Ba é Seán Mac Leastar (Lester) an tArd-Rúnaí deireanach a bhí ar Chonradh na Náisiún.

Ina óige, ba bhall é den IRB agus, suimiúil go maith, d’fhreastail sé ar Scoil na Naomh Uile ar Bhóthar na hOllscoile i mBéal Feirste cúpla rang chun tosaigh ar dhuine eile a bhí le bheith sa Bhráithreachas fosta, mar a bhí, Alf Cotton.

Spreagadh spéis Lester sa Ghaeilge ‘when he first heard Irish being spoken in Belfast.’ Thóg sin chuig Craobh Thír na nÓg de Chonradh na Gaeilge é, mar ar cuireadh ionadh air nárbh é an t-aon Phrotastúnach.

Ina measc roimhe, mar a deir Valerie Jones, sa leabhar Rebel Prods: The Forgotten Story of Protestant Radical Nationalists and the 1916 Rising, (Ashfield, BÁC, 2016), bhí ‘Bulmer Hobson, Seán Best, Jimmy Snoddy and Alf Cotton’.

Bhí sé d’ádh orm bualadh le beirt acu sin agus mé i mbun taighde fadó, fadó, fadó, mar a bhí, Hobson agus Cotton.

Duine de na húdair ba spéisiúla – agus ba chuidithí – ab ea é Hobson. Bhí a fhios aige go raibh léamh aige ar 1916 nár réitigh mé leis ach níor staon sé cabhair ná eolas ná iomlánú nuair ba ghá riamh.

Níor dhiúltaigh sé mé riamh, a fhad is a bhí mé in ann a sheiceáil nár inis sé bréag riamh dom, mar a rinne, abair, Earnán de Blaghd, Risteard Ó Maolchatha agus Liam T Mac Cosgair.

Dhiúltaigh Piaras Béaslaí cabhrú liom agus iadh cáipéisí tábhachtacha orm ar chonradh Mhíchíl Uí Thighearnaigh agus é ina Uachtarán ar UCD.

Ar an duine ba thaitneamhaí díobh sin uilig ar chas mé leo na blianta sin, ba é Alf Cotton. I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath a raibh cónaí air na blianta sin (fuair sé bás 1968). Bhí sé dochreidte spéisiúil ina mheon agus ina chuid gníomhartha. Mhothaigh mé gurbh í an Ghaeilge ba mhó a thiomáin é.

Saolaíodh mar bhall de na Plymouth Brethern é ach fuair sé nead chuí dó féin in Eaglais na hÉireann. Sílim gur dhúirt sé liom go raibh sé ar lucht bunaithe Chumann Gaeilge Eaglais na hÉireann – ní raibh mé ag glacadh nótaí an oíche sin! –ach bhí sé ar an choiste sna tríochaidí agus i 1936 mar chomhrúnaí (onórach) air.

Nuair a d’ionsaigh an Canónach Nesbitt Harvey polasaí an rialtais ó dheas i leith na Gaeilge, d’fhreagair Cotton é go láidir ag cruinnithe Sheanaid na nDeoisí (Baile Átha Cliath, Gleann dá Loch agus Cill Dara) agus ar cholúin litreacha an Irish Times. Chuaigh sé chomh fada is a mhaíomh:

The preservation of the national language is more important to the existence of the nation than its political independence which can be lost in one generation and repaired in another.

Agus ní beag sin de ráiteas ó fhear a bhí lárnach do phleanáil an Éirí Amach de réigiún Chiarraí. Bhí na hÓglaigh láidir i gCiarraí, a bhuíochas sin cuid mhaith don stair leanúnach (earcú, druileáil, traenáil, oiliúint) a bhí ar bun sa dúiche sin ag de Blaghd, Desmond Fitzgerald agus ‘a man called Cotton’ (de réir an RIC), gníomhaíocht as ar briseadh as a phost é sa Státseirbhís i 1915.

Bhí sé lárnach sa phleanáil ar onnmhairiú na ngunnaí ón Ghearmáin agus a ndáileadh ach go dtiocfadh siad. Fiú agus é ar a choimeád tréimhse an Éirí Amach, rinne sé iarracht dul a fhad le Ciarraí.

Gabhadh é, ar ball, agus nuair a scaoileadh na príosúnaigh saor, d’fhill sé ar Bhéal Feirste mar ar pósadh é i 1918.

Thart ar an am sin, bhí sé fostaithe le comhlacht innealtóireachta (fá na dugaí, sílim) mar a mbíodh sé ag ceol (guth maith aige) na mbailéad náisiúnach tráthanna sosa am lóin is mar sin. De dhealramh, ghlac na fostaithe eile leis gur ‘phápaire’ é, go dtí lá amháin gur tugadh faoi deara gur ceapaire liamháis a bhí á ithe aige.

Tuige tusa ag ithe feda, arsa duine acu leis (Aoine a bhí ann). Mar gur mhaith liom é, is dócha gur dúirt sé. Ach nach pápaire tú, ar siad. Cé a thug an tuairim sin duit, ar sé. Nach mbíonn tú de shíor ag canadh papish songs. Ní bhíonn, ar sé, ach bailéid phoblachtánacha.

Cuma, ar siad leis, nó táthar ag teacht ón chlós uachtarach inniu chun tú a shórtáil amach. Cé atá, a d’fhiosraigh sé. Ainmníodh ceannaire so-aitheanta. Agus cé a bheidh leis? Beidh ceathrar, ba dhóigh leo.

Tá sin ceart go leor ar sé: déanfaidh mé cúram de bheirt (traenáil dornálaí aige) agus déanfaidh mo chara cúram den triúr eile.

An cheist a léim – cé hé do chara?

É seo, ar sé, is thug gunnán beag as a phóca.

Mar a tharla, bhí a fhios agam cad dó a raibh sé ag tagairt nó bhí mé ag iarraidh sampla den ghunna Éireannach (Feirsteach) a chinntiú do na bailiúcháin san Ard-Mhúsaem ag an am.

Seans gur de bharr mo chuid eolais go raibh sé ar a chompord ag labhairt liom.

Ach má thóg sé an svae leis an lá sin, rinneadh bagairt eile air agus dúradh lena ghaolta go marófaí é dá bhfanfadh sé i mBéal Feirste. Chuaigh sé lena chlann a thógáil go Glaschú mar ar mhair sé tamall de bhlianta.

Fuair sé post, ar ball, i státseirbhís an tSaorstáit sula ndeachaigh sé ar phinsean i 1955. Sílim gur iarr sé orthu an t-am a chaith sé mar sheirbhíseach stáit faoin choróin, sular briseadh i 1915 é, a bheith curtha san áireamh. Ní mé ar éirigh leis?

Sílim gur éirigh ach tá cnuasach a bhaineann leis i bpáipéir Risteáird Uí Ghlaisne in TCD. Bhí Risteárd ag dúil le deis a bheathaisnéis a scríobh.

Ach nach deas mar chríoch pér bith an giota seo as Rebel Prods (nár léigh sibh fós é?): ‘In the 1970’s his grand-daughter sent her children to a Gaelscoil.’

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm