Nótaí léirmheasa don Ardleibhéal le Gréagóir Ó Dúill

Dán beag simplí é seo.
Labhraíonn an file go díreach leis an Mhaighdean Bheannaithe. Ní ag guí atá sé, ní ag paidreoireacht le Máthair Mhic Dé. Ach a mhalairt. Is ag plé a cáis léi atá an file, ag tairiscint cuidiú di, ag ofráil bealach di amach as an ghuais ina bhfuil sí.

An ghuais sin, a deir an Direánach, ná nach bhfuil aon réiteach aici ar an easpa dídine atá uirthi, ní féidir léi tearmann ná foscadh ar bith a chinntiú don Leanbh Naofa a shaolófar anois gan mhoill.

De réir an tsoiscéil, ba bheag an fháilte a cuireadh roimh an Leanbh agus a mháthair, tráth na breithe i mBeithil. Ach is measa an scéal anois, a deir an file, nó ní hé an gnáthdhoicheall atá rompu.

Ní chuirtear ó dhoras iad cheal fairsinge. Nimh is measa ná sin, fuath is uabhar an chine dhaonna.  Cuireann an file dáta lena dhán, Nollaig 1942, dáta a fhreagraíonn gairid go leor do chríoch léigear Stalingrad, ceann de na feachtais ba mheasa sa Dara Cogadh Domhanda.

Bhí an fuath agus an t-uabhar as a choiteann fíochmhar barbartha an aimsir sin, agus
fadhb na Máthar níos measa dá réir, gach doras dúnta docht in aghaidh an Linbh, in aghaidh na síochána agus an ghrá. Bhí an file thart ar 32 bliain d’aois.

Ach tá moladh le déanamh ag an fhile. Tugann sé féin cuireadh (cuireadh uaimse a deir sé) do Mhuire teacht agus dídean a lorg ar oileán mara/San iarthar chianda, áit a mbeidh fáilte
thraidisiúnta roimpi.

Labhraíonn sé thar ceann an oileáin agus phobal an oileáin. Beidh coinneal lasta i ngach fuinneog, a deir sé, mar chomhartha fáilte agus beidh tine mhaith mhóna thíos leis an Leanbh agus a Mháthair a dhéanamh compordach.

Ná bacadh siad le háit ar bith eile, cuardaíodh siad an tsíocháin, an tsimplíocht san iarthar chianda agus bhéarfar foscadh dóibh. An t-oileán mara seo, is Inis Mór Árann – agus is Éire.

Dhá véarsa ocht líne atá sa dán, agus codarsnacht shoiléir idir eatarthu: fadhb Mhuire sa chéad cheann, agus í gan chuidiú gan chomhluadar – féach nach luaitear Seosamh sa dán ar chor ar bith.

Agus ansin sa dara véarsa tá an pobal uilig ag fearadh fáilte roimpi agus roimh an leanbh.
Doras dúnta an tsamhail sa chéad véarsa, fuinneog lasta sa dara véarsa. Agus críochnaítear leis an íomhá de chroí an teaghlaigh, an teallach adhainte.

Tabhair faoi deara fosta gur ceist atá sa chéad véarsa – An eol duit, ach is freagra, is tairiscint an dara véarsa agus ní thar ceann an fhile amháin, ach thar ceann an phobail uilig – Deonaigh glacadh . . . Seo an file ag labhairt thar ceann a phobail.

SCAIP
SiarScéal a Mhairfeas i bhFad
Ar aghaidhAr an Lá Seo: Feabhra
Gréagóir Ó Dúill
File gradamach, léannta é Gréagóir Ó Dúill a tógadh ar an Chionn Bhán i gContae Aontroma agus a roinneann a chuid ama anois idir Baile Átha Cliath agus Gort an Choirce. Tá scríbhneoireacht chruthaitheach agus acadúil araon tagtha óna pheann. Tá deich gcnuasach filíochta Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla, aistriúcháin agus gearrscéalta ar an tsaothar atá foilsithe aige. Scríobh sé beathaisnéis Samuel Ferguson agus is é a chuir an díolaim Fearann Pinn i dtoll a chéile.

Cuir do thrácht

Scríobh trácht
Ainm