an nuacht.

Is cuireann an spideog seo ‘Barney’ i gcuimhne, fear bocht gan aithne; marbh faoin aer.
Domhan mór ag déanamh neamhaird ar a shaolsa; é imithe. Múchta mar choinneal gan chéir.
Scríobhaim in ómós do dhaoine sa chúlra, iad siúd ar a mbíonn do chuimhní cinn garbh,
is scríobhaim in ómós don spideog bheag chroíúil. É reoite is gleoite, ina sheasamh, ach marbh

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm